TUAIRISC Ó LONDAIN le CATHAL MAC COILLE: Níl an léargas go maith, ar cheachtar taobh de Mhuir Éireann

Múineann gá seift ach i gcás Theresa May bhí fuar ag an tseift nach raibh aon ghá leis

TUAIRISC Ó LONDAIN le CATHAL MAC COILLE: Níl an léargas go maith, ar cheachtar taobh de Mhuir Éireann

Thuill rogha a rinne bean amháin sa Bhreatain ardmholadh. Íocfaidh an bhean eile go daor as an rogha pholaitiúil a rinne sí.

Rinne Charlie an rogha cheart nuair a rith an chéad duine thar tairseach isteach sa King’s Arms.

Tháinig slua faiteach sna sála air, iad go léir ag teitheadh ó na hionsaitheoirí gan trócaire a mharaigh ochtar agus a leag nó a sháigh breis agus leathchéad duine.

“Bhí an beár agus na seomraí thuas staighre plódaithe go maith faoin am ar tháinig na póilíní,” a dúirt Charlie le Tuairisc.ie

“D’ordaigh siad dúinn an doras a dhúnadh, ar fhaitíos go sroichfeadh na sceimhlitheoirí an áit.”

Níor shroich, toisc gur chuir póilíní eile chun báis iad. Ach níor fhill na póilíní ar an King’s Arms go ceann dhá uair an chloig chun a rá le Charlie go raibh an ceantar sábháilte agus go bhféadfaí an doras a oscailt.

Tá carn bláthanna ag coirnéal na sráide in aice leis an teach tábhairne. Cártaí comhbhróin ar chuid acu.

Dearbhú na neamhghéilliúlachta ar chártaí eile.

Sampla spreagúil amháin, gan ainm:

‘We will die dancing, drinking, laughing and loving one another before we give in and live on our knees.’

Múineann géarghá stuaim go minic. Ach tá ardmholadh tuillte mar sin féin ag crógacht agus ag cineáltas Charlie agus na céadta eile a ghníomhaigh le linn an uafáis.

Faraor, ní léirítear stuaim ná cineáltas go minic ach amháin nuair a bhíonn géarghá i gceist.

Mar a léiríonn cás Phríomh-Aire na Breataine Theresa May. 

Dúirt sí arís agus arís eile le linn fheachtas an olltoghcháin a d’fhógair sí gan choinne go neartódh móramh láidir a cás san idirbheartaíocht faoi Bhreatimeacht. I bhfírinne?  

Ba leor an móramh a bhí aici roimh an olltoghchán chun margadh a phlé leis an AE.  

Nuair a thosaíonn comhráite, ní thugann ceachtar taobh aird ar thacaíocht pharlaiminteach an té atá ar an taobh eile den bhord.

Is é sin, mura bhfuil a dtacaíocht i mbaol. Bhí Theresa May slán sular fhógair sí toghchán. Níl sí slán in aon chor anois.

Neosfaidh an aimsir tionchar an tsocraithe atá á phlé ag a páirtí leis an DUP agus an colún seo á scríobh, ar chúrsaí Thuaisceart Éireann.  Ní cóir dea-thionchar a chur as an áireamh, ach tá an dainséar soiléir. Is deacair a bheith dóchasach go ndéileálfaidh rialtas i Londain le hionadaithe an dá phobal i dTuaisceart Éireann agus an rialtas sin ag brath go hiomlán ar vótaí parlaiminte ó thaobh amháin.

Cibé rath a bheidh ar an socrú leis an DUP, tá sé ionann agus cinnte go bhfuil deireadh ré ag teannadh ar Theresa May. Chuir sí a rialtas i ngeall ar thoradh toghcháin gan ghá.

Níl ar a cumas anois ach rialtas níos laige a chur ar bun.

Níl ach praghas amháin a íocann ceannairí tar éis tubaiste dá leithéid, luath nó mall.

Mura mbeadh na comhráite faoin mBreatimeacht roimpi, bheadh Theresa May i sáinn ar an toirt.

Ise amháin a rinne an cinneadh toghchán nach raibh gá leis a fhógairt. 

Ise amháin a dhiúltaigh páirt a ghlacadh in aon díospóireacht toghcháin, ainneoin í a bheith á moladh féin mar cheannaire láidir.  

Ise thar aon chomhalta eile de rialtas na Breataine a rinne síor-athrá ar mhana (‘strong and stable leadership’) nach féidir léi a chomhlíonadh anois.

Tá ceacht le foghlaim ag ceannairí i ngach tír dhaonlathach ó thoradh éiginnte an toghcháin. Chuir Theresa May béim ar an gcontúirt a bheadh ag bagairt, dar léi, mura vótálfaí i bhfabhar a rialtais.

Díreach mar a chuir David Cameron béim níos mó anuraidh ar an dochar a dhéanfadh an Breatimeacht seachas ar an sochar a bhain le ballraíocht san Aontas Eorpach.

An ceacht? Is mó aird a thugann vótóirí de ghnáth ar chás agus ar fheachtas dearfach ná a mhalairt. 

Ní léir fós cén dochar a dhéanfaidh toradh éiginnte an olltoghcháin do chur chun cinn leas na tíre sna comhráite faoin mBreatimeacht. Ach ta dhá fhadhb ag dul i dtreise i gcónaí: (1) easpa soiléireachta maidir le sonraí an tsocraithe a iarrfar, agus (2) easpa ama. 

Cíbe margadh a dhéanfar, nó nach ndéanfar, idir ionadaithe an AE agus na Ríochta Aontaithe, beidh an tír lasmuigh den Aontas ar an 29 Márta 2019.

Taobh amuigh den Bhreatimeacht, tá an príomh-ábhar imní in Éirinn thar a bheith soiléir.

Tá lagrialtas i mBaile Átha Cliath le bliain. Tá lag-rialtas eile á bhunú i Londain anois. Rialtas a bheidh ag brath ar vótaí an DUP, nó ‘ár gcairde’ mar a thug Theresa May orthu Dé hAoine.  

Níl an léargas go maith, ar cheachtar taobh de Mhuir Éireann.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó LONDAIN le CATHAL MAC COILLE: Níl an léargas go maith, ar cheachtar taobh de Mhuir Éireann'