‘Trying to turn a timpiste bóthair into a scéal greannmhar’ – páipéir Ghaeilge an Teastais Shóisearaigh déanta

Bhí daltaí beagáinín níos tógtha le páipéar a haon na Gaeilge sa Teastas Sóisearach ar maidin ná mar a bhí siad le páipéar a dó tráthnóna

‘Trying to turn a timpiste bóthair into a scéal greannmhar’ – páipéir Ghaeilge an Teastais Shóisearaigh déanta

Is cosúil go rabhthas sásta go maith ar an mórgóir le scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh 2019, ach go raibh daoine beagáinín níos tógtha le páipéar a haon ar maidin ná páipéar a dó tráthnóna, ar measadh níos mó dúshláin a bheith ag baint leis.

I measc na n-ábhar a bhí ar pháipéar a haon, bhí píosaí léamhthuisceana faoin láithreoir teilifíse ó TG4, Caitlín Nic Aoidh, agus faoi phuball na Gaeilge ag an Electric Picnic.

Bhí ar dhaltaí athscríobh a dhéanamh chomh maith san aimsir fháistineach ar phíosa faoin bhfile Nuala Ní Dhomhnaill a scríobhadh san aimsir chaite.

Ar pháipéar a dó tráthnóna bhí ceisteanna faoi shliocht leasaithe as ‘An Slogaire Ama’ le Seán Mac Mathúna, a bhain le Amobi Adebayo, déagóir a thagann chun cónaithe in Éirinn lena mhuintir ón Nigéir.

Bhí áthas ar dhuine amháin ar a laghad scéal Amobi Adebayo a fheiceáil ar an bpáipéar.

Ba iad na dánta nua ar an bpáipéar ná ‘Litreacha’ le Mícheál Ó Ruairc agus agus ‘An Páiste Deiridh’ le Réaltán Ní Leannáin, ach is cosúil gur furasta dearmad a dhéanamh ar an lá mór fiú ar ainmneacha filí a raibh staidéar déanta orthu.

Ba chosúil ó na léirmheasanna a rinne daoine ar pháipéar a haon ar na meáin shóisialta go raibh díomá ar go leor daoine a bhí ag súil go dtabharfaí deis dóibh píosa a scríobh faoi ‘thimpiste’.

Ar ndóigh, ní gach duine a bhí sásta an méid a bhí foghlamtha acu a ligean le sruth, agus rinne go leor ‘timpiste’ den  ‘Eachtra ghreannmhar a tharla le linn turas scoile’.

Teideal eile a mheall daoineNuair a chuala mo thuismitheoirí an scéal bhí siad ar buile liom …’, agus ba léir gur facthas gur dheis eile a bhí anseo dul ag scríobh faoi thimpistí, sin má thuig siad cad a bhí i gceist.

Na rudaí nach rabhthas ag súil leo is mó a bhain tuisle as daltaí, mar is iondúil.

Bíonn gliceas an tsionnaigh i ndaltaí áirithe freisin…

Bhí go leor daoine sásta leis an dá pháipéar.

Ní gach duine a bhí sásta, ar ndóigh, agus chrom daoine áirithe ar an eascaine lena míshásamh a chur in iúl.

Fág freagra ar '‘Trying to turn a timpiste bóthair into a scéal greannmhar’ – páipéir Ghaeilge an Teastais Shóisearaigh déanta'