Trump ina chearc bhacach ach ciceanna fós á mbualadh ar an daonlathas aige

Tá sé in am ag duine éigin a chur ar a shúile do Donald Trump nach bhfuil tada i ndán dó agus go bhfuil sé thar am glacadh le guth an phobail

Trump ina chearc bhacach ach ciceanna fós á mbualadh ar an daonlathas aige

Cearc bhacach. An tsamhail a thugtar d’uachtarán na Stát Aontaithe sa tréimhse idir an toghchán agus an lá a dtagann a chomharba i réim. Is fada an tuairim ann gur beag is féidir lena leithéid a dhéanamh seachas roinnt nithe a thabhairt chun críche agus an bealach a réiteach don aistriú cumhachta.

Tá siad an-bhródúil as an aistriú cumhachta céanna sna Stáit Aontaithe. Mar chuid den dépháirteachas –nár facthas mórán de le fada anois – cuidíonn an Teach Bán leis an réimeas nua chomh maith trí eolas agus faisnéis a chur ar fáil. Tá duine fostaithe mar chuid den fhoireann aistrithe cumhachta le spás oifige, áiseanna agus troscán a chur ar fáil. Caitear $6 milliún leis an bpróiseas a éascú.  Tagann an próiseas faoi scáth reachtaíochta a ritheadh sna 1960idí ach tá an traidisiún féin i bhfeidhm ó 1797.

Ní ann don traidisiún sin i mbliana.

Ní hamháin go bhfuil an t-uachtarán fós ag séanadh toradh an toghcháin agus ag tabhairt cásanna cúirte ina choinne, ach tá imní faoin mbail a d’fhéadfadh sé a chur ar áisíneachtaí rialtais sna deich seachtainí idir seo agus an 20ú Eanáir, lá insealbhaithe Joe Biden. Dúirt riarthóir na háisíneachta a bhíonn i bhfeighil an aistrithe cumhachta, Emily Murphy, nach bhfuil toradh an toghcháin dearbhaithe go fóill agus nach dtosóidh an t-aistriú cumhachta go mbeadh sin tarlaithe. Tá cásanna cúirte ar siúl in Wisconsin, Pennsylvania, Arizona, Georgia agus Nevada. Tá athchomhaireamh le déanamh de láimh in Georgia.

Deir lucht ceannais an pháirtí Phoblachtánaigh nach mbeidh aon toradh oifigiúil ar an toghchán go dtí go mbeidh vóta caite ag toghthóirí an Choláiste Toghchánaíochta ar an 14 Nollaig.  An cheist – an nglacfaidh siad leis ag an tráth sin fiú?

Tá diúltaithe acu go dtí seo na seisiúin eolais rialta a chuirtear ar fáil don Uachtarán tofa a chur ar fáil do Joe Biden. Níl an t-eolas a bhaineann le slándáil náisiúnta á chur ar fáil dó. Níl aon aitheantas tugtha ag an Teach Bán do thoradh an toghcháin. Gortghlanadh ar cheannasaithe i réimse na faisnéise agus na slándála atá á bheartú ag Trump faoi láthair, a thuairiscítear. Tá scéalta ann go ndíbreoidh sé ceannasaithe an CIA agus an FBI. Ní haon iontas go bhfuil imní ar shaineolaithe faoin dochar a dhéanfar do chúrsaí slándála na tíre.

Idir an dá linn bhí os cionn deich milliún cás den víreas corónach sna Stáit Aontaithe go dtí seo. Tá beagnach ceathrú milliún duine curtha den saol ag an ngalar ó thús na paindéime.

Mar sin féin, vótáil os cionn 70 milliún duine do Donald Trump sa toghchán. Caithfear ómós a thabhairt do na daoine sin, ach faoi láthair seachas meas a léiriú dóibh siúd a vótáil dó, tá  cluiche ar siúl ag Trump amhail is gur cluiche do pháiste atá sa daonlathas.

Ní bheidh sé agamsa ach cinnteoidh  mé nach mbeidh sé agatsa ach an oiread an port atá ag an Uachtarán.  Leanfaidh mé orm i mo chearc bhacach chomh fada agus is féidir gan maitheas ná tairbhe d’aon duine. Go dtí go gcuirtear i sáinn i gceart mé.

Tá sé in am ag duine éigin anois a chur ar a shúile dó nach bhfuil tada i ndán dó agus go bhfuil sé thar am aige glacadh le guth an phobail ar mhaithe leis an tír agus a lucht tacaíochta.

Fág freagra ar 'Trump ina chearc bhacach ach ciceanna fós á mbualadh ar an daonlathas aige'

  • Poraic o'hEipicín

    An bhfuil Turaisc ar son lucht an Ghin-millte. ???.