Trump ag áitiú go bhfuil togra núicléach na hIaráine curtha ar gcúl ‘na scórtha’ bliain ag ionsaí a chuir sé i gcomórtas le Nagasaki

Deirtear i dtuairisc ó lucht faisnéise nár scrios na hionsaithe ar na saoráidí núicléacha togra núicléach na hIaráine agus gur dóigh gur mí ar gcúl a cuireadh

Trump ag áitiú go bhfuil togra núicléach na hIaráine curtha ar gcúl ‘na scórtha’ bliain ag ionsaí a chuir sé i gcomórtas le Nagasaki

Tá an tUachtarán Donald Trump ag áitiú go bhfuil togra núicléach na hIaráine curtha na scórtha bliain ar gcúl ag ionsaithe an deireadh seachtaine ag fórsaí na Stát Aontaithe, d’ainneoin malairt scéil i dtuairisc lucht faisnéise.

Chuir Trump na hionsaithe aeir ar an Iaráin i gcomparáid leis na buamaí adamhacha a phléasc a thír ar an tSeapáin sa dara cogadh mór.

Agus é ag déanamh a chuid cainte sa Háig, mar a bhfuil sé ag freastal ar chruinniú mullaigh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [NATO], dúirt sé, “Chaith siad na trilliúin dollar ag iarraidh an rud seo a dhéanamh, agus chinn sé orthu, ach táimid ag tarraingt go han-mhaith leo anois.”

“Ach mura n-éireodh linn leis an ionsaí sin? An t-ionsaí sin a chuir deireadh leis an gcogadh. Ní maith liom Nagasaki a úsáid mar shampla agus go bunúsach an rud céanna a bhí ansin a chuir deireadh leis an gcogadh sin. Chuir an t-ionsaí úd deireadh leis an gcogadh sin agus chuir an ceann seo deireadh leis an gcogadh seo. Murach gur scrios muid an ceann seo, bheidís ag troid faoi láthair.”

Tá amhras le brath i dtuairisc faisnéise a tháinig ó Áisíneacht Faisnéis Chosanta an Pentagon faoi áitiú Trump gur scriosadh ar fad acmhainn núicléach na hIaráine.

Deirtear sa tuarascáil nár scriosadh na saoráidí san ionsaí agus gurb é is dóichí gur cuireadh roinnt míonna ar gcúl an togra.

Ba é freagra an Tí Bháin ar an scéal sin go raibh an measúnú sin “mícheart go hiomlán” agus gur “iarracht shoiléir a bhí ann dímheas a thaispeáint’ don Uachtarán Trump.

Dúirt Trump gur dóigh leis féin gur fada an lá go mbeidh an Iaráin ag déanamh aon arm núicléach. Nuair a fiafraíodh de faoi thuairisc lucht an Phentagon, dúirt an tUachtarán “nach raibh a fhios acu” agus go ndearna ionsaithe aeir Mheiriceá “léirscrios iomlán” ar láithreacha núicléacha na hIaráine.

Dúirt Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth gur misean “gan locht” a bhí ann a rinne scrios agus aon mheasúnú eile a mhaíonn a mhalairt gur “ar chúiseanna eile” é.

Tá an sos comhraic idir Iosrael agus an Iaráin fós ag seasamh agus an dá thír á admháil sin.

An caiteachas ar chúrsaí slándála an príomhábhar pléite ag cruinniú mullaigh cinneadh déanta ag NATO é a mhéadú 5%.

Fág freagra ar 'Trump ag áitiú go bhfuil togra núicléach na hIaráine curtha ar gcúl ‘na scórtha’ bliain ag ionsaí a chuir sé i gcomórtas le Nagasaki'