Sí Craobh Oscailte Gailf na Stát Aontaithe atá ag drannadh lena deireadh in Oakmont Country Club i Pittsburgh mórchomórtas idirnáisiúnta spóirt na seachtaine seo. Meastar go bhfuil 68 milliún duine scaipthe ar fud an domhain a imríonn an cluiche. D’fhéach 10% acu siúd astu féin ar Chraobh na Státaí 2024 ar an teilifís i dteannta na milliúin eile nár tharraing aon snaidhm ar an liathróid bheag bhán ariamh.
Fiú más ina measc siúd atá tú le n-áireamh is é is móide go bhfuil beagán eolais agat ar stair an ghailf. Tá a fhios agat cur i gcás go bhfuil sé ráite gur ar chósta thoir na hAlban a ceapadh é, áit a raibh daoine á imirt timpeall na ndumhachanna, gan acu ach a bheith ag greadadh clocha duirlinge le camógaí. Tharla sin i dtús an 15ú céad.
Scafánta go leor a mhéadaigh an tóir a bhí air ach dá bhfaigheadh an Rí Séamus II agus parlaimint na hAlban cead a gcinn bheadh sé maraithe san ubh acu – i 1457 rinne siadsan é a thoirmeasc mar gur mheasadar go raibh iomarca ama á chaitheamh ag daoine á imirt. Bhí an traenáil mhíleata i bhfad níos tábhachtaí, dar leo agus bhí an pobal ag tosaí ag tabhairt cúil dó sin agus iad ag pramsáil timpeall na gcladaí. Cén bhrí ach bhí an chosúlacht ann to raibh na Sasanaigh ag brath ionradh eile a thabhairt faoina dtír.
Níorbh iontas imní a bheith ar an rí faoi ionradh. Le céad bliain roimhe sin 12 uair a bhí iarrachtaí ar ionradh déanta ag Sasana críocha na hAlban a chur faoi chois. Bhí Séamus básaithe nuair a tharla sin.
Tarraingeoidh mé scéal eile orm féin go ceann nóiméid. Nach aisteach go mba ar lucht na liathróidí beaga agus na maidí a bhíodh gangaid údaráis na linne sin dírithe? Tamall ina dhiaidh agus iad ag iarraidh pobal Chathair na dTreabh a choinneáil faoina smacht thug Bardas na Gaillimhe isteach an reachtaíocht seo:
“at no tyme the use ne ocupye the horlinge of the litill balle with hockie stickes or staves, nor use no hande ball to playe without the walles, but onely the great foote balle, on payn of the paynis above lymittid (a fine of 8 pence)”
Aird na muice níor tugadh ar an mBardas ná go deimhin ar an Rí. Ba mheasa an scéal arís óna thaobh siúd mar nach é amháin gur chealaigh a gharmhac Séamus IV an toirmeasc a bhí ar an ngalf nuair a tháinig seisean i gcumhacht ach bhí tóir aige é a imirt.
Gariníon dá chuid siúd arís ab ea Máire, Banríon na nAlbanach a thug an cluiche chun na Fraince le linn di a bheith ag staidéar ansiúd. Dalta de chuid arm na tíre sin a bhíodh ag iompar a mála di le linn imeartha. ‘Cadet’ an focal Fraincise ar a leithéid agus más fíor is as a d’eascair an t-ainm a thugtar leis na cianta ar an té a dhéanann a leithéid de chúram sa ngalf.
Is furasta a thuiscint as sin ar fad cén fáth go mba iad an t-uaslathas agus na huaisle ba thúisce a bhí luaite leis an ngalf. De réir mar a tháinig an aicmíocht chun cinn rinne an cluiche a bhealach anuas ón mbarr. Inniu bheadh ballraíocht bliana le fáil i gclubanna go leor in Éirinn ar an méid a bheadh caite ag beirt a thiocfadh go Páirc an Chrócaigh chuig Cluichí Ceannais Sinsearacha Peile agus Iománaíochta na hÉireann agus a d’fhanfadh thar oíche sa bpríomhchathair.
Féach freisin go raibh mná páirteach sa ngalf i bhfad sula raibh fonn nó cead acu a dhul ag plé le spórtanna go leor eile. Ina dhiaidh sin féin níor cuireadh ar an mbonn céanna leis na fir iad go dtí le réasúnta gairid. Go deimhin. Níl sé ach cúpla bliain ó rinne Galfchumann Phort Mearnóg amhlaidh.
Is cinnte go raibh rian maith den phostúlacht agus den idirdhealú ar bonn aicme i gceist leis na mná freisin, ach ón tús bhí ceadaithe dóibh ballraíocht a ghlacadh i mórchuid clubanna, cé nárbh ionann a gcearta imeartha ná a seasamh agus na fir.
Sa mbliain 1811 bhí 55 bean (a bhformhór pósta ag iascairí) san iomaíocht i gcomórtas a reáchtáladh sa Royal Musselburgh Golf Club. Cliabh caolaigh agus seál a fuair an buaiteoir agus ciarsúir síoda a fuair an bheirt a tháinig ina diaidh aniar.
Faoi dheireadh an chéid bhí eagraíochtaí dá gcuid féin bunaithe sa mBreatain agus sna Stáit Aontaithe le maoirseacht a dhéanamh ar chluiche na mban agus craobhacha náisiúnta eagraithe iontu.
Cuir sin i gcomparáid leis an sacar, cluiche a raibh cosc iomlán ar mhná é a imirt ó 1921 go dtáinig 1970, níor imríodh an chéad chluiche rugbaí idir dhá fhoireann ban go dtáinig 1962 agus bhí 1986 tagtha sular bunaíodh aon sraithchomórtas dóibh.
Níor ceadaíodh na mná i gcomórtais rámhaíochta na gCluichí Oilimpeacha go dtí 1976. Timpeall an ama chéanna a tháinig Cumann Peil Ghaelach na mBan (CLG) ar an bhfód.
Is é cluiche na leadóige is túisce agus is mó a thug deis imeartha do na mná tráth a raibh cinn eile ag déanamh éagóra nó go deimhin ag iompú a ndroim ar fad leo.
Oifigeach in Arm Shasana, Major Walton Clopton a cheap an leadóg in 1874. Deich mbliana dár gcionn bhí cead iomaíochta ag mná i Wimbledon. Ógbhean 20 bliain d’aois a raibh Maud Watson mar ainm uirthi a bhuaigh Craobh mBan.
Fág freagra ar 'Tráth dá raibh ar lucht na liathróidí beaga is na maidí a bhíodh gangaid na n-údarás dírithe'