Tugtar tús áite i Straitéis nua trí bliana Údarás na Gaeltachta do chaomhnú na Gaeilge agus d’fhorbairt na nuálaíochta.
Is í an phríomhaidhm atá ag Straitéis 2018-2020 an Údaráis, a fógraíodh ar maidin, ná go mbeadh an “Ghaeltacht mar áit ina mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail ann agus áit a mheallfaidh an gnáthphobal, fiontraithe agus cuairteoirí araon chun cónaí, maireachtáil agus oibriú ann”.
Trí “bhunphrionsabal” atá leagtha amach sa straitéis nua don tréimhse trí bliana amach romhainn “caomhnú agus neartú na Gaeilge, forbairt nuálaíochta agus cruthú fostaíochta”.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh gur “tráth cinniúnach” a bhí ann don Ghaeltacht agus “dúshláin shuntasacha teanga agus socheacnamaíochta le sárú”.
Dúirt Ó hÉanaigh go n-éireodh le hÚdarás na Gaeltachta “an tairbhe is fearr is féidir a bhaint as an téarnamh eacnamaíoch náisiúnta atá á thuar ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil” a cheadódh don Ghaeltacht “fás, forbairt agus bláthú mar phobail bhríomhara teanga”.
Dúirt cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta Anna Ní Ghallchair gurb é “forbairt inmharthana” na Gaeltachta a bheadh “mar threoir” ag an mBord as seo go ceann cúig bliana.
“Tá forbairt inmharthana na Gaeltachta, na n-oileán Gaeltachta agus dá réir sin cothú pobail bhríomhair teanga mar phríomhchuspóir agus fócas ag Údarás na Gaeltachta agus beidh sé seo mar threoir againn maidir lenár bpolasaithe agus ár gcinntí ar fad sna cúig bhliana atá amach romhainn.”
De réir Straitéis nua na heagraíochta go ndíreofar ar fhorbairt a dhéanamh “acmhainní teanga, pobail agus cultúrtha” agus ar an nuálaíocht agus an fhiontraíocht a chothú. Chuige sin beidh béim ag an eagraíocht ar chláir agus tionscadail taighde ar mhaithe leis an nuálaíocht a chothú.
Deirtear go mbeidh “ról fíorthábhachtach” i straitéis na heagraíochta ag Gréasán Digiteach na Gaeltachta. Mar chuid den ghréasán sin tá sé i gceist 30 aonad nuálaíochta le ceangal leathanbhanda ardluais a fhorbairt. I measc na dtograí eile atá beartaithe as seo go dtí 2020, tá ‘Diaspóra na Gaeltachta’, straitéis an Údaráis chun pobal na Gaeltachta atá ar imirce thar lear nó atá scaipthe ar fud na tíre a mhealladh ar ais chun na Gaeltachta.
Leagfar béim chomh maith ar fhorbairt tograí fuinnimh inathnuaite, acmhainní nádúrtha agus fiontair atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha, ina measc Páirc na Mara, an pháirc nuálaíochta mara atá á forbairt gCill Chiaráin i gConamara.
Deirtear go bhfuil sé mar fhís chomh maith ag an eagraíocht go ndéanfaí “forbairt ar an nGaeltacht mar cheann scríbe turasóireachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar cheantar uathúil ina ndéantar ceiliúradh agus forbairt ar acmhainn nádúrtha na teanga, an chultúir, na timpeallachta agus na hoidhreachta”.
Fógróidh an tÚdarás go luath a Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta a bhfuil sé i gceist aici tacú le forbairt bainistíochta i dtograí turasóireachta.
Fág freagra ar '‘Tráth cinniúnach’ don Ghaeltacht a deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus tús á chur le straitéis nua'