Tragóid ar shráideanna Bhéal Feirste – seisear ógfhear básaithe le coicís 

Tar éis an séú tubaiste éilíodh gníomh práinneach ó na húdaráis chun na dúshláin a bhaineann le heaspa dídine agus le drugaí a shárú

Tragóid ar shráideanna Bhéal Feirste – seisear ógfhear básaithe le coicís 

Seisear ógfhear a bhí gan dídean i mBéal Feirste básaithe i gcaitheamh coicíse. Ródháileog drugaí ba chúis bháis do gach duine acu. Cathair bheag í Béal Feirste agus tá sé scanrúil go gcaillfí oiread sin daoine óga in achar gearr. 

Cailliúint uafásach dá muintir agus dá gcairde ach dearbhú gur in olcas atá fadhbanna sóisialta sa chathair ag dul. Tar éis an séú tubaiste éilíodh gníomh práinneach ó na húdaráis chun an dúshlán dúbailte a shárú – easpa dídine agus drugaí. Tá meabhairghalar agus ganntanas seirbhísí meabhairshláinte fite fuaite leis an scéal freisin.

Labhair muintir dhuine de na fir go poiblí, iad ag éileamh gníomh ó Stormont, go háirithe seirbhísí chun déileáil le handúil i ndrugaí. Mhol col ceathrar leis go mbunófaí aonad daingean chun cóir leighis a chur ar andúiligh a bhfuil meabhairghalar ag dul dóibh. D’achainigh sí freisin go gceansófaí mangairí drugaí, go háirithe iad sin a dhírigh ar dhaoine gan dídean chun hearóin a dhíol leo.

D’aontaigh eagraíocht a chuidíonn le daoine atá i dtrioblóid, gan dídean nó ar drugaí. Cháin ionadaí ó Sheirbhísí do dhaoine gan dídean i mBéal Feirste [Belfast Homeless Services] an ganntanas tacaíochta agus easpa áiseanna athshlánúcháin. Dúirt sí gur bhain gach duine den seisear a cailleadh i ndeireadh na Bealtaine agus tús an Mheithimh úsáid as seirbhísí na heagraíochta agus gur cheart náire a bheith ar Stormont faoin bhfaillí ina leithéid. “Tá an tír ina praiseach ceal dídine agus le fadhbanna drugaí agus meabhairghalair agus caithfidh duine éigin beart a dhéanamh,” a dúirt sí ar BBC.

Dúirt an Roinn Sláinte in Stormont go raibh straitéis seolta ag Robin Swann, an tAire, chun a dhul i ngleic leis an fhadhb dhúbailte nuair a bhíonn duine ar a bhfuil meabhairghalar ag baint mí-úsáid as substaintí. Tá an obair ar siúl chun an straitéis a fheidhmiú, a dúirt an Roinn ach bhí fainic ag an Aire – go mbraithfidh rath na straitéise ar mhaoiniú breise a fháil.

Cá bhfios cathain a bheidh Stormont in ann aghaidh a thabhairt ar bhuiséad a rith chun tabhairt faoin liodán d’fhadhbanna an phobail, an cheist chráite seo ina measc. Nochtadh ag tús na bliana seo go raibh méadú mór tagtha ar líon na ndaoine a fuair bás de bharr drugaí le deich mbliana anuas – 218 sa bhliain 2020, daoine óga a bhformhór. Cúram don roinn sláinte, don roinn cirt, do scoileanna agus don PSNI is ea é. 

Tá gné eile de scéal na ndrugaí ag déanamh tinnis do lucht gnó sa chathair. Táthar ag maíomh go bhfuil méadú mór ar líon na ndaoine atá ag crochadh thart ar na sráideanna, maistíneacht, meisce agus iompar frithshóisialta ag dul in olcas. Ní daoine gan dídean ná andúiligh iad go léir, ná baol air, ach luíonn sé le réasún go mbíonn drugaí á ndíol ina leithéid de shuíomh agus snáthaidí is trealamh eile caite i gcúinní. Deir roinnt mhaith daoine nach n-airíonn siad sábháilte agus tá úinéirí bialann, go háirithe, ag éileamh gníomh ó na húdaráis. Thug roinnt bialann foláireamh go bhfágfadh siad lár na cathrach mura gcinnteofaí go pras go mbeidh a gcustaiméirí agus a gcuid oibrithe sábháilte agus ar a gcompord.

Sé an cúram is práinní beatha a shábháil agus smacht éigin a chur ar an gcancar is mangaireacht drugaí: ba cheart ceachtanna a fhoghlaim ó thragóid an tseisir a cailleadh. Lámh ar lámh leis sin ní mór cathair shábháilte spleodrach a chaomhnú ina bhfuil gnólachtaí agus áiseanna a mbeidh tóir ag an bpobal orthu lá agus oíche. 

Fág freagra ar 'Tragóid ar shráideanna Bhéal Feirste – seisear ógfhear básaithe le coicís '

  • Antóin

    Deir Willie go bhfuil a bhféiniúlacht caillte acu. Ochón is ochón ó!
    Tá a bhféiniúlacht caillte ag Fianna Fealltach Fáil mar tá sí caite i dtraipisí acu féin le fada. Ní thógann Fine Gan Ghael ná na Giollaí Glasa aon cheann den triúr a luaitear anseo mar seanfhondúirí iad dar leo a bheidh ar féarach roimh i bhfad. Ach cá raibh an tríur sin nuair a bhí an rialtas ag satailt ar chearta daoine le linn covid? Ina mbéal gan smid.

    Tá ceannaire acu a cheapann go bhfuil coincheap na ceannasacahta as dáta, gur tábhachtaí an tAontas Eorpach ná ár náisiún féin, nach bhfuil muid neodrach nuair atá daoine á marú san Úcráin ach atá i bhfabhar leanaí á mharú sa bhroinn.

    Ach tá líne amháin san alt seo a bhainfeadh gáire as cat. “Teastaíonn ó Barry Cowan go n-ainmneodh Fianna Fáil dáta le haghaidh reifrinn faoi athaontú na tíre” ‘Bhfuil tuairim dá lághad aige céard atá ag tarlú amuigh anseo sa saol?

    Cúig bliana ar bhinse an fhreasúra ag domhainmhacnamh atá ag teastáil anois