Toradh eisceachtúil nó tús le ré nua do Pháirtí an Lucht Oibre?

Ach an comhartha do thodhchaí Pháirtí an Lucht Oibre toradh an fhothoghcháin i gCuan Bhaile Átha Cliath theas, nó díreach léiriú ar an meas atá ar Ivana Bacik i ndáilcheantar liobrálach?

Toradh eisceachtúil nó tús le ré nua do Pháirtí an Lucht Oibre?

Buille mór do Fhine Gael é nár éirigh leo bua a fháil sa bhfothoghchán i gceann de na dáilcheantair is mó ina bhfuil tacaíocht acu, agus ceisteanna móra le freagairt ag ceannaire an pháirtí Leo Varadkar maidir lena chinneadh cur i gcoinne Kate O’Connell mar iarrthóir an uair seo.

Ag an am céanna, tá an ceart ag Varadkar nuair a mhaíonn sé gur choinnigh James Geoghegan an sciar den vóta a fuair Fine Gael roimhe, agus go bhfuil sé cinnte, bunaithe ar na figiúirí vótála, go mbeidh suíochán acu sa gceantar seo san olltoghchán.

Ar an taobh eile, bua agus spreagadh as cuimse, do Pháirtí an Lucht Oibre go ndearna Ivana Bacik chomh maith sin. Go náisiúnta tá an páirtí in ísle brí ag 3% nó 4%, ach fuair Bacik 30% de na vótaí céad rogha i gCuan Átha Cliath Theas.

Ach an comhartha do thodhchaí an pháirtí i ndáiríre é, nó cruthúnas dá seasamh pearsanta mar ghníomhaí liobrálach i ndáilcheantar liobrálach a raibh idir Kate O’Connell, Fine Gael, agus Hazel Chu, Comhaontas Glas, coinnithe ón rás?

Maidir le Sinn Féin, d’éirigh leosan vóta ard a choinneáil sna ceantracha lucht oibre, ach in áiteanna eile bhí na vótóiri sásta a míshástacht leis an rialtas a léiriú trí vótáil do Bacik.

Beidh Sinn Féin sásta go maith go bhfuil vóta stuama seasmhach acu – a chinnteoidh suíochán arís dóibh san olltoghchán – ach díomá beag orthu nach raibh siad in ann cur leis sin an uair seo. Fáisceadh iad sa dea-phoiblíocht a tugadh do Bacik, go háirithe nuair a tháinig an phobalbhreith san Irish Times amach.

Drochthoradh cinnte ar an taobh eile don Chomhaontas Glas, a thit ó 22.7% le Eamon Ryan san olltoghchán go dtí 8% anois. Ceapaim go raibh dhá chúis leis seo: míshástacht na vótóirí Glasa leis an gcinneadh dul isteach sa rialtas seo, agus míshástacht mhór nach raibh Hazel Chu (a ghnóthaigh 4000 vóta anseo sna toghcháin áitiúla in 2019) in ann seasamh mar gheall ar naimhdeas Eamon Ryan di.

Agus toradh tubaisteach do Fhianna Fáil nár éirigh leo ach 5% den vóta a fháil. Drochiarrthóir ar ndóigh ab ea Deirdre Conroy a léirigh a laige gach uair ar labhair sí, ach mar sin féin tá ceist ann an féidir leis an bpáirtí seo a bheith suntasach cé gur chóir go ndéanfadh Jim O’Callaghan i bhfad níos fearr ná seo sa olltoghchán féin.

Bhí tuairim láidir ann ón tús go ndéanfadh Bacik níos fearr maidir le haistriúcháin de ná Geoghegan, agus sin mar a bhí. Ach ag an deireadh nuair a cuireadh Lynn Boylan, Sinn Féin, agus Claire Byrne, Comhaontas Glas, as an gcomhaireamh, bhí sé le tabhairt faoi deara go raibh ceithre mhíle vóta a bhí do-aistrithe, agus gach cosúlacht air nach raibh móramh de lucht tacaíochta Shinn Féin sásta idirdhealú ar bith a dhéanamh idir iarrthóir Fhine Gael agus iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre.

Is é sin gur vóta aicmeach a bhí i gceist, agus ba le Sinn Féin vótaí na n-oibrithe. Dhearbhaigh pobalbhreith an Irish Times go raibh a dhá oiread tacaíochta ag Bacik i gceantracha na meánaicme ná a bhí aici i gceantracha an lucht oibre.

An mar sin a bheidh ar fud Bhaile Átha Cliath? Is cosúil gurbh ea.

Céard iad na ceachtanna, mar sin, atá le foghlaim as an vótáil seo?

Tá amhras ann an ndéanfadh sé aon difear ceannaire nua a bheith ann.

Tá ceist mhór ann i gcónaí faoi céard tá i ndán do Pháirtí an Lucht Oibre. Léireoidh na pobalbhreitheanna as seo amach an dtabharfaidh toradh an fhothoghcháin seo aon ardú ginearálta don pháirtí ach is léir nach bhfuil mórán tacaíochta don pháirtí le fáil ón aicme saothair.

An Comhaontas Glas? Murar féidir leo rud mór cinnte a bhaint amach don timpeallacht roimh an olltoghchán tá gach comhartha ann go scriosfar an páirtí mar a scriosadh é in 2011 tar éis na géarchéime geilleagraí.

Agus Sinn Féin? Tá siad cinnte ag daingniú ar an tacaíocht a fuair siad ón aicme oibre is ó dhaoine óga i gcoitinne ach an féidir leis an bpáirtí briseadh tríd go dtí an mheánaicme, rud nach bhfuil déanta acu go fóill? Ceist eile an féidir leis an bpáirtí a bheith níos tarraingtí ó thaobh na n-aistriúchán dhe?

Tá an dá rud sin riachtanach más leo a bheith i gceannas ar rialtas ó dheas. Is riachtanach freisin páirtithe eile a bheith ann a rachaidh i rialtas leo.

Fág freagra ar 'Toradh eisceachtúil nó tús le ré nua do Pháirtí an Lucht Oibre?'