Toghchán cinniúnach stairiúil á thuar ó thuaidh

Den chéad uair, d’fhéadfadh nach mbeadh páirtí aontachtach sa chéad áit i ndiaidh thoghchán Stormont amárach, ach seans gur ag trácht ar inmharthanacht an fheidhmeannas a bheifear an tseachtain seo chugainn

Toghchán cinniúnach stairiúil á thuar ó thuaidh

An mbeidh toghchán an Tionóil i dTuaisceart Éireann amárach cinniúnach, stairiúil?

Sin é atá á thuar, an dá phríomhpháirtí a roinn cumhacht le chéile le cúig bliana déag, cé is moite de na huaireanta ar shiúil siad amach, ar a ndícheall ag gríosú vótóirí chun tosaíocht a thabhairt dóibh ar a chéile. 

Táthar á rá le lucht stocaireachta ag na doirse gurb iad an costas maireachtála agus an córas sláinte atá ag déanamh tinnis do dhaoine. An iad na ceisteanna sin a bheidh chun tosaigh nuair a bheidh an páipéar ballóide á líonadh áfach? Ní féidir talamh slán a dhéanamh de i bhfianaise chomh minic is a fuair ‘an cheist bhunreachtúil’ tosaíocht ar gach ní eile abhus.

Níl rud ar bith mícheart le páirtí a bheith ag iarraidh a bheith i dtús áite, cén dream nach mbeadh. I dTuaisceart Éireann, áfach, tá ciallachais stairiúla, shíceolaíochta agus phraiticiúla ag baint le bheith sa chéad áit, rud a ardaíonn ceisteanna faoi inmharthanacht Stormont. Seans gurb é sin a bheidh faoi chaibidil an tseachtain seo chugainn. 

1,373,731 vótóir atá cláraithe, méadú 119,000 duine ó 2017. Bhí an ráta vótála in 2017 gar do 65% murab ionann agus 2016 nuair a bhí sé faoi bhun 55%. N’fheadar an spreagfaidh an iomaíocht don chéad-aireacht tinreamh ard. Bhí an feachtas fada leamh, é ar siúl ó mhí Feabhra nuair a shiúil an DUP amach as an gcéad-aireacht mar agóid in aghaidh an phrótacail iar-Bhreatimeachta. Níor foilsíodh forógraí toghcháin na bpáirtithe go dtí le déanaí agus déarfadh duine soiniciúil gur scéal thairis iad. 

D’achainigh an DUP ar aontachtaithe den uile chineál a chinntiú go gcaomhnófar an tseanreacht, go gcoinneofar iadsan i dtús áite chun reifreann faoin teorainn a sheachaint. Deir Jeffrey Donaldson freisin go seolfadh toradh maith don DUP teachtaireacht chuig rialtas Boris Johnson go gcaithfear an prótacal a chaitheamh i dtraipisí. 

Bhí Sinn Féin blas níos caolchúisí ‘Am don Athrú Cheart’ mar mhana acu ach é soiléir gur Sinn Féin ar thús cadhnaíochta agus Michelle O’Neill i dteideal a bheith ina céad-aire ba bhrí leis. Níl aon dabht ach gur athrú mór siombalach a bheadh ann poblachtach a bheith mar chéad-aire bliain agus céad tar éis bhunú an stáit aontachtaigh. Ó tá an chéad agus leaschéad-aireacht in Stormont comhionann, ní bheadh difríocht ar bith idir é agus an chaoi a raibh cúrsaí ó 2007. Sin mura ndiúltódh an DUP freastal sa leaschéad-aireacht, ceist nár freagraíodh fós.

Go bunúsach, bhain an comórtas seo idir an DUP agus Sinn Féin le cé acu a chaillfeadh an líon is lú suíochán. 

Toghadh 28 Teachta ón DUP agus 27 ó Shinn Féin san toghchán in 2017. Ag deireadh an téarma bhí siad ar cóimhéid agus teachta imithe ón DUP le freastal ar an Tionól mar neamhspleách. An oiread dá chuid agus ab fhéidir a chaomhnú an straitéis a roghnaigh Jeffrey Donaldson don DUP agus is é an scéal céanna é ag Sinn Féin. 

Ba é an buille faoi thuairim ba mheasa don DUP le linn an fheachtais go gcaillfidís ocht suíochán. An tuar ba dhearfaí ná go gcaillfidís dhá cheann. Tubaiste a bheadh ann a bheith taobh le 20 teachta ach toradh an-mhaith a bheadh i 26 suíochán. Ó tá níos mó páirtithe aontachtacha san iomaíocht agus iad ag aistriú chuig a chéile ní féidir toradh dearfach a chur as an áireamh. I gcás Shinn Féin, ní haon ribín réidh é a 27 suíochán a chosaint. Dá mbeadh drochlá acu d’fhéadfaidís ceithre shuíochán a chailliúint gan aon cheann nua a bhaint.

Agus na páirtithe eile? An gcoinneoidh an SDLP agus an UUP na suíocháin a bhí acu, an bhfuil seans fáis acu nó an bhfáiscfear iad idir na páirtithe móra ar chaon taobh agus lucht an láir? Tá an-aird ar na grúpaí ar a dtugtar ‘páirtithe an láir’- Alliance (Páirtí na Comhghuaillíochta), an Comhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabús agus méadú mór ar líon a dTeachtaí mar sprioc ag Alliance. 

Má dhéantar an dul chun cinn atá á thuar beidh éileamh mór ar leasuithe ar chomhdhéanamh an Fheidhmeannais, an tríú grúpa daingnithe agus gan móramh ag éinne.

Fág freagra ar 'Toghchán cinniúnach stairiúil á thuar ó thuaidh'