Tá níos mó ceisteanna againn anois faoi thoghchán an lae inniu ná mar a bhí nuair a fógraíodh é.
An dtiocfaidh na vótóirí amach nó an bhfuil siad chomh tuirseach den gheáitsíocht i Stormont nach mbacfaidh siad? Tá an tinreamh vótála i measc na náisiúnach ag titim go seasta le 15 bliain anuas, agus bhí an patrún sin le feiceáil go háirithe i dtoghchán an Tionóil anuraidh. Mar sin féin, tháinig beagnach 90,000 vótóir sa bhreis amach sa Mheitheamh le vótáil sa reifreann faoin Aontas Eorpach ná mar a chaith vóta i dtoghchán an Tionóil. Maítear gur náisiúnaithe níos mó ná a leath. An éireoidh le Sinn Féin nó an SDLP cuid acu sin a ghríosú chun a theacht amach an geábh seo?
Má éiríonn, an dtabharfaidh siad tacaíocht don athrú ar an bhFeidhmeannas atá ón SDLP agus an UUP nó an dtabharfaidh siad luach saothair do Shinn Féin a chuir deireadh leis an rialtas tar éis deich mbliana? Arbh é sin le rá gur mó le daoine titim Stormont ná rud ar bith a rinne Sinn Féin agus iad i gcumhacht, agus dá mba amhlaidh an scéal, cad iad na himpleachtaí a bheadh ann do roinnt na cumhachta feasta?
An dtiocfaidh vótóirí an DUP amach le tacú le Arlene Foster agus a páirtí d’ainneoin liodáin scannal an DUP, an RHI, an ciste sóisialta agus an UDA, Red Sky, oilbhéas Foster in aghaidh crogaill, rógairí agus fealltóirí náisiúnacha agus poblachtánacha? D’imir an DUP an cárta oráisteach le linn an fheachtais, ag cur fainic ar aontachtaithe go raibh baol ann go mbeadh Sinn Féin i dtús áite, an chéad-aireacht acu agus iad á stiúradh ag púca an uafáis, Gerry Adams. Mura n-oibríonn an cleas sin, cén fhad a mhairfidh Arlene Foster mar cheannaire an DUP?
Más iad an DUP agus Sinn Féin a atoghfar mar phríomhpháirtithe an bhfuil seans ar bith gur féidir feidhmeanans díláraithe a bhunú? Bhagair Sinn Féin nach bhfillfidís ar an status quo agus nach nglacfaidís le Arlene Foster mar Chéad-Aire ná mar LeasChéad-Aire go dtí go mbeadh toradh ar fhiosrúchán an Bhreithimh Coghlin faoin RHI ar fáil. Níor thosaigh an fiosrúchán sin fós.
Drochsheans go dtarlóidh sé, cheapfá, ach dá mbeadh Sinn Féin i dtús áite, an ndiúltódh an DUP glacadh le Michelle O’Neill mar Chéad-Aire? Ní raibh freagra díreach le fáil ar an cheist sin.
An bhfuil riail dhíreach faoi na Tóraithe dosheachanta, fiú agus gach dream, Státrúnaí na Breataine san áireamh, ag rá nach bhfuil a leithéid uathu?
Mura n-éiríonn leis an UUP agus an SDLP buntáiste a bhaint as teip an fheidhmeannais agus as teip mhargadh an ‘Tús Nua’ idir an DUP agus Sinn Féin, an mbeidh a bport seinnte? An geadáin de pháirtithe eile a bheas iontu ina dhiaidh sin, ag caitheamh i ndiaidh na seanaimsire? Nó ar tharla an toghchán seo róluath ina dtréimhse sa fhreasúra le go mbeadh seans ceart acu athnuachan nó fás a dhéanamh?
Agus an cheist is mó ar fad acu. An fiú an toghchán a rith? Sin ceist nach mbeidh freagra ag an bpobal uirthi go ceann tamaill, is dócha. I gcás na bpáirtithe, go háirithe an dá cheann mhóra, beidh freagraí acusan faoin Satharn ar bhuncheist eile – ar éirigh chomh maith leo is a d’éirigh anuraidh?
Ba iad seo na torthaí ar thoghchán an Tionóil i mí na Bealtaine anuraidh.
Má roinntear líon na suíochán sin chun iad a chur in oiriúint don 90 suíochán a bheidh ar fáil amárach seachas an 108 a suíochán bhí ann cheana, seo é an toradh a theastódh le go mbeadh an stádas céanna ag na páirtithe is a bhí acu sular thit Stormont.
Bheadh gach páirtí ag iarraidh casadh dearfach a bhaint as a leithéid de thoradh cé is moite d’Alliance, atá suite de go gcoinneoidh siad na hocht suíochán a bhí acusan, pé dream eile a chaillfeadh amach – sin iad Comhaontas Glas, Pobal Roimh Bhrabach, TUV agus an t-aon neamhspleách a bhí sa Tionól. Ach a leithéid de thoradh a bheith ann, bheadh an DUP thar a bheith sásta mar go bhfuil roinnt daoine ag tuar go dtitfidh líon a suíochán faoi bhun 30. Ní bheadh Sinn Féin róshásta (ní raibh siad sásta le toradh na bliana seo caite). Níl figiúr luaite maidir le líon na suíochán a mbeidís sásta leis ach tuigtear dom go dteastaíonn ar a laghad 25 suíochán uathu. Drochsheans go mbeadh an UUP ná an SDLP sásta leis an toradh thuas mar gur pairilis eile a bheadh ann dóibh.
Tá sé fíordheacair tuar a dhéanamh nó buille faoi thuairim a thabhairt faoi cé mar a éireoidh le haon dream mar tá sé deacair a mheas cén sórt tinrimh a bheidh ann. Níor chaith 45% de na toghthóirí vóta san toghchán anuraidh ach tháinig 62.7 % amach le vótáil sa reifreann faoin Aontas Eorpach a fhágáil. 56% a bhí i bhfabhar fanacht san AE. Ba mhó a suim san AE ná sa chóras a bhí in ainm is a bheith ag fóint orthu i Stormont. Ní dea-theist é sin.
Cífimid an athróidh aon cheo inniu.
Fág freagra ar 'TOGHCHÁN AN TIONÓIL: An cheist is mó, an fiú an tairbhe an trioblóid?'