TOGHCHÁN 2020: Idir Fianna Fáil agus Pobal Roimh Bhrabús a bheidh an ceathrú suíochán i gCorcaigh Thuaidh Lár

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

TOGHCHÁN 2020: Idir Fianna Fáil agus Pobal Roimh Bhrabús a bheidh an ceathrú suíochán i gCorcaigh Thuaidh Lár

Dáilcheantar: Corcaigh Thuaidh Lár

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den Vóta: 20%

Leagan Amach an dáilcheantair: An chuid de chathair Chorcaí taobh ó thuaidh den abhainn agus an ceantar tuaithe thart ar an Bhlarna agus Gleann Maghair ar imeall na cathrach

Teachtaí Dála ag seasamh: Pádraig O’Sullivan (FF) agus Mick Barry (PrB)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%) “Fothoghchán
2019 (%)”
Fianna Fáil 28 26 28
Fine Gael 18 16 21
Lucht Oibre 7 7 10
Sinn Féin 19.5 15 20
Glas 3 7 7
Clé 18.5 12 7
Eile 6 17 7


Anailís: Tá Pádraig O’Sullivan (FF) agus Thomas Gould (SF) réasúnta cinnte dá suíocháin. Toghadh Pádraig O’Sullivan (FF) sa bhfothoghchán anuraidh le suíochán an MEP Billy Kelleher (FF) a choinneáil d’Fhianna Fáil. Sa bhfothoghchán bhí 20% den vóta ag Thomas Gould (SF).  Seo an toghcheantar inar chaill Kathleen Lynch (LO) suíochán an Lucht Oibre in 2016 nuair a fuair Dara Murphy (FG) an ceann is fearr uirthi. Níl ach comhairleoir amháin ag Páirtí an Lucht Oibre ar Chomhairle Cathrach Chorcaí, an Comhairleoir John Maher (LO) a fuair 1,345 vóta sna toghcháin áitiúla agus atá ag caitheamh geansaí an Lucht Oibre sa toghchán seo.  Níl mórán seans aige agus gan ach 10% den vóta san bhfothoghchán ag Kathleen Lynch (LO). Bhuaigh Dara Murphy (FG) an ceathrú suíochán in 2016 go héasca agus ba cheart go gcoinneodh an Seanadóir Colm Burke (FG) an suíochán d’Fhine Gael. Bhí 21% den vóta aige sa bhfothoghchán. Tá Lorraine O’ Neill (FG) ar an ticéad in éindí leis.

Fuair an Comhairleoir Mick Barry (PrB) 8,041 vóta in 2016. Sna toghcháin áitiúla bhí 12% den vóta ag na páirtithe eile ar an eite chlé, Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin. Ag glacadh leis go mbeidh Mick Barry (PrB) chun tosaigh ar John Maher (LO), ba chóir go mbeadh a dhóthain vótaí aistrithe le fáil ag Barry ó Maher agus ó Coughlan (WP) le fanacht sa rás go dtí an deireadh. 

Tá triúr iarrthóirí ag seasamh d’Fhianna Fáil, Pádraig O’Sullivan (FF) a bhí sa 32ú Dáil, Sandra Murphy (FF) agus an Comhairleoir Tony Fitzgerald (FF). Coinneoidh O’Sullivan a shuíochán  agus is é Fitzgerald (FF) is fearr a mbeadh seans aige an dara ceann a fháil don pháirtí. Fuair sé 1,662 vóta sna toghcháin áitiúla.  Ach ní cabhair ar bith do sheansanna Fhianna Fáil ar an dara suíochán é go bhfuil an Comhairleoir Kenneth O’Flynn, nár éirigh leis ainmniúchán a fháil ón bpáirtí, ag seasamh mar neamhspleách. Fuair O’Flynn (NS) 1,710 vóta sna toghcháin áitiúla anuraidh. 

Ní bhfuair an t-iarrthóir atá ag Comhaontas Glas, an Comhairleoir Oliver Moran (CG) ach 1,883 vóta sa bhfothoghchán anuraidh, nó 7% den vóta, agus níorbh leor sin le bheith san iomaíocht ag an deireadh.

Ag glacadh leis go mbeidh suíochán amháin ag Fianna Fáil, suíochán amháin ag Fine Gael agus suíochán amháin ag Sinn Féin, idir Fianna Fáil agus Mick Barry (PBP) a bheidh an choimhlint don cheathrú suíochán. Má fhaigheann Barry a dhóthain vótaí aistrithe ó na páirtithe eile ar an eite chlé, ba chóir go gcoinneodh sé a shuíochán.

Ag seasamh chomh maith tá Sinéad Halpin atá san iomaíocht do na Daonlathaigh Shóisialta, a fuair 644 vóta sa bhfothoghchán agus James Coughlan atá ag seasamh do Pháirtí na nOibrithe. Fuair Finian Toomey, atá ag seasamh d’Aontú, 1,008 vóta sa bhfothoghchán. Tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha eile ag seasamh: James O’ Donovan, Timothy Hogan, Seán O’Leary, Diarmaid Ó Cadhla agus an Comhairleoir Ger Keohane a fuair 1,279 vóta sna toghcháin áitiúla.

Tuar: O’ Sullivan (FF), Gould (SF), Burke (FG), agus Barry (PrB)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Idir Fianna Fáil agus Pobal Roimh Bhrabús a bheidh an ceathrú suíochán i gCorcaigh Thuaidh Lár'