Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar ó na Dáilcheantair – Lár Laighean

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo

Cill Dara Theas

Líon Suíochán: 3

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Cuireadh cuid den Dáilcheantar seo isteach i Laois.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Martin Heydon (FG), Seán Ó Fearghail (FF).

Na Teachtaí Dála le Gaeilge: Seán Ó Fearghail (FF)

Anailís: Beidh suíochán amháin ag Fianna Fáil agus is ag Seán Ó Fearghail (FF) a bheas sé. Ag seasamh ar an dticéad chomh maith tá an Comhairleoir Fiona O’Loughlin (FF), a fuair 1,786 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Cill Dara/Droichead Nua, ceantar ina ndearna Fianna Fáil réasúnta maith sna toghcháin áitiúla. 

Tá an Lucht Oibre i mbaol an suíochán a bhí ag Jack Wall a chailliúint do Fhine Gael. Ag seasamh don Lucht Oibre tá mac leis, an Comhairleoir Mark Wall (LO). An mbeidh an mac in ann an vóta láidir pearsanta a bhíodh ag Jack Wall(LO), a choinneáil? Fuair Marc 1,531 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Áth Í.  Dá bhféadfadh sé fanacht chun cinn ar an tarna iarrthóir do Fhine Gael agus ar Declan Crowe (Nspl. Clé) atá ag seasamh ón Right 2 Change, bheadh aistrithe le fáil ón mbeirt acu, a choinneodh sa rása é. 

D’fhéadfadh Fine Gael dhá shuíochán a choinneáil anseo ach an vóta a roinnt réasúnta cothrom idir an Teachta Martin Heydon (FG) agus an Comhairleoir Fiona Mc Loughlin-Healy (FG). Is iarrthóir láidir í a bhfuil ag éirí go maith léi ar na meáin. D’fhéadfadh sí roinnt mhaith aistrithe a fháil ó Fiona O’ Loughlin (FF), arb ón gcuid chéanna den Dáilcheantar í, ach a bheith chun tosaigh uirthi.

Cé go bhfuair Sinn Féin 15% den vóta sna toghcháin áitiúla i 2014, is beag seans atá ag an iarrthóir atá roghnaithe ag an bpáirtí, Patricia Ryan (SF), toisc cónaí a bheith uirthi taobh amuigh den Dáilcheantar. Gheobhaidh sí thart ar 4,000 vóta agus beidh a cuid aistrithe an-tábhachtach agus an suíochán deireanach á shocrú idir Fine Gael agus an Lucht Oibre. 

Tá Declan Crowe (Right 2 Change) ag seasamh freisin agus má bhíonn sé chun tosaigh ar Patricia Ryan (SF), gheobhaidh sé cuid mhaith aistrithe uaithi. Iarrthóir eile a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht is ea an Comhairleoir Pender (Nspl) a fuair 1,026 vóta sna toghcháin áitiúla i 2014.

Is idir Fiona Mc Loughlin-Healy agus Mark Wall a bheas an tríú suíochán ceapaim. Ar fhéachaint dom ar na pobalbhreitheanna feictear domsa gur ag Fine Gael a bheas an suíocháin.

Faisnéis: Ó Fearghail (FF), Haydon (FG), Mc Loughlin – Healy (FG).


Cill Dara Thuaidh

Líon Suíochán: 4

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Níl ach athrú beag tagtha ar an Dáilcheantar seo agus thart ar 3,000 vóta curtha isteach i gCill Dara Theas.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Catherine Murphy (SD), Bernard Durkan (FG), Anthony Lawlor (FG), agus Emmet Stagg(LO). 

Anailís: Ní bhfuair FF suíochán in 2011 cé go bhfuair an páirtí 14.5% den vóta, idir bheirt iarrthóir.  Fuair Fianna Fáil 25% den vóta sna toghcháin áitiúla. Ar an gcaoi sin tá seans maith go dtógfaidh Fianna Fáil suíochán ó Fhine Gael anseo. Tá beirt iarrthóirí mhaithe ag seasamh don pháirtí, James Lawless agus Frank O Rourke. Le 2,123 vóta aige bhí Lawless (FF) ar bharr an liosta sna toghcháin áitiúla i gceantar Nás na Rí in 2014. I Léim an Bhradáin bhí Frank O’Rourke (FF) ar bharr an liosta le 1,814 vóta. Theastódh a lán aistrithe idir an bheirt le go dtógfadh Fianna Fáil suíochán ar ais sa Dáilcheantar seo.

Ta vóta láidir ag an Lucht Oibre sa Dáilcheantar seo agus eagraíocht mhaith ag Emmet Stagg (LO) leis na vótaí a chruinniú. Fuair sé 9,718 vóta in 2011 agus iarrthóir eile ag an Lucht Oibre ann. Ba cheart go mbeadh sé in ann a shuíochán a choinneáil.  Bhí 10% den vóta ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla. Ní leor é sin le suíochán a bhuachan i ndáilcheantar ceithre shuíochán.  Beidh thart ar 4,000 vóta ag Reada Cronin (SF), arb as ceantar Má Nuad di.

Gheobhaidh Catherine Murphy (SD) roinnt mhaith aistrithe ó Shinn Féin, mura mbeidh sí tofa cheana féin. Seans gurb í a bheas chun tosaigh ar an gcéad chomhaireamh.

Gan ach 20% den vóta ag Fine Gael sna toghcháin áitiúla, níl ach caolseans ann go n-éireoidh le Fine Gael dhá shuíochán a thógáil. Beidh ar Emmet Stagg (LO) fanacht chun cinn ar an tarna iarrthóir ag Fine Gael, le suíochán a choinneáil.

Bernard Durkan (FG) is fearr a dhéanfaidh idir an bheirt iarrthóir de chuid Fhine Gael.  Tá tacaíocht láidir ag Anthony Lawlor (FG) thart ar an Nás. Toghadh i dtosach é mar iarrthóir neamhspléach ar Chomhairle Contae Chill Dara in 2004. Fuair sé 6,882 vóta san olltoghchán in 2011.  géariomaíocht ar siúl le haghaidh vótaí thart ar Nás na Rí agus creidim go bhfuil a shuíochán i mbaol toisc an titim ar thacaíocht Fhine Gael ón olltoghchán sin.

Faisnéis: Murphy (SD), Durkan (FG), Stagg (LO) agus Lawless (FF).


Offaly

Líon Suíochán: 3

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Dáilcheantar nua é seo ina bhfuil thart ar 7,000 vóta ó Thuaisceart Thiobraid Árann curtha le hUibh Fhailí.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Marcella Corcoran-Kennedy (FG), Barry Cowen (FF).

Anailís: Níl dabht ar bith ach go bhfaighidh Fianna Fáil agus Fine Gael araon suíochán amháin anseo. Tá an Teachta Dála Barry Cowen (FF), deartháir le Brian Cowen, sábháilte. Tá an Comhairleoir Eddie Fitzpatrick (FF) aige mar chomhghleacaí. Is as ceantar Éadan Doire do Fitzpatrick agus fuair sé 1,250 vóta sna toghcháin áitiúla in 2014.   

Thit vóta Fine Gael go dtí 19% sna toghchán áitiúla ach fiú leis an leibhéal sin tacaíochta ba cheart go gcoinneodh an páirtí suíochán. Gan ach iarrthóir amháin ag seasamh beidh an suíochán ag Marcella Corcoran-Kennedy (FG), cé gur ar éigean a fuair sí an t-ainmniúchán ag an gcoinbhinsiún.

Bhí vóta Sinn Féin ag 14% sna toghcháin áitiúla agus is í an comhairleoir Carol Nolan ó Bhiorra atá ag seasamh an fhóid don pháirtí.  Ba cheart go mbeadh sí san áireamh ag an deireadh ach ní shamhlóinn go bhfaighidh sí suíochán. D’fhéadfadh a cuid aistrithe a bheith tábhachtach leis an tríú shuíochán a shocrú.

Faoi láthair níl an chuma air go mbeidh aon iarrthóir ag an Lucht Oibre sa Dáilcheantar seo.

Tá seans ag Renua suíochán a phiocadh suas sa Dáilcheantar seo leis an iarrthóir John Leahy. Toghadh ar an gComhairle Contae é mar chomhairleoir neamhspleách le 2,686 vóta. Fuair sé 4,882 vóta san olltoghchán in 2011. Más féidir leis na vótaí sin a choinneáil agus roinnt eile a fháil i dTuaisceart Thiobraid Árann, beidh sé san iomaíocht leis an gcomhairleoir John Foley (Comh.Nspl.) arb as Éadan Doire dó. Bhí sé le Fianna Fáil nuair a toghadh ina chomhairleoir é in 2009 ach sheas sé mar iarrthóir neamhspleách in 2011 agus fuair sé 1,078 vóta i gcomparáid le 1,250 ag Eddie Fitzpatrick (FF). Le suíochán a fháil beidh air bheith chun cinn ar Eddie Fitzpatrick (FF) agus a lán aistrithe a fháil uaidh.

Tá sé ráite ag Joe Hannigan (Nspl), arb as Tiobraid Árann dhó, go mbeidh sé ag seasamh. Go dtí seo ‘sé an t-aon iarrthóir as Tiobraid Árann a bheas san iomaíocht don 7,000 vóta sa chuid den chontae sin atá curtha le hUíbh Fhailí. Fuair Hannigan 2,028 vóta sna toghcháin áitiúla. Is as Cill Barúin é, áit a bhfuil teach tábhairne aige agus é sáite i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael. D’fhéadfadh idir 3,000 agus 4,000 vóta a bheith le roinnt aige. Gheobhaidh Marcella Corcoran-Kennedy (FG) cuid mhaith dóibh de bharr ceangal láidir idir Biorra agus an chuid de Thuaisceart Thiobraid Árann atá sa Dáilcheantar seo.

Faisnéis: Cowen (FF), Corcoran-Kennedy (FG) agus Foley (Comh. Nspl.).


Laois

Líon suíochán: 3

Athruithe sa dáilcheantar ó 2011: Dáilcheantar nua, ina bhfuil cuid mhaith de Cill Dara Theas curtha le Laois.

Na Teachtaí Dála atá ag seasamh: Charlie Flanagan (FG), Seán Fleming (FF), Brian Stanley (SF).

Anailís: Is cinnte go bhfaighidh Fianna Fáil agus Fine Gael suíochán amháin anseo araon. Is deacair an tríú suíochán a thuar.  Beidh an Teachta Dála Seán Fleming (FF) agus an tAire Charlie Flanagan (FG) réasúnta sábháilte. Is í an cheist mhór an mbeidh an Teachta Brian Stanley (SF) in ann a shuíochán a choinneáil.

D’éirigh le Fine Gael a vóta a choinneáil ag 30% sna toghcháin áitiúla ach ní leor é sin le dhá shuíochán a thógáil. D’fhéadfadh aistrithe ón Seanadóir John Whelan (LO) an tarna iarrthóir ó Fhine Gael, Thomasina Connell (FG), a thabhairt thar an líne. Níl sé soiléir an bhfuil mórán tacaíochta aici go háitiúil. Níor sheas sí sna toghcháin áitiúla agus níor cuireadh a hainm chun cinn ag an gcoinbhinsiún. Ceannáras Fhine Gael a chuir ar an dticéad í.

Fuair Whelan (LO) 5,806 vóta in 2011. Ní bheidh mórán thar 4,000 an babhta seo aige. Ach dá mbeadh sé chun cinn ar an tarna iarrthóir de chuid Fhine Gael, d’fhéadfadh sé aistriú maith a fháil tar éis do Charlie Flanagan (FG) a bheith tofa, agus an suíochán a bhaint ó Shinn Féin. 

D’fhéadfadh Fianna Fáil a bheith san iomaíocht don tarna suíochán dá mbeadh an tarna iarrthóir acu. Fuair iarrthóirí Fhianna Fáil 33% den vóta sna toghcháin áitiúla i Laois i gcomparáid le 30% do Fhine Gael. Faoi láthair níl ag seasamh don pháirtí ach an Teachta Seán Fleming. Roghnaíodh chomh maith an Comhairleoir Catherine Fitzgerald ó Phort Laoise ach tharraing sí siar de bharr cúinsí pearsanta.

Bhí vóta Shinn Féin ag 13% sna toghcháin áitiúla ach theastódh 17% le go mbeadh seans ag iarrthóir suíochán a fháil i ndáilcheantar 3 shuíochán.  Fuair Stanley (SF) 8,009 vóta in 2011agus d’éirigh leis aistriú réasúnta maith a fháil ó iarrthóirí neamhspleácha a cuireadh as an iomaíocht in 2011. 

Beidh Stanley (SF) san áireamh ag an deireadh ach gan borradh a theacht faoi thacaíocht Shinn Féin le linn an fheachtais ní shamhlóinn go bhfaighidh sé an suíochán agus go gcuirfidh aistriú vóta ón Lucht Oibre an tarna iarrthóir ó Fhine Gael thar an line roimhe.

Faisnéis: Flanagan (FG), Fleming (FF) agus Connell (FG).

Fág freagra ar 'Toghchán 2016 – tuairisc agus tuar ó na Dáilcheantair – Lár Laighean'