‘To control a people’s culture is to control their tools of self-definition’ – acht na Gaeilge agus buama cultúrtha na n-aontachtaithe

Tá dhá thaobh le haon teanga – modh cumarsáide agus seachadóir cultúir. Sin an chúis go bhfuil col ag cuid mhór aontachtaithe leis an éileamh ar acht Gaeilge ó thuaidh

‘To control a people’s culture is to control their tools of self-definition’ – acht na Gaeilge agus buama cultúrtha na n-aontachtaithe

Agus polaiteoirí na sé chontae ag caitheamh scudanna ar a chéile an tseachtain seo, agus iad d’iarraidh, mar dhea, an tionól a chur ar a bhonnaibh aríst, bhí leathshúil á coimeád agam orthu, agus an leabhar Decolonising the Mind leis an údar Céiniach Ngũgĩ wa Thiong’o á léamh agam ag an am céanna. Ba dhóigh leat gur beag baint a bheadh ag údar Gĩkũyũ agus acht Gaeilge lena chéile, ach féach go bhfuil.

Domsa, is é an rud is tábhachtaí fén bhfeachtas ar mhaithe le hacht Gaeilge ó thuaidh ná an tábhacht a bhaineann leis an gcultúr a leanann an teanga. I bhfoclaibh Ngũgĩ, tá dhá thaobh le haon teanga – modh cumarsáide agus seachadóir cultúir. Labhraítear Béarla sa Bhreatain, sa tSualainn agus sa Danmhairg, mar shampla, ach is sa Bhreatain atá an teanga ina mhodh cumarsáide agus ina sheachadóir cultúir. Sin atá i gceist leis an nGaelainn abhus, agus sin atá ag scanrú na bunaíochta Aontachtaí.

Tá baint ón mbonn aníos ag an Impiriúlachas cultúrtha leis an bhfeachtas ar son an achta, agus leis an bhfeachtas ina choinne. Tá tús áite ag cultúr, agus ag teanga amháin, i sochaí na sé contae ó leagadh teorainn ina dtimpeall (agus i bhfad roimhe sin ar an oileán seo ar fad), agus tá éileamh á dhéanamh anois air sin a cheartú beagáinín. Tráchtann Ngũgĩ ar an ‘mbuama cultúrtha’ a úsáidtear mar chuid d’arm cogaidh an impiriúlachais, agus feictear dom go bhfuil a rian seo le feiscint in Éirinn fós, lastuaidh den teorann ach go háirithe:

The effect of a cultural bomb is to annihilate a people’s belief in their names, in their languages, in their environment, in their heritage of struggle, in their unity, in their capacities and ultimately in themselves. It makes them see their past as one wasteland of non-achievement and it makes them want to distance themselves from that wasteland. It makes them want to identify with that which is furthest removed from themselves; for instance, with other peoples’ languages rather than their own.

Caithfear an eagla atá ar an gcosmhuintir aontachtach ó thuaidh a thuiscint. Bunaíodh an stáitín ó thuaidh geall le céad bliain ó shin chun forlámhas iomlán a thabhairt don gcultúr lena mbaineann siad, nó an leagan fíorchúng de chultúr na Breataine a ghéilleann formhór de phiardaí móra an aontachtachais dó; cultúr Anglalárnach, Protastúnach, coimeádach, ríoga, dílis, impiriúlach, agus Béarlach.

Ní oiriúnaíonn Caitliceach ó Eilean Barra a labhraíonn Gàidhlig sa phictiúr seo, ná an duine aerach a labhraíonn an Bhreatnais, gan trácht ar an duine Briotanach ó thuaidh atá ar a gcompord leis an nGaelainn. Samhlaímse éagsúlacht agus meascán saibhir cultúir leis an mBreatain, ach sin a mhalairt den rud a shamhlaím leis an DUP. Agus anois, sa stáitín a thug tús áite agus stádas dóibh féin agus dá gcultúr riamh anall, táthar ag iarraidh stádas a thabhairt do chultúr atá lasmuigh den mbosca úd ar fad. Nach diail an t-éirí in airde é.

Ní chabhraíonn cuid den tráchtaireacht ó pholaiteoirí aontachtacha, a bhíonn thar a bheith greannmhar, nó truamhéalach is dócha, leis an gcosmhuintir a chur ar a suaimhneas maidir le cearta teanga.  Dúirt an fathach úd i saol an chomhionannais agus na gceart, Jim Allister ón TUV, go raibh ‘taobh dorcha’ ag baint leis an nGaelainn, agus dhein tagairt do Leabhar Glas an IRA. (Níor luaigh sé an ‘Lámh Dhearg Abú’ atá mar mhana ag an Red Hand Commando in aon chor. N’fheadar canathaobh).

An mbaineann an ‘taobh dorcha’ céanna Laidin leis, ós rud é go bhfuil Quis Separabit mar mhana ag an UDA, nó leis an mBéarla féin, nó fiú le huimhreacha? (Caithfidh go bhfuil Jim an-olc ar na sums, mura n-úsáideann sé 14 agus 88 na Naitsithe.)

Ní mise an fear taca is láidre atá ag reachtaíocht teanga, ná ní chreidim gur in achtanna atá slánú na Gaelainne le fáil. Ach ar a shon san is eile, is furasta domsa é sin a rá, agus mé im’ i ndlínse ina bhfuil aitheantas do thábhacht na teanga seo againne scríte sa Bhunreacht. Táim anso i nDún Chaoin, ceann de na pobail Ghaeltachta is láidre sa tír, cé go ndúirt iar-eagarthóir an Indo Gerry O’Regan, ar TV3 – sin dhá ceann de dhúnfoirt na Gaelainne, tabhair fé ndeara— nach raibh gá le hAcht Teanga ó thuaidh, mar nach raibh aon Ghaelainn le clos i nDún Chaoin ná i mBaile an Fheirtéaraigh.

Is ea b’fhéidir go bhfuil an Duibhneach seo ró-réchúiseach faoi chúrsaí reachtaíochta. Má chreideann pobal na Gaelainne sna sé chontae gur acht teanga an tslí is fearr acu chun a gcearta a bhaint amach, táim leo.

Bíodh an focal scoir ag ár gcara Ngũgĩ:

To control a people’s culture is to control their tools of self-definition in relationship to others. For colonialism this involved two aspects of the same process: the destruction or deliberate undervaluing of a people’s culture, their art, dances, religions, history, geography, education, orature, and literature, and the conscious elevation of the language and ‘culture’ of the coloniser.  The domination of a people’s language by the languages of the colonising nations was crucial to the domination of the mental universe of the colonised…

Fág freagra ar '‘To control a people’s culture is to control their tools of self-definition’ – acht na Gaeilge agus buama cultúrtha na n-aontachtaithe'

  • Síle Ní Chathasaigh

    Sár-alt. Táim chun Decolonising the Mind a léamh chomh luath agus is féidir. Go raibh maith agat.

  • An Teanga Bheo

    Is cóir cine dhiothú atá i gceist anseo modh sibhéalta mar dhea .. ach níl i gceist ach scanrú ar lucht an teanga” no Language no Flag crush the rebels .”……….cuir faoi chois iad
    gan saor theasteal leis an mBreathimeacht ar fud n tire agus an riocht easaontaithe ag sarú na cearta daonna de shíor …………impireacht ceann dána mar a bhí ariamh sin é.

  • Mánus

    Níl fhios agam cén tír ina bhfuil Daithí de Mórdha ina chónaí? Mura bhfuil duine sásta raic a thógaint sna 26 condae ní bheidh cearta teanga ar bith agat. Tá stádas beagnach teoiriciúil ag an Ghaeilge sa Státchóras sna 26 condae.
    Ní leor Acht Teanga ó thuaidh chun teanga a athbheochaint. Teastaíonn eastáit tithíochta dos na Gaeil mar shampla.

  • gabhánach de nógla