“Sé an scéim pinsin é,” a deir an fear liom agus é ag caitheamh súil trasna an chuain. Cén t-údar a bhí aige le scaradh leis an áilleacht seo? Sa nGaeltacht oifigiúil atá sé. Tá an teach go maith, ar nós mórán teach ar bith faoin tuath. Tá an praghas ard, thart ar leathmhilliún. Gheobhaidh sé é sin – tá sé suite san áit cheart. Ceannóidh sé teach, ach gan radharc sceirdiúil, agus beidh cuid den phinsean fágtha. Níl le rá ach go n-éirí lena phlean pinsin.
Sampla amháin den chúis go mbíonn tithe á gcoinneáil agus á ndíol – tithe folmha scaití. Bíonn an pinsean i gceist nó teach do ghasúir amach anseo, nó ‘cnapshuim’ infheistíochta, agus tuilleadh. Tá ciall agus réasún le chuile chúis acu, má tá tú i mbróga an té ar leis an teach cois cuain.
I bhfianaise an pholasaí atá luaite ag Údarás na Gaeltachta maidir le leas a bhaint as tithe tuaithe atá folamh, is mithid an cheist a chur: cé mhéad ceann acu atá ar fáil? Sin ceist le cíoradh ag an gcomhordaitheoir a bheidh ag an Údaráis le haghaidh na hoibre sin.
Níl aon eolas tugtha go poiblí faoi bhaoite ar bith a chuirfí ar fáil do dhuine a scarfadh le teach folamh faoin tuath ar feadh téarma blianta. Ach tá samplaí againn de bhealaí ar baineadh triail astu. D’fhéadfaí airgead a thabhairt le caoi a chur ar theach – d’fhéadfadh go mbeadh pleanáil agus córas séarachais ag teastáil – mar chuid de mhargadh go mbeadh an teach sin ar fáil ansin le ligean ar cíos ar feadh 15 /20 bliain. Tá múnla atá cosúil leis seo ag baint le scéim de chuid an Rialtais ar fud na tíre. An bhféadfaí cur leis sin i gcás na Gaeltachta?
Luadh ceantair atá ag cailleadh daonra i ráiteas Údarás na Gaeltachta maidir leis na tithe folmha, agus an buntáiste a bhainfeadh leo dá mbeadh cónaí iontu. Chuideodh sin le beocht na mbailte fearainn agus b’fhéidir, cur le líon na ngasúr sna scoileanna. Bhí múnla spéisiúil de seo go mór san nuacht scór blianta ó shin, polasaí ar ar tugadh an Scéim Athlonnaithe Tuaithe, nó Rural Resettlement Ireland, agus an dealbhadóir agus gníomhaí tuaithe i gcontae an Chláir, Jim Connolly, ina chionn.
Sa gcás sin, féachadh le tithe folmha a aimsiú agus daoine a bhí i dtuilleamaí an chórais leasa shóisialaigh i gcathracha – Baile Átha Cliath go háirithe – a thabhairt chun na tuaithe.
D’éirigh go maith leis ar feadh píosa, go h áirithe in iarthar an Chláir. Seachnaíodh laghdú ar an líon múinteoirí sna scoileanna áitiúla. Bhí riar daoine áitiúla ann a bhí sásta tithe folmha a chur ar fáil ar cíos. Rinneadh socruithe le Comhairlí Contae i gcontae an Chláir, i gCiarraí agus i gCúige Chonnacht go gcuirfí tithe sóisialta ar fáil do líon áirithe de na daoine a thiocfadh anuas faoin tuath. Thriail Jim Connolly i gcomhar le baill an Choiste Pobail an scéim a thabhairt go Ros Muc i gConamara ach ní raibh fáil ar theaghlaigh a raibh Gaeilge acu. Ba é an spás, an suaimhneas, an tsíocháin, agus seans ar athrú saoil an baoite.
Ach ní leor an méid sin i scéim an Údaráis.
Theastódh airgead. D’fhéadfadh go mbeadh feabhas ar theach – agus an costas curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta – sásúil i gcásanna áirithe. Ar ndóigh, bheadh an caiteachas le cur san áireamh freisin. Mar mheastachán ginearálta, chuile sheans go dteastaíonn thart ar €100,000 sa lá inniu, le caoi cheart a chur ar theach atá fágtha gan aon chónaí le tamall. Anois tagann tionóntaí i gceist agus caithfidh Gaeilge a bheith acu. An roghnófar na tionóntaí sin as clár na gComhairlí Contae áitiúla, nó cén córas a bheidh ann?
Tugann sin muid go dtí an cheist – cé mhéid airgid, nó acmhainní atá Údarás na Gaeltachta sásta a chaitheamh ar a bpolasaí tithíochta? B’fhéidir go bhfuil cuid den fhreagra le fáil sa dréacht den Bhille nua a bhaineann leis an eagraíocht – sin go bhféadfadh an tÚdarás talamh a chuir i dtreo tithíochta i leaba na forbartha tionscail, i gcásanna áirithe.
Agus sin scéal eile, ach an oiread le scéal an phinsin ag ár gcara Gaeltachta, ar imeall an chuain.
Fág freagra ar 'Tithe folmha agus tithe ag teastáil'