Tionól na nDéise 2015

An t-amhránaí Ciarán Ó Gealbháin a bheidh i mbun cainte ag Tionól na nDéise na bliana seo

 

ciaran_o_gealbhain

Beidh an chéad chaint eile i sraith imeachtaí Thionól na nDéise 2015 de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, ar siúl i nDún Garbhán ar an Satharn, 11 Aibreán, mar chuid d’Fhéile Bia Iarthar Phort Láirge. Beidh an Tionól ar siúl i mBainnlann Chúil na nGabhar ar Shráid Uí Chonaill ag a 3.30i.n. agus beidh fáilte roimh gach éinne chuig an ócáid saor in aisce seo.

Is é an t-amhránaí Ciarán Ó Gealbháin a bheidh i mbun cainte ag Tionól na nDéise an babhta seo. Tabharfaidh Ciarán caint uaidh dar teideal Na Prátaí Dubha agus déantúis eile de chuid Molly na Páirce, agus é ag déanamh cur síos ar fhilíocht agus amhráintí Mháire Uí Dhroma ó Rinn Ua gCuanach. De bhunadh an tSeanphobail i nGaeltacht na nDéise, mar a bhfuil cónaí fós air, léachtóir is ea Ciarán i Roinn an Bhéaloidis, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Iarbhall den ngrúpa ceoil Danú is ea é a bhfuil tráchtas dochtúireachta á scríobh aige i láthair na huaire ar ghnéithe de thraidisiún na hamhránaíochta sna Déise. Tá ina chomheagarthóir ó 2008 ar an iris bhéaloideasa agus eitneolaíochta, Béascna.

Sraith cainteanna is ea Tionól na nDéise, a eagraíonn Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge in áiteanna éagsúla ar fud an chontae gach bliain. Tá an Tionól seo á eagrú i gcomhar le lucht eagraithe Fhéile Bia Iarthar Phort Láirge agus tá sé mar chuid de chlár iomlán imeachtaí a bheidh ar siúl i nDún Garbhán agus sa cheantar máguaird le linn dheireadh seachtaine an 9-12 Aibreán.

Beidh fáilte roimh gach éinne chuig Bhainnlann Chúil na nGabhar ar an Satharn, 11 Aibreán ar a 3.30i.n. don ócáid saor in aisce seo, ag a ndéanfar ceiliúradh ar ár dteanga, ár n-oidhreacht agus ár stair dhúchasach.

Tuilleadh eolais:

Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Contae Phort Láirge 

Fón: (058) 20884

Ríomhphost: msbreathnach@waterfordcoco.ie

Fág freagra ar 'Tionól na nDéise 2015'