Tesco Ireland, JD Wetherspoon agus fiontraithe óga Gaeltachta i measc buaiteoirí gradam Gaeilge

Tá aitheantas tugtha ag Glór na nGael do bheagnach 150 gnólacht ar fud na tíre as an nGaeilge a chur chun cinn

Tesco Ireland, JD Wetherspoon agus fiontraithe óga Gaeltachta i measc buaiteoirí gradam Gaeilge

Bronnadh gradaim ar bheagnach 150 gnólacht ar fud na tíre mar aitheantas as an obair atá déanta acu leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Reáchtáladh ócáid bhronnta Gradaim Ghnó na hÉireann 2023 i bPáirc an Chrócaigh inné agus comharthaí speisialta bronnta ag Glór na nGael ar na buaiteoirí.

Tugadh aitheantas do ghnólachtaí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht ag an ócáid agus bhí Tesco Ireland, JD Wetherspoon, agus Trócaire i measc na mbuaiteoirí.

Bronntar na gradaim ar ghnólachtaí as a ndéanann siad ó thaobh úsáid na Gaeilge i dtrí réimse: comharthaíocht; brandáil agus margaíocht; agus seirbhís i nGaeilge.

D’éirigh le 26 gnólacht bonn óir a bhaint amach sna trí réimse agus fuair 74 gnólacht eile bonn amháin óir ar a laghad. Ó bunaíodh an scéim anuraidh, tá breis agus 480 bonn aitheantais bronnta.

Dúirt Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir na scéime de chuid  Glór na nGael, go dtugann comharthaí GRADAIM le fios don phobal cén saghas seirbhíse Gaeilge is féidir leo a bheith ag súil leis ó na gnólachtaí atá rannpháirteach.

“Tá an t-aitheantas náisiúnta a bronnadh ar na gnólachtaí, idir bheag agus mhór, tuillte acu. Déanaim comhghairdeas leo uilig, molaim go hard iad as a ndíograis agus a dtiomantas agus dar ndóigh gabhaim buíochas leis na hionadaithe ó na coistí pobail agus na hoifigigh pleanála teanga timpeall na tíre atá ag tacú le cur chun cinn na scéime,” a dúirt Mac Cionnaith.

Sa rannóg speisialta ‘Fiontraí Óg na Bliana’, tugadh aitheantas ar leith do Mia Nic Daibhéid (aoisghrúpa 18-21) as Anagaire i  nDún na nGall. Thosaigh Mia Nic Dáibhéid a gnó fein ag díol uachtar reoite ar láthair ghnó a muintire in 2021.

Tugadh aitheantas speisialta chomh maith do Ruairí Ó hÓgáin, Diarmuid Ó Seaghadha, Leo de Brún and Cathal Ó Dufaigh as Corca Dhuibhne. Bhunaigh na Duibhnigh óga an comhlacht Fíricí Fánnacha mar thionscadal idirbhliana ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne.  Chruthaigh siad an cluiche ‘Fíricí Fánacha’, ar chluiche quiz é i nGaeilge bunaithe ar an spóirt.

Is í an láithreoir teilifíse Mary Kennedy a bhronn na gradaim ag an ócáid inné agus ba í Sinéad Ní Uallacháin a bhí ina bean an tí.

Bronnadh bonn óir ar 26 gnólacht i mbliana:

Cógaslann Mhuintir Breathnach Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Teach Bhillie Gort a’ Choirce,   Co. Dhún na nGall.
Clódóirí CL Print Eastát Tionsclaíochta Chasla, Co.   na Gaillimhe
Forbairt na Dromoda Teo Máistir Gaoithe, Cill Airne, Co. Chiarraí
An Siopa Leabhar 6 Sráid Fhearchair Baile Átha   Cliath 2
Seosamh Breathnach (hurley Fixer) CLG Na Fianna, Bóthar Mobhí, BÁC
Connect The Dots Design Béal Feirste
An Garraí Glas Na   Creagáin, Indreabhán, Contae na Gaillimhe
Óga Yoga, Mullach Íde Baile Átha Cliath
Caifé Ceoil Áras Mhic Reachtain, Bóthar   Aontroma, Béal Feirste
Siopa Údar, Ráth Chairn, Co.na Mí
Kombucha Na Dálaigh, Gort a’Choirce, Co. Dhún na nGall.
OQ Education Contae Shligigh
An Spailpín Fánach, Ceardlann an Spidéil, Co.na   Gaillimhe
Beatha Sráid an Doirín Daingean Uí Chúis   Co. Chiarraí
Corcra Media Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal   Feirste
Aran Úna @ Caifé Úna Inis Oírr,   Co.na Gaillimhe
Stiúideo Feirste 30 Sráid Dhubhaise, Aontroim
Tesco, Siopa an Phobail, Indreabhán, Co.na Gaillimhe
Teanga Mhilis, Ceatharlach.
Cinnteacht, Iúr Chinn Trá, Co.an Dún
An Capall Dubh Sráid an Doirín, Daingean Uí Chúis   Co. Chiarraí
Cúram Lae An Droichead Sráid Cooke, Béal Feirste
T Ó Máille Teo. Ros Muc, Co.na Gaillimhe
An Lon Dubh 30 Sráid Dhubhaise Béal Feirste
Sinéad Ní Uallacháin

 

Pat Carey, Ruairí Ó hÓgáin agus Mary Kennedy

 

Pat Carey, Mia Nic Dáibhéid agus Mary Kennedy

Fág freagra ar 'Tesco Ireland, JD Wetherspoon agus fiontraithe óga Gaeltachta i measc buaiteoirí gradam Gaeilge'

  • Seosamh Ó Beirgin

    Cén duais nó duaiseanna a bhuaigh Tesco Ireland agus JD Wetherspoon? Luaitear sa téacs iad ach ní áirítear iad sa tábla ag an mbun.