Bronnadh gradaim ar bheagnach 150 gnólacht ar fud na tíre mar aitheantas as an obair atá déanta acu leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Reáchtáladh ócáid bhronnta Gradaim Ghnó na hÉireann 2023 i bPáirc an Chrócaigh inné agus comharthaí speisialta bronnta ag Glór na nGael ar na buaiteoirí.
Tugadh aitheantas do ghnólachtaí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht ag an ócáid agus bhí Tesco Ireland, JD Wetherspoon, agus Trócaire i measc na mbuaiteoirí.
Bronntar na gradaim ar ghnólachtaí as a ndéanann siad ó thaobh úsáid na Gaeilge i dtrí réimse: comharthaíocht; brandáil agus margaíocht; agus seirbhís i nGaeilge.
D’éirigh le 26 gnólacht bonn óir a bhaint amach sna trí réimse agus fuair 74 gnólacht eile bonn amháin óir ar a laghad. Ó bunaíodh an scéim anuraidh, tá breis agus 480 bonn aitheantais bronnta.
Dúirt Frainc Mac Cionnaith, bainisteoir na scéime de chuid Glór na nGael, go dtugann comharthaí GRADAIM le fios don phobal cén saghas seirbhíse Gaeilge is féidir leo a bheith ag súil leis ó na gnólachtaí atá rannpháirteach.
“Tá an t-aitheantas náisiúnta a bronnadh ar na gnólachtaí, idir bheag agus mhór, tuillte acu. Déanaim comhghairdeas leo uilig, molaim go hard iad as a ndíograis agus a dtiomantas agus dar ndóigh gabhaim buíochas leis na hionadaithe ó na coistí pobail agus na hoifigigh pleanála teanga timpeall na tíre atá ag tacú le cur chun cinn na scéime,” a dúirt Mac Cionnaith.
Sa rannóg speisialta ‘Fiontraí Óg na Bliana’, tugadh aitheantas ar leith do Mia Nic Daibhéid (aoisghrúpa 18-21) as Anagaire i nDún na nGall. Thosaigh Mia Nic Dáibhéid a gnó fein ag díol uachtar reoite ar láthair ghnó a muintire in 2021.
Tugadh aitheantas speisialta chomh maith do Ruairí Ó hÓgáin, Diarmuid Ó Seaghadha, Leo de Brún and Cathal Ó Dufaigh as Corca Dhuibhne. Bhunaigh na Duibhnigh óga an comhlacht Fíricí Fánnacha mar thionscadal idirbhliana ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Chruthaigh siad an cluiche ‘Fíricí Fánacha’, ar chluiche quiz é i nGaeilge bunaithe ar an spóirt.
Is í an láithreoir teilifíse Mary Kennedy a bhronn na gradaim ag an ócáid inné agus ba í Sinéad Ní Uallacháin a bhí ina bean an tí.
Bronnadh bonn óir ar 26 gnólacht i mbliana:
Cógaslann Mhuintir Breathnach | Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí |
---|---|
Teach Bhillie | Gort a’ Choirce, Co. Dhún na nGall. |
Clódóirí CL Print | Eastát Tionsclaíochta Chasla, Co. na Gaillimhe |
Forbairt na Dromoda Teo | Máistir Gaoithe, Cill Airne, Co. Chiarraí |
An Siopa Leabhar | 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 |
Seosamh Breathnach (hurley Fixer) | CLG Na Fianna, Bóthar Mobhí, BÁC |
Connect The Dots Design | Béal Feirste |
An Garraí Glas | Na Creagáin, Indreabhán, Contae na Gaillimhe |
Óga Yoga, | Mullach Íde Baile Átha Cliath |
Caifé Ceoil | Áras Mhic Reachtain, Bóthar Aontroma, Béal Feirste |
Siopa Údar, | Ráth Chairn, Co.na Mí |
Kombucha Na Dálaigh, | Gort a’Choirce, Co. Dhún na nGall. |
OQ Education | Contae Shligigh |
An Spailpín Fánach, | Ceardlann an Spidéil, Co.na Gaillimhe |
Beatha | Sráid an Doirín Daingean Uí Chúis Co. Chiarraí |
Corcra Media | Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste |
Aran Úna @ Caifé Úna | Inis Oírr, Co.na Gaillimhe |
Stiúideo Feirste | 30 Sráid Dhubhaise, Aontroim |
Tesco, Siopa an Phobail, | Indreabhán, Co.na Gaillimhe |
Teanga Mhilis, | Ceatharlach. |
Cinnteacht, | Iúr Chinn Trá, Co.an Dún |
An Capall Dubh | Sráid an Doirín, Daingean Uí Chúis Co. Chiarraí |
Cúram Lae An Droichead | Sráid Cooke, Béal Feirste |
T Ó Máille Teo. | Ros Muc, Co.na Gaillimhe |
An Lon Dubh | 30 Sráid Dhubhaise Béal Feirste |



Seosamh Ó Beirgin
Cén duais nó duaiseanna a bhuaigh Tesco Ireland agus JD Wetherspoon? Luaitear sa téacs iad ach ní áirítear iad sa tábla ag an mbun.