Teip na hiriseoireachta tomhas mar is ceart a dhéanamh ar eachtraí Trump

ACHADH UÍ MHUIRÍ (DIALANN RUA): Ruathar ar an gCaipeatól; pocaire gan ghaoth; agus cruachás an Bhreatimeachta

Teip na hiriseoireachta tomhas mar is ceart a dhéanamh ar eachtraí Trump

Thiocfadh leat fiche alt a scríobh ar an scliúchas mharfach in Washington a chuir críoch le ré DJT sa Teach Bhán: d’fhéadfá díriú ar an chaill dhaonna le linn na heachtra, ar an fhoréigean agus ar éadaí osréalaíocha na n-agóideoirí.

Ach is é tuairisciú na meán a mheallann aird an iriseora seo. Bí ag caint ar phreas gan phrionsabal. Is ceart agus is cóir gach aon ghníomh foréigin a cháineadh. Fágann an lámh láidir – an bríce, an bata, an chloch, an peitrealbhuama, an piléar  – rian fisiciúil agus síceolaíoch ar dhaoine; ar na daoine a leagtar go fuilteach agus ar na daoine a fhágtar ar thrá fholamh an fhoréigin ina ndiaidh. D’éirigh daoine a maraíodh an mhaidin sin, d’éirigh siad le páirt a ghlacadh i léirsiú an uachtaráin Trump nó le póilíneacht a dhéanamh air agus bhí siad ag súil gur faoi chlúid a gcuid leapacha féin a bheadh siad ag deireadh an lae, chan i gcónra fhuar. Tubaiste atá ann don uile dhuine acu.

Is é an trua, ámh, nach raibh meáin mhóra mheasúla na Stát chomh dian sin ar an fhoréigean pholaitiúil le tamall mór de mhíonna roimhe sin. Is é an trua nár cáineadh ionsaí ar theach cúirte agus stáisiún póilíní nó ar shiopaí príobháideacha nó ar dhaoine go leanúnach coinsiasach leis an bhinb chéanna; gur dhúirt tráchtairí tromchúiseacha, iriseoirí ionraice agus colúnaithe cróga arís agus arís eile, gur sna cúirteanna a ba cheart leigheas ar dhochar a lorg. 

Ní fíor, mar a thug ceannairí na nDaonlathaithe agus mórán de lucht preasa le fios, gur eachtra gan samhail a bhí sa ruathar ar an Chaipeatól. Nach bhfuil an saol mór ag amharc ar eachtraí foréigin sna Stáit le míonna móra fada anuas? Is é an difear atá ann gur buíon de lucht tacaíochta Trump a rinne an t-ionsaí an iarraidh seo. Is é an chéad ionsaí mór in 2021 é ach is ionsaí eile é i sraith ionsaithe atá ar siúl le míonna anuas. 

Thug an BBC “ionradh” ar an eachtra chéanna. Is amaideach an focal é sa chomhthéacs; agus is léiriú (eile) é ar theip na hiriseoireachta traidisiúnta le tomhas mar is ceart a dhéanamh ar eachtraí a bhaineann le huachtaránacht Trump. Dá olcas an cur síos sin, ba mheasa a leathbhádóirí Meiriceánacha sna meáin mheasúla: “éirí amach” agus “tréas” a bhí ann, dar le mórán acu.

Ruaig na comhlachtaí móra meán an tUachtarán Trump dá n-ardáin shóisialta idirlín i ndiaidh na tubaiste, rud a chothaigh iaróg eile agus bá dó i measc a lucht leanúna. D’athraigh na comhlachtaí an scéal ar a shon: ní ag caint ar fhoréigean a bhí a lucht leanúna a thuilleadh ach ar chinsireacht, ní gan chúis, agus ar phurgú. 

Thug na meáin shóisialta – a chraolann pornagrafaíocht agus a chraoladh dícheannadh anois agus arís – thug siad ábhar eile cainte don tsaol mhór agus thug leid eile do lucht leanúna Trump nach raibh iontu ach seachoifigí preasa de chuid na n-uaisle. 

Tá Trump anois ag caint ar “ghéarleanúint” ina éadan agus creideann mórán dá chuid vótóirí gur i Sóivéid Aontaithe Mheiriceá a chónaíonn siad anois. An toirtín mór agus an mhallacht atá ag an uachtarán tofa, Joe Biden, ag tús a ré. 

Pocaire gan ghaoth

Bua amháin a bhaineann leis an am seo bliana ag an bhreathnóir amaitéarach éin féin go mbíonn níos mó éanacha le feiceáil de bharr easpa duilleog. Chonaic mé oiread lon dubh agus a líonfadh ceolfhoireann agus mé ag taisteal liom; rang pilibíní ag innilt go staidéartha ar an fhaiche mhór; foireann peile de spideoga ag eitilit anonn agus anall ar chosáin na tuaithe; an dreoilín aonair agus a thóin le talamh, ag léim idir toim; agus, an radharc is truacánta ar fad, an pocaire gaoithe sáinnithe ar chraobh. Bhí an loch chomh ciúin le clár agus dianghlasáil ar an leoithne féin. Cad is fiú pocaire gan ghaoth?

Cáis chrua

Seans gur mhothaigh tú tuairiscí nuachta go raibh seilfeanna in ollmhargaí an Tuaiscirt folamh de bharr na teorann nua trádála idir Éirinn (an chuid thuaidh di) agus an Bhreatain Mhór. Níl úinéirí na n-ollmhargaí sásta go bhfuil páipéarachas sa bhreis le líonadh acu chun na hearraí  a dhíolann siad i mBirmingham a dhíol i mBéal Feirste fosta.

Thug mé suntas do thuairisc amháin nuachta go raibh deacracht ag mangaire cáise sa Tuaisceart teacht ar Stilton de bharr na rialacha nua nó i Sasana amháin atá Stilton le fáil. Shílfeá é a bheith seafóideach nach dtig leis Stilton Sasanach a fháil thar sáile isteach. (Abair sin go gasta faoi thrí.) Súil agam nach fada go dtiocfaidh a chuid cáise agus nach mbeidh a ghnó thíos leis an easpa.

Mar sin féin, tá siopadóireacht déanta agam i roinnt ollmhargaí le seachtain anuas agus níor shonraigh mé ganntanas ar bith sna hearraí a bhí á lorg agam. Ar mo shon féin de, cáis chéadair Chúil Raithin is fearr liom agus tá sin le fáil gan stró. Seans, mura mbeadh, go n-éireoinn cantalach. Braitheann do bharúil ar an Bhreatimeacht ar cháis, is cosúil.

Cás de cháis chrua, an ea? 

(Mo leithscéal, mo leithscéal, mo mhíle leithscéal.)

Fág freagra ar 'Teip na hiriseoireachta tomhas mar is ceart a dhéanamh ar eachtraí Trump'