‘Teachtaireacht láidir’ faoi Bhaile Átha Cliath le teacht ó NPHET agus srianta breise á bplé

Thug an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le fios aréir go raibh an galar ‘ag fás’ 5% gach lá i mBaile Átha Cliath

‘Teachtaireacht láidir’ faoi Bhaile Átha Cliath le teacht ó NPHET agus srianta breise á bplé

Déanfaidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) plé inniu faoi shrianta ar leith a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath chun dul i ngleic leis an ardú mór ar líon na gcásanna de Covid-19 san ardchathair.

Thug NPHET le fios aréir go raibh an galar ‘ag fás’ 5% gach lá i mBaile Átha Cliath.

Ní raibh an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, sásta a rá cén chomhairle a chuirfí ar an Rialtas i dtaobh Bhaile Átha Cliath ná an mbeadh srianta breise i gceist, ach dúirt sé go bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de go mbeadh “teachtaireacht láidir” ag NPHET i ndiaidh chruinniú an lae inniu.

Dúirt an Dr Philip Nolan gur fhág daonra mór Bhaile Átha Cliath go raibh sé “ riachtanach” go gcuirfí stop “láithreach” leis an ardú ar líon na gcásanna ann. Chuige sin chaithfeadh gach duine gearradh siar ar líon na ndaoine go mbuaileann siad leo go sóisialta agus a bheith níos cúramaí nuair a chaithfidh siad a bheith i gcomhluadar daoine.

Meastar go bpléifidh NPHET srianta a thabhairt isteach a chuirfeadh stop le daoine i mBaile Átha Cliath a bheith ag tabhairt cuairte ar thithe a chéile.

Is amhlaidh go gcreideann NPHET go mbíonn daoine cúramach i gcásanna áirithe ach nach mbíonn siad chomh cúramach céanna nuair atá siad ag baile agus i measc cairde.

Baineann formhór na gcásanna i mBaile Átha Cliath le teaghlaigh agus le teaghlaigh a bheith ag bualadh le teaghlaigh eile. Léas dóchais ab ea é sin, a dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach an Dr Ronan Glynn, ó tharla go bhféadfaí srian a chur le scaipeadh an ghalair má bhíonn daoine níos cúramaí agus má ghearrann siad siar ar líon na ndaoine go mbuaileann siad leo.

Dúirt an Dr Philip Nolan go raibh an t-ardú ar líon na gcásanna go náisiúnta á “thiomáint” le tamall ag an ardú ar líon na gcásanna i mBaile Átha Cliath.

Ó lár mhí Lúnasa thart ar dhá chás den ghalar in aghaidh gach 100,000 a bhíonn ann gach lá sna 25 contae eile. I gcás Bhaile Átha Cliath sé chás atá i gceist, i gcomparáid le cás amháin roinnt seachtainí ó shin.

Dúirt an Dr Philip Nolan ó NPHET go bhfuil ráta scaipthe an ghalair ag 1.4 i mBaile Átha Cliath ach é gar do 1 nuair a fhágtar an ardchathair as an áireamh.

Mura gcuirtear srian le scaipeadh an ghalair i mBaile Átha Cliath tiocfaidh dúbailt ar líon na gcásanna ann gach coicís, a dúirt an Dr Nolan.

Dúirt sé go raibh scaipeadh an ghalair “seasmhach den chuid is mó” lasmuigh den ardchathair cé bhfuil roinnt imní fós orthu faoi Luimneach agus contae nó dhó eile.

D’fhógair an Roinn Sláinte aréir go raibh triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus 84 cás nua den choróinvíreas fógartha.

Bhain 51 de na cásanna nua le Baile Átha Cliath.

38,121 cás atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 30,164 cás ó dheas den teorainn agus 7,957 cás ó thuaidh di.

2,348 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,781 duine ó dheas agus 567 ó thuaidh.

Fógraíodh chomh maith aréir go rabhthas tagtha ar 54 cás den ghalar sna scoileanna ó athosclaíodh iad.

Thángthas ar 88 cás den Covid-19 i 64 scoil sa Tuaisceart ó d’oscail na scoileanna athuair.

Fág freagra ar '‘Teachtaireacht láidir’ faoi Bhaile Átha Cliath le teacht ó NPHET agus srianta breise á bplé'