Tá Teach Siamsa na Carraige i gCorca Dhuibhne ceannaithe ag Comhairle Contae Chiarraí agus an foirgneamh le hathfhorbairt mar ionad ealaíon Gaeilge.
D’fhógair Aire na Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil €250,000 curtha ar fáil ag an rialtas do Chomhairle Contae Chiarraí chun an foirgneamh a cheannach.
Bhí Teach Siamsa na Carraige ar cheann de thithe siamsa a thóg an eagraíocht Siamsa Tíre sna 1970idí chun ranganna agus oiliúint sna healaíona Gaelacha a chur ar fáil do dhaoine óga. Cuireadh deireadh leis na himeachtaí sin san ionad 20 bliain ó shin.
Fógraíodh in 2024 go raibh an foirgneamh le díol agus éilíodh ag an am go gcoinneofaí an t-ionad i seilbh an phobail.
Tá sé deimhnithe anois go bhfuil Teach Siamsa na Carraige ceannaithe ag Comhairle Contae Chiarraí le cabhair na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Cuireadh maoiniú €250,000 ar fáil don údarás áitiúil faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte chun costas iomlán cheannach Theach Siamsa na Carraige a chlúdach.
Deirtear go n-oibreoidh an pobal áitiúil le Comhairle Chontae Chiarraí chun pleananna a fhorbairt chun an foirgneamh a athchóiriú.
“Tá sé mar aidhm acu é a thabhairt ar ais le húsáid mar Ionad Ealaíon ilchuspórach a sholáthraíonn clár éagsúil gníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge,” a dúradh i ráiteas.
Dúirt an tAire Dara Calleary gur “cúis áthais” dó go bhfuil an t-ionad ceannaithe ag an gcomhairle contae agus go bhfuil sé anois le hathfhorbairt don phobal.
“Is féidir Teach Siamsa, a bhí ina mhol bríomhar do ghníomhaíochtaí cultúir agus ealaíon san am atá thart, a athfhorbairt agus a athbheochan anois mar Ionad Ealaíon faoi stiúir an phobail.”
Fógraíodh beagnach €2 milliún de mhaoiniú do thograí Gaeltachta faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte le gairid.
Ceadaíodh €300,000 le hathchóiriú a dhéanamh ar Mhúsaem Chorca Dhuibhne agus ionad pobail i mBaile an Fheirtéaraigh.
I gConamara, ceadaíodh €300,000 chun páirc spraoi nua a thógáil ag Páirc Pobal Leitir Móir agus cuireadh €300,000 eile ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar Ionad Pobail na Fairche.
Tá €300,000 fógartha chun forbairt a dhéanamh ar an mbealach siúil Slí na Farraige i mBéal an Mhuirthead i gcontae Mhaigh Eo, €300,000 fógartha chun athchóiriú a dhéanamh ar ionad pobail Ráth Chairn agus €283,386 d’fhorbairt bonneagair agus áiseanna sa Rinn.
Fág freagra ar 'Teach Siamsa na Carraige le hathfhorbairt mar ionad cultúrtha agus ealaíon'