TAISPEÁNTAS
Taispeántas ealaíne le hAoife agus Maureen Dowd i Ros Muc
Seoladh an taispeántas ealaíne Ó Ghlúin go Glúin le hAoife Dowd agus a máthair Maureen Dowd in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc an deireadh seachtaine seo caite. Is iad na ceoltóirí agus amhránaithe Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta a rinne an seoladh oifigiúil ag an ócáid. Ealaíontóirí iad Aoife agus Maureen Dowd as Carna i gConamara agus tá tionchar an tírdhreacha agus an chultúir le feiceáil ina saothar ealaíne. Tá cónaí ar Maureen i gCarna agus oibríonn sí le huiscedhathanna den chuid is mó. Tagann an spreagadh dá saothar ón tírdhreach agus éifeacht na n-uiscedhathanna.
Tarraingíonn Aoife ar chultúr agus ar thírdhreach a háite dúchais ina saothar freisin. Chuir sí tús lena staidéar cruthaitheach i Scoil Cheardaíochta Grennan Mill, Baile Mhic Thomáis, Co. Chill Chainnigh agus ina dhiaidh sin fuair sí céim onóracha agus ardteistméireacht ó Scoil Ealaíne agus Dearaidh Luimnigh. Cruthaíonn sí saothair do thaispeántais chomh maith le roinnt obair choimisiúnaithe. Is trí mheán na péinte ola is mó a oibríonn Aoife.
Beidh an taispeántas ar bun in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh go deireadh mhí Lúnasa. Tá eolas maidir le huaireanta oscailte an ionaid le fáil anseo.
FÉILE
Fleá na bPrátaí i nGleann na Sceiche
Beidh na fataí á róstadh i nGleann na Sceiche ar an Eachréidh an deireadh seachtaine seo agus Fleá na bPrátaí ag tosú inniu, an 1 Lúnasa agus ag dul ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh an 3 Lúnasa. Seo an 25ú bliain ag an bhféile seo a dhéanann ceiliúradh ar an bhfata i gcaitheamh thrí lá na féile. Tá amhránaíocht agus ceol ar an gclár chomh maith le scéalaíocht, garraíodóireacht agus tá rogha gach bia agus togha gach dí geallta ag an lucht eagraithe freisin.
Deireadh seachtaine spraíúil a bhíonn á eagrú don fhéile seo gach bliain agus fáilte Uí Bhaoill curtha roimh ‘gach uile phráta beag is mór’ go dtí an fhéile. I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine beidh ‘Graiméar Gaeilge na nGael’, siúlóidí dúlra agus ‘cluichí Oilimpeacha’ na bprátaí.
Tá clár na féile ar fáil anseo.
LEABHAR
Treoirleabhar sa tSean-Ghaeilge do thosaitheoirí
Seoladh an leabhar Old Irish: A guide for beginners | An tSean-Ghaeilge: treoir do thosaitheoirí in Acadamh Ríoga na hÉireann an tseachtain seo caite. Caitear súil ar chorpas saibhir litríochta sa leabhar ina n-áirítear an scéalaíocht, an dlí, reiligiún agus filíocht.
Sa leabhar seo leis an Dr Rebecca Shercliff, comhalta taighde de chuid Coláiste Eoin, Cambridge, tugtar léargas don tosaitheoir ar éagsúlacht téacsanna na Sean-Ghaeilge agus an comhthéacs a bhaineann leo ó thaobh staire agus cultúir de. Tugtar míniúcháin shoiléire agus déantar tráchtaireacht ar na hábhair éagsúla atá á bplé sa leabhar. Is í an Dr Chantal Kobel, Ollscoil Mhá Nuad a sheol an foilseachán seo de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann.
Tá tuilleadh eolais agus cóipeanna den leabhar le fáil ar shuíomh idirlín an RIA.
AMHARCLANNAÍOCHT
Taibhsín agus Síol, scéimeanna a d’ealaíontóirí leis An Taibhdhearc
Tá iarratais á lorg ag An Taibhdhearc ar dhá scéim nua, cónaitheacht ealaíontóra agus sparánacht síl. Faoin scéim ‘Taibhsín’ tá dhá chónaitheacht suas le sé mhí á gcur ar fáil d’ealaíontóirí, ag gach céim dá gceird nó slí bheatha, atá ag obair go gairmiúil trí Ghaeilge. Cuireann na cónaitheachtaí ealaíontóra tréimhse suas le sé mhí ar fáil d’ealaíontóirí a bhfuil saothar nua á fhorbairt nó á chruthú acu. Mar chuid den chónaitheacht tá táille ealaíontóra agus tacaíocht amharclannaíochta lena n-áirítear comhairle agus deis chomhoibrithe leis an bhfoireann sa Taibhdhearc, spás sealadach deisce agus cruinnithe agus áiseanna eile. Beidh áit do bheirt ealaíontóirí faoin scéim seo.
An scéim eile atá á fógairt ag An Taibhdhearc ná Síol a chuireann ciste €3,000 ar fáil le smaointe nua a iniúchadh agus/nó a fhorbairt. Tá ceithre sparánacht ar fáil faoin scéim seo agus é oscailte d’ealaíontóirí ag gach céim dá ngairm.
Tá tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil anseo.
Fág freagra ar 'Taispeántas ealaíne i Ros Muc, Fleá na bPrátaí, Treoirleabhar don tSean-Ghaeilge, Cónaitheachtaí d’ealaíontóirí sa Taibhdhearc'