‘Táimid ullamh chun dul i ngleic leis an Omicron’ – EMA

Deir ceannasaí an EMA go bhfuiltear ullamh don Omicron agus go léiríonn an ráta báis íseal Covid in Éirinn a éifeachtaí agus atá na vacsaíní

‘Táimid ullamh chun dul i ngleic leis an Omicron’ – EMA

Deir ceannasaí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpach (EMA) go bhfuiltear ullamh chun dul i ngleic leis an Omicron, an cineál nua den víreas atá ag cothú imní ar fud an domhain.

Dúirt Emer Cooke go raibh córas nua ann ó mhí Feabhra ag an EMA chun a chinntiú go bhféadfadh lucht déanta na vacsaíní cead a fháil níos tapúla do vacsaíní leasaithe má bhíonn gá leo.

“Tuigimid go dtagann athrú ar víris, agus táimid ullamh, “ a dúirt sí le coiste Sláinte Pharlaimint na hEorpa.

“Caithfimid a bheith an-chúramach agus a rá nach eol dúinn go fóill an mbeidh gá leis seo.

“Ach tá na pleananna faoi réir againn d’aon rud a d’fhéadfadh tarlú agus táimid ag obair le lucht rialaithe idirnáisiúnta, táimid ag obair leis an WHO agus leis an ECDC lena chinntiú go mbeimid ullamh don rud is measa a d’fhéadfadh tarlú, fiú agus dóchas againn i gcónaí gurb é an cás is fearr a bheidh againn .”

Beidh roinnt seachtainí ar a laghad ann sula mbeidh a fhios i gceart ag eolaithe an bhfuil Omicron níos tógálaí ná an Delta, cé go léiríonn an beagán fianaise atá ann go n-uige seo gurb amhlaidh atá.

Chomh maith leis sin, beidh roinnt seachtainí eile ann sula mbeidh a fhios againn an mbíonn tinneas níos tromchúisí ag baint leis an Omicron agus an bhfuil na vacsaíní chomh héifeachtach céanna ina aghaidh.

Dúirt ceannasaí an EMA go leanfadh na vacsaíní orthu ag tabhairt cosanta do dhaoine ón Covid-19 agus ó chineálacha nua den ghalar.

Thógfadh sé trí nó ceithre mhí beannacht an EMA a fháil do vacsaíní leasaithe chun dul i ngleic leis an Omicron, sin má bhíonn gá lena leithéid, a dúirt Emer Cooke.

Dúirt Emer Cooke go bhfuair 15 duine in aghaidh gach milliún bás in Éirinn de dheasca an víris le coicís anuas. Léirigh sin, a dúirt sí, éifeacht na vacsaíní sa stát seo, mar a bhfuil an tsnáthaid faighte ag 93% de dhaoine. I dtíortha eile san Eoraip a raibh an tsnáthaid faighte ag níos lú ná leath den phobal 250 bás in aghaidh gach milliún a bhí i gceist, a dúirt sí.

Idir an dá linn, tá imní ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach bhfuil an cur chuige céanna i leith an Omicron ag tíortha ar fud an domhain.

“Fágann an easpa cur chuige seasmhach soiléir ar bhonn idirnáisiúnta gur cur chuige scaipthe trína chéile atá i gceist, rud atá ag cur leis an míthuiscint, an mí-eolas agus an mhímhuinín,” arsa Tedros Adhanom Ghebreyesus, Stiúrthóir an WHO.

Ag baile, meastar go dtabharfaidh an Rialtas a mbeannacht inniu do na moltaí go gcaithfeadh páistí atá naoi mbliana nó os a chionn mascanna ar scoil agus go laghdófaí líon na gcoinní spraoi taobh istigh a bhíonn acu.

Is faoi thuismitheoirí agus scoileanna a bheidh sé na moltaí a chur i bhfeidhm.

Níl dócha go bhfuil sé i gceist aon chosc a chur ar imeachtaí taobh istigh do pháistí sna seachtainí romhainn.

Meastar go gcinnfear chomh maith go mbeidh ar dhaoine atá ag teacht isteach sa stát ó thar lear tástáil dhiúltach don Covid-19 a bheith faighte acu idir 48-72 uair an chloig roimh ré.

Glacfar le tástáil PCR nó le tástáil antaigine atá déanta ag duine atá cáilithe go gairmiúil chun a leithéid a dhéanamh.

Dúirt an tOmbudsman do Leanaí, Niall Muldoon, inniu go gcaithfeadh na beartais nua i dtaobh páistí a bheith cuí agus gur chóir athbhreithniú a dhéanamh orthu tar éis coicíse. Bhí 18 mí a raibh strus mór ag baint leo curtha isteach ag páistí na tíre, a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Táimid ullamh chun dul i ngleic leis an Omicron’ – EMA'