Tá muintir Bhéal Feirste ag éalú ón gcathair arís le faitíos roimh fhoréigean

Agus an chuid eile den tír, thuaidh agus theas, ag freastal ar scoileanna samhraidh, tá muintir Bhéal Feirste ag éalú óna gcathair…

in1a

Ní foláir nó gur galar tógalach é an gean ar mháirseáil. Ar éigean a bhí scíth ligthe ag daoine i dtuaisceart Bhéal Feirste, iad buíoch go raibh lá na nOráisteach réasúnta ciúin nuair a thosaigh achrann faoi mháirseáil ó Ard Eoghain go lár na cathrach atá eagraithe ag easaontóirí poblachtánacha.

Imeacht nua is ea é seo. Cuireadh tús leis cúpla bliain ó shin mar chuimhneachán ar imtheorannú a thosaigh ar an 9 Lúnasa 1971. Maíonn an ‘anti-internment league’ gur comhghuaillíocht iad atá déanta de phoblachtánaithe atá in éadan Chomhaontú Aoine an Chéasta, gníomhaithe cearta daonna, oibrithe phobail agus ceardchumannaigh. Go dtí seo, is easaontóirí poblachtánacha amháin a bhí mar urlabhraithe acu.

Dhá bhliain ó shin, tharraing an ‘comóradh’ seo círéib dhílseach/aontachtach. Ionsaíodh an PSNI a bhí ag ceannsú na léirseoirí in aghaidh na mairseála agus bhí sé ina raic agus réabadh i lár na cathrach. Bhí an mhairseáil síochánta. Bhí cúrsaí níos ciúine anuraidh ach tá imní forleathan faoina bhfuil i ndán don chathair Dé Domhnaigh.

Maíonn an lucht eagair gurb ionann agus imtheorannú é an cleachtas daoine a bheith ar a gcoinneáil rófhada sa lá atá inniu ann. Imtheorannú faoi ainm eile, a deir siad. Theastaigh uathu Ard Eoghain a fhágáil ag a leath i ndiaidh a dó chun máirseáil go lar na cathrach agus ar ais. D’fhágfadh sin iad sa phríomhcheantar siopadóireachta idir a 3.00 agus a 4.00 a chlog, an t-am is mó a mbeadh daoine ag triall ar shiopaí. Ní nach ionadh, chuir lucht gnó ina choinne sin. Cheadaigh Coimisiún na bParáidí an mháirseáil ach d’athraigh said an t-am. Rialaigh said nár mhór don pharáid a bheith imithe as lár na cathrach faoi 1.30.

Níl an lucht eagair sásta glacadh leis an rialú sin agus thug siad dúshlan an Choimisiúin agus an PSNI. Údar buartha mar gur chinnte go ngríosfaidh sé sin freasúra nach mbeidh sé éasca a smachtú – tá agóid beartaithe.

Go dtí deireadh na n-ochtóidí, bhíodh círéibeacha coitianta i gceantair phoblachtánacha i mí Lúnasa, aimsir chomórtha imtheorannú 1971. Is chun stop a chur leis sin a cuireadh ceann le Féile an Phobail in iarthar Bhéal Feirste, imeacht ar éirigh thar cionn leis le seacht mbliana fichead. Tá sé sin luaite le Sinn Féin, áfach, agus is léir nach bhfeileann sé do na heasaontóirí, a bhíonn an-ghlórach in Ard Eoghain le linn shéasúr na máirseála agus atá ag iarraidh neart a bhailiú agus a thaispeáint.

Ní bheadh aon locht ag daoine ar a máirseáil dá bhfanfadh siad ina gceantar féin. Bheadh maolú ar an imní fúthu dá nglacfaidís le rialú an Choimisiúin – agus ansin féin bheadh baol foréigin ann ón lucht agóide ina gcoinne.

Ach is cosúil go bhfuilid meáite gur acusan amháin atá an ceart cinneadh a dhéanamh faoin áit agus faoin am a ndéanfaidh siad léirsiú. Níor ghá meabhair Einstein chun an chosúlacht a aithint idir iad agus lucht máirseála a mbíonn siad ag agóidíocht ina gcoinne ar an 12 Iúil.

Is bocht an scéal é. Nuair atá an chuid eile den tír, thuaidh agus theas, ag freastal ar scoileanna samhraidh – Scoil an Phiarsaigh, Scoil Merriman, Magill, Yeats, Hewitt, gan ach dornán a lua – tá muintir Bhéal Feirste ag éalú ón chathair, arís eile, le faitíos roimh fhoréigean ar na sráideanna.

 

Fág freagra ar 'Tá muintir Bhéal Feirste ag éalú ón gcathair arís le faitíos roimh fhoréigean'