Is iomaí radharc sa sárscannán faisnéise A Year ‘til Sunday a thugann ardú meanman do lucht leanta na Gaillimhe, bíodh sin ruathar spleodrach Mhichael Donnellan suas an pháirc nó cúilín gleoite eile ó Ja Fallon, nó Seán Ó Domhnaill ag léimt go hard san aer le breith ar an liathróid, ach tá radharc amháin acu sin nach mbaineann le páirc na himeartha ar chor ar bith. B’in an fear a raibh caipín na Gaillimhe ar a cheann, micreafón ina ghlaic agus é ag canadh an ‘Hucklebuck’ óna chroí amach ar ardán taobh amuigh de theach ósta éigin.
Fhad is a bhíonn seisean ag canadh, taispeántar peileadóirí na Gaillimhe ar an mbus agus iad ag filleadh abhaile agus Corn Nestor ina seilbh acu i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ros Comáin i bPáirc de hÍde tar éis am breise in athimirt Chluiche Ceannais Chonnacht an Satharn, an chéad lá de Lúnasa 1998.
Faoin bhfeachtas a chríochnaigh le peileadóirí sinsir na Gaillimhe ag buachan Chraobh na hÉireann den chéad uair le 32 bliain atá scannán Phat Comer.
Bhí bainisteoir nua – John O’Mahony as Maigh Eo – ag Gaillimh agus bhí a chontae dúchais, chomh maith le Liatroim, cloíte acu sular bhain siad cluiche ceannais an chúige amach. Chríochnaigh Gaillimh agus Ros Comáin ar comhscór sa gcluiche ceannais an chéad lá sin i dTuaim.
Ag tús an scannáin, taispeántar an tosaí Niall Finnegan agus a chloigeann ina lámha aige i ndiaidh dó saorchic a chur amú ag deireadh an chluiche i gcoinne Mhaigh Eo an bhliain roimhe sin. Ach i dTuaim in Iúil 1998, ba é Finnegan a fuair an cúilín a chuir Gaillimh is Ros Comáin ar comhscór ag deireadh an chluiche.
Agus na Gaillimhigh ag réiteach don chluiche athimeartha, deir John O’Mahony, ‘This extra game is going to be the making of ye.’ Agus b’fhíor dó. B’in an cluiche inar oibrigh chuile rud amach i gceart do pheileadóirí na Gaillimhe, cé gurbh éigean am breise a imirt.
Ag tús an scannáin freisin, deir an cúl báire Martin McNamara go raibh botún a rinne sé féin sa gcéad bhabhta i gcoinne Mhaigh Eo an bhliain roimhe sin i measc na gcúiseanna gur theip ar Ghaillimh sa gcraobhchomórtas. Ach an lá úd i bPáirc de hÍde i 1998, rinne McNamara sábháil iontach a choinnigh Gaillimh sa gcluiche. Tá nóiméid fhuascailte dá leithéid i gcroílár an scannáin.
Sular imríodh an t-am breise an lá úd, dúirt John O’Mahony go n-iompródh sé féin chuile imreoir den pháirc dá mbuafaidís. Tá caint spreagúil John O’Mahony le linn traenála agus sa seomra feistis ina cuid lárnach den scannán.
‘I was looking there under the table, I couldn’t see any cup anywhere,’ a dúirt sé tar éis do Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar Liatroim. ‘The only thing we’ve to worry about is not the opposition, it’s ourselves,’ a dúirt sé babhta eile.
Agus é ag cur comhairle ar na himreoirí faoin mbealach is fearr le déileáil leis na meáin roimh Chluiche Ceannais Chonnacht, dúirt sé, ‘The thing you want next week is a Connacht medal, not a two-page spread about yourself…..’
‘There’s only one f***** answer to that,’ a dúirt O’Mahony tar éis dó giotaí a léamh as na nuachtáin ina raibh caitheamh anuas á dhéanamh ar stíl imeartha na Gaillimhe i ndiaidh an chéad chluiche in aghaidh Ros Comáin. ‘In 50 years’ time ye’ll all be talking about this…,’ a dúirt sé faoin gcluiche athimeartha i bPáirc de hÍde.
Is iontach an chaoi a n-éiríonn le Pat Comer an seomra gléasta agus an méid a thiteann amach ann a chur i láthair an té atá ag breathnú ar an scannán. Agus John O’Mahony i mbun a chuid cainte bíonn go leor le feiceáil ag tarlú thart air: bindealán á chur timpeall rosta duine de na himreoirí; imreoir eile sínte ar a bholg ag fáil suathaireachta; fear eile ag úsáid siosúir leis an bhfáithim ar chos a bhríste peile a scaoileadh. I ndiaidh an chluiche i gcoinne Liatroma, feictear an sárchúlaí Tomás Mannion, as Muine Mheá, agus cóir leighis á cur air. ‘It’s only a small spot, a war wound,’ a deir Mannion.
Tá rian den scannán Raging Bull, a rinne Martin Scorsese faoin dornálaí Jake La Motta, le haireachtáil i roinnt de na radharcanna in A Year ‘til Sunday agus ní drochrud é sin ar chor ar bith.
Bhí an t-ádh ar lucht déanta an scannáin go raibh neart daoine deisbhéalacha ar an bhfoireann sin, leithéidí an chaptaein Ray Silke as Cora Finne, fear na Ceathrún Rua Seán Óg de Paor agus fear atá ar an lucht bainistíochta i mbliana, John Divilly ón gclub Cill Choirín-Cluain Bheirn a dhéanann tráchtaireacht ar an méid atá ag tarlú le linn an scannáin.
Ach tá fear amháin a choinníonn a chomhairle féin agus nach bhfeictear ach go fíor-annamh – sin an lántosaí agus bainisteoir na linne seo, Pádraic Joyce as Cill Fhir Iarainn. (Nach feiliúnach an t-ainm atá ar a áit dúchais!) Ba é Joyce príomhscórálaí na Gaillimhe sa gcraobhchomórtas i 1998 agus fuair sé 1-23 sna sé cluiche a imríodh.
Ach an oiread lena gcomhghleacaithe, is deas umhal a bhíonn Ja Fallon agus Michael Donnellan lena gcuid cainte ach ní umhal atá a gcuid mianta.
Labhraíonn fear an phoist, Ja Fallon faoina bheith ag seachadadh an phoist i dTuaim do dhuine de mhórlaochra na Gaillimhe Seán Purcell.
‘They’re still talking about him……’ a deir sé. 24 bliain níos deireanaí tádar fós ag caint faoi éachtaí scórála Ja, ní hamháin i dTuaim is i nGaillimh ach ar fud na tíre.
Agus é ag caint faoina athair John, a bhí ar fhoireann iomráiteach an Three-in-a-Row agus a bhí ina chaptaen i 1964, agus faoina sheanathair Mick, a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1925, deir Michael Donnellan as an Dún Mór: ‘You’re always reminded of it. Will you ever be like the father, will you ever be like the grandfather? It would be nice if I could just do that.”
Ní gá a rá ach gur mhaith a d’fhreagair sé na ceisteanna sin!
Má tá na seomraí feistis lán le teannas roimh na cluichí, tá siad beo le ceiliúradh, le faoiseamh agus le háthas ina ndiaidh. Feictear laoch na gcéadta cath, Kevin Walsh as Cill Aithnín, ag cur a bhean agus a bpáiste óg in aithne do O’Mahony i radharc amháin den scannán. I radharc eile, i ndiaidh an chluiche ceannais, feictear Seán Purcell ag cur a lámha timpeall ar Ja Fallon agus é ag tréaslú leis.
Bhí neart taithí ag an scannánóir Pat Comer, as Bóthar na Trá, ar an bpáirc pheile agus ar sheomraí feistis. Le linn dó a bheith ina chúl báire le Gaillimh bhuaigh siad Craobh Chonnacht ceithre uaire sna 1980idí agus bhí sé ina chaptaen ar Bhóthar na Trá nuair a bhain siad cluiche ceannais na gclubanna amach i 1991.
Bhí Comer ar fhoireann na Ceathrún Rua sa mbliain 1996 agus iad ar an gcéad chlub as an nGaeltacht a bhuaigh craobh an chontae. Mar thoradh air sin, ceapadh é ina ionadaí do chúl báire na Gaillimhe agus ba sa ról sin a bhí sé nuair a thosaigh sé ag taifeadadh séasúr cinniúnach 1998.
‘It was about a dream,’ a dúirt Comer faoi A Year ‘til Sunday in agallamh spéisiúil a rinne sé ar an ngréasán The42 in 2017. Fíoraíodh an aisling sin i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach, an 27 Meán Fómhair 1998 nuair a bhuail Gaillimh Cill Dara leis an scór 1-14 i gcoinne 1-10 i gCluiche Ceannais na hÉireann.
An lá dár gcionn, d’iompair fir fuinidh Corn Sam Mhig Uidhir trasna na Sionainne den chéad uair le 32 bliain. Cuireadh fearadh na fáilte rompu agus lasadh tinte cnámh ar thaobhanna na mbóithre ón Eachréidh siar go Conamara.
Ag ceann de na hócáidí ceiliúrtha sin, dúradh nach fios céard a bhí déanta ag an mbua don pheil i gConamara. Feictear leanbh fíor-óg á ardú os cionn an tslua ag a mháthair le go bhfaigheadh sé nó sí radharc ar an gcorn agus ar an bhfoireann a thug leo é, laochra na Ceathrún Rua Seán Ó Domhnaill agus Seán Óg de Paor, a fuair dhá chúilín spreagúla sa gcluiche ceannais, ina measc.
Ar cheann de na radharcanna is deise sa scannán, tá an chuairt a thugann an t-imreoir Michael Geoghegan as na hOileáin ar a sheanmhuintir agus Ray Silke agus Corn Sam Mhig Uidhir ina theannta. Tá sé deireanach san oíche agus tá seanathair Mhichael ar an leaba, ach nach é atá sásta nuair a thugtar an corn isteach chuige agus nuair a thógtar a phictiúr leis.
Contae láidir é Gaillimh i gcónaí i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael ach ní hamhlaidh atá le formhór na gcontaetha sa tír. Ní gá a rá ach go bhfuil an spiorad is an dúthracht chéanna ag imreoirí agus lucht leanta na gcontaetha sin, cé nach bhfuil an oiread sin buaite acu.
Tá an Longfort ar cheann de na contaetha sin. Anois tá scannán ficseanúil faoi shaol peileadóra óig i lár tíre déanta ag beirt as Gránard sa gcontae úd, Robert Higgins agus Patrick McGiveny. Taispeánfar a scannán Lakelands den chéad uair riamh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe anocht.
Ba dheacair A Year ‘til Sunday a shárú mar scannán faisnéise faoin spórt in Éirinn. ‘Now is the year. Today is the day,’ a dúirt John O’Mahony leis na himreoirí sula ndeachaigh Gaillimh chun páirce i gcoinne Mhaigh Eo sa gcéad bhabhta den chraobhchomórtas i mBealtaine 1998. Na blianta ina dhiaidh sin, agus é ag scríobh faoi Chluiche Ceannais na hÉireann i gcoinne Chill Dara ina dhírbheathaisnéis, Keeping the Faith, dúirt O’Mahony go raibh an 12 nóiméad a d’imir Gaillimh ag tús an dara leath sa gcluiche sin ar an imirt is foirfe a d’fheicfeá go deo.
Deirtear gurbh ag éisteacht leis an amhrán ‘Fields of Gold’ a bhí peileadóirí na Gaillimhe agus iad ag tabhairt aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh ar an mbus an Domhnach úd i Meán Fómhair 1998. Tá mianach níos luachmhaire ná an t-ór féin sa scannán A Year ‘til Sunday.
Fág freagra ar 'Tá mianach níos luachmhaire ná an t-ór féin sa scannán ‘A Year ‘til Sunday’.'