Léimeadáin, preabadáin, siúladáin, scioradáin, cnagadáin, lupadáin, lapadáin, súistín, búistín, agus dib-a-deáb-a-dúistín…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is nuair a d’aimsigh ár gcolúnaí ruainne cáca Nollag a bhí tite isteach faoin tolg a thuig sí i gceart go raibh thar am tabhairt faoin ‘Stuffocation’

toys-308176_1280

Anois teacht an Earraigh agus an lá ag dul chun síneadh agus ní féidir a shéanadh a thuilleadh ach go bhfuil glanadh maith ag teastáil go géar ó na fuinneogaí. Faraor nach iad na fuinneogaí amháin a raibh glanadh maith uathu.

Bhuail ga gréine isteach sa seomra suí an mhaidin cheana ar nós léasair agus tá barúil agam go raibh sé ag scalladh isteach ar ruainne cáca Nollag a bhí tite isteach faoin tolg. Ní fhéadfainn a bheith cinnte. Buíochas mór le Dia, níor sheas an ghrian i bhfad agus níl mé iomlán cinnte céard a chonaic mé – b’fhéidir gur píosa de bhréagán éigin a bhí ann a bhí an-chosúil le cáca Nollag.

Ach caithfear rud éigin a dhéanamh. Tá mé cinnte de sin. Níl fágtha againn ach tuairim is dhá throigh den urlár atá saor ó threalamh de chineál éigin. Tá léimeadáin againn, preabadáin, siúladáin, scioradáin, cnagadáin, lupadáin, lapadáin, súistín, búistín, agus dib-a-deáb-a-dúistín againn. Ní hé nach mbaineann siad spraoi agus spórt as na bréagáin, ach fós fhéin, ceapaim go mbeidís chomh sásta céanna mura mbeadh ann ach a leath, nó an tríú cuid, fiú.

Tháinig mé trasna ar an leabhar Stuffocation le James Wallman an lá cheana ina ndeireann sé go bhfuil an iomarca stuif againn sa lá atá inniu ann agus go bhfuil strus orainn dá bharr. Níl a fhios a’m an aontaím lena bhfuil le rá sa leabhar aige – deireann sé gurb é seo an fhadhb is práinní atá ag sochaí na linne seo – ach cheap mé go ndearna sé cur síos maith ar an an obair atá i gceist le hord a choinneáil ar an lear mór rudaí a chruinníonn muid.

Anois teacht an Earraigh, tá sé in am a bheith ag laghdú. Chuir mé polasaí rúnda fuadaithe i bhfeidhm píosa ó shin ach níl a fhios agam an bhfuil móran de thoradh air. Plean an-simplí atá ann. Má thagaim trasna ar rud éigin beag ar an urlár, sean-chriáin, cos babóige, nó hippo gorm leathite, ‘fuadaím’ é go dtí an bosca bruascair. Caithfear a bheith an-chúramach san obair rúnda seo. Má bhíonn tú i ngreim tá tú i dtrioblóid agus slánófar pé ní fánach a bhí agat agus gheobhaidh tú an drochshúil. Níl a fhios agam céard iad na mallachtaí a thagann leis an drochshúil chéanna ach is fearr liom é a sheachaint má fhéadaim é.

Fág freagra ar 'Léimeadáin, preabadáin, siúladáin, scioradáin, cnagadáin, lupadáin, lapadáin, súistín, búistín, agus dib-a-deáb-a-dúistín…'

  • Bríd

    Cuirimse na rudaí sin suas ar an áiléar seal go mbeidh mé cinnte go bhfuil siad dearmadta, agus ansin isteach i mo chara, an bosca bruscair.

  • Fachtna

    Mar thuismitheoir bheirt pháiste óg, bainim an-sult as altanna Bhridget. Maith thú!

  • Eoin P.

    Is breá liom na haltanna seo! An-léárgas iontu!