Tá idirdhealú aisteach á dhéanamh ag an Rialtas idir eagraíochtaí spóirt 

Ní haon iontas amhras a bheith ar dhaoine faoi chinneadh an Rialtais gan na cluichí idirchontae a áireamh mar scothspórt

Tá idirdhealú aisteach á dhéanamh ag an Rialtas idir eagraíochtaí spóirt 

Dúirt eagarthóir cliste leis an scríbhneoir seo tráth gan tuairisc ar scéal ar bith a scríobh gan tuiscint iomlán a bheith agat air. Faraor dá fheabhas an aidhm a mhol sé, agus dá dhéine an obair a dhéantar agus scéal á iniúchadh, ní haon rún é nach aidhm í a chomhlíontar i gcónaí.

Ar ámharaí an tsaoil ní chuireann eagarthóirí laincis dá leithéid ar dhaoine a scríobhann colúin mar seo. Glactar leis gur dlúthchuid de chúram an cholúnaí ceist a chur, fiú nuair nach eol dó an freagra. Go háirithe murar léir an freagra ach oiread do mhórán daoine eile.

Thug an rialtas le fios Dé Céadaoin nach mbeadh cead ag Cumann Lúthchleas Gael, ag Cumann Peile na mBan ná ag an gCumann Camógaíochta cluichí ná traenáil a reáchtáil an mhí seo chugainn mar a bhí beartaithe. Táthar ag súil go mbeidh fógra cinnte faoi chúrsaí i bplean nua atá geallta ag an rialtas a fhoilsiú roimh dheireadh na míosa, ach níl cinnteacht ar bith geallta.

Ní foláir a rá láithreach nach bhfuil lucht ceannais na n-eagraíochtaí ag gearán faoin gcinneadh. Tá sé ráite acu go léir go dtuigeann siad go bhfuil srianta an rialtais riachtanach agus go bhfuil dualgas orthu cloí leo mar gheall ar an ngéarchéim sláinte.

Bhíodar go léir ag labhairt sular thug comhalta den Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET), an saineolaí matamaitice Philip Nolan, léiriú Dé hAoine ar an dainséar a bhaineann leis an ngalar i gcónaí. Cé go bhfuil laghdú mór tagtha ó thús na bliana ar líon na gcásanna nua den víreas corónach a fhógraítear gach lá, a dúirt sé ar Morning Ireland, go raibh líon iomlán na gcásanna in aghaidh an lae níos airde i gcónaí ná an t-iomlán a bhí ann lá ar bith anuraidh.

Mar sin féin, dhúisigh cinneadh an rialtais fiosracht agus amhras ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, ní léir an fáth go ndearnadh cinneadh go mbeadh imirt cluichí idirchontae, a ceadaíodh i ndúluachair na bliana seo caite, faoi thoirmeasc arís an mhí seo chugainn.

Dúirt an Feisire Eorpach agus iar-uachtarán CLG Seán Kelly go raibh an cinneadh a rinneadh “aisteach” tharla gur reáchtáladh na craobhchomórtais go sábháilte anuraidh. Is é an míniú a thug an tAire Spóirt Jack Chambers ar an bpolasaí nua go ndearnadh socrú eisceachtúil anuraidh agus nach raibh imreoirí sinsearacha na gcluichí Gaelacha ar aon chéim le himreoirí proifisiúnta.

Bhí bunús áirithe faoi thuairim an aire ach ba léir láithreach an cheist a dhúisigh a ráiteas. Cén fáth nár tugadh le fios go dtí an tseachtain seo nach mbreathnófaí feasta ar imreoirí sinsearacha na gcluichí Gaelacha mar chuid den élite? Go háirithe, mar a dheimhnigh an tAire Stáit, nuair nár mhol NPHET athrú dá leithéid?

Thagair uachtarán CLG John Horan go hindíreach don ábhar amhrais eile a spreag cinneadh an rialtais. Dar leis nach raibh stádas élite ag imreoirí amaitéaracha an Chumainn toisc nach raibh siad ábalta fanacht laistigh de bholgán sóisialta. Maith go leor, ach cén fáth nach bhfuiltear ag déileáil le go leor imreoirí sacair  (a mbeidh cead acu cluichí a imirt arís ón 19 Márta) ar an dóigh chéanna?

Is léir gan dabht an difríocht is mó: is fusa d’imreoir proifisiúnta scaradh amach ó dhaoine eile. Ach ní imreoirí lán-aimseartha iad go leor de na himreoirí i sraith sacair na hÉireann. Bíonn obair eile á déanamh ag cuid mhór acu. Is léir don saol mar sin nach féidir agus nach acmhainn dóibh coinneáil amach ó dhaoine eile 24/7.

Fiafraíodh den aire agus dá roinn an difríocht idir cás na n-imreoirí sin agus imreoirí na gcluichí Gaelacha a mhíniú. Tugadh freagraí fada nár fhreagair an cheist.

Ní ceisteanna móra iad seo, go háirithe má chuirtear i gcomparáid iad le tionchar tubaisteach an víris ar gach gné de shaol na tíre. Ach léiríonn siad arís an díomá agus an t-amhras a chothaíonn doiléire cumarsáide agus doiléire polasaí i gcás an rialtais.

Tá gach duine sa tír imníoch, tuirseach agus faoi strus – airí rialtais san áireamh. Tá dualgas orthu mar sin féin a roghanna a mheá agus a mhíniú go cúramach, go háirithe agus faoiseamh a raibh súil ag mórán leis á chur siar sine die acu.

Fág freagra ar 'Tá idirdhealú aisteach á dhéanamh ag an Rialtas idir eagraíochtaí spóirt '