‘Tá grá agam d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann’ – Trump le cuairt a thabhairt orainn

Agus an Taoiseach Enda Kenny ar cuairt ar an Teach Bán inniu, dúirt Uachtarán SAM go mbeadh ‘caidreamh fíorspeisialta’ ag Stáit Aontaithe Mheiriceá le hÉirinn

‘Tá grá agam d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann’ – Trump le cuairt a thabhairt orainn

Tabharfaidh Donald Trump cuairt ar Éirinn le linn a thréimhse uachtaránachta, a dúirt sé inniu.

“Siúráilte glan, beidh mé ann cinnte,” a dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá inniu nuair a cuireadh ceist air an raibh sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Éirinn.

“Tá grá agam d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann,” a dúirt Trump.

Thug an Taoiseach le fios gur thug sé cuireadh don Uachtarán teacht ar cuairt.

“Tuilleann cuireadh cuireadh i gcónaí in Éirinn,” a dúirt Enda Kenny.

Agus an Taoiseach Enda Kenny ar cuairt ar an Teach Bán inniu, dúirt an tUachtarán go mbeadh “caidreamh fíorspeisialta” ag Stáit Aontaithe Mheiriceá le hÉirinn. Dúirt sé gurb é Enda Kenny “a chara nua” agus thagair sé do bhean an Taoisigh, Fionnuala, mar “something really special”.

Dúirt an Taoiseach féin go mbeadh Éire agus an tAontas Eorpach “ina gcairde ag na Stáit Aontaithe go brách”.

Dúirt an Taoiseach gur chuir líon na n-imirceach mídhleathach as Éirinn iontas ar an Uachtarán Trump mar gur cheap sé go raibh i bhfad níos mó acu ann ná mar atá. Dúirt Enda Kenny go raibh “aontú soiléir” ann maidir le hoibriú le chéile ar bhealach “dearfach” ar an gceist.

Scaoil an Taoiseach thairis ceist faoinar chuir sé imní faoi chosc na hinimirce in iúl don Uachtarán. Pléadh chomh maith cúrsaí cánach le linn an chruinnithe, go háirithe chomh fada is a bhaineann sé le comhlachtaí cógaisíochta Meiriceánacha in Éirinn.

Thug an Taoiseach Enda Kenny le fios chomh maith gur chuir an tUachtarán Trump ceisteanna air le linn a gcruinnithe faoi na himpleachtaí a bhainfeadh leis an mBreatimeacht agus ceist na teorann crua.

Dealraíonn sé nár tharraing an ráiteas a rinne Kenny faoi chaint chiníoch Trump le linn thoghchán uachtaránachta SAM aon aighneas eatarthu beirt ag an gcruinniú. Dúirt Kenny inné gur ag tagairt d’fhocail Trump seachas do Trump féin a bhí sé nuair a chuir sé ina leith go raibh a chuid cainte “ciníoch agus dainséarach”.

Ba i nGaeilge a chuir an Taoiseach tús lena óráid ag an bpreasócáid i ndiaidh an chruinnithe sa Teach Bán.

Chríochnaigh an Taoiseach a chuid cainte i bhfocail an iar-uachtaráin John F. Kennedy: “I dteannta a chéile slánóimid an domhan nó geobhaimid bás ina thine. Tá obair le déanamh. Bíodh greim bia againn”.

 

Fág freagra ar '‘Tá grá agam d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann’ – Trump le cuairt a thabhairt orainn'

  • Fearn

    Dia isir sinn agus an Drochrud!

  • Daithi

    Trump go bragh! Bhfearr liom é ná ár amadán Enda