‘Tá fliúit nua ag teacht chugam san earrach’ – Aoife Granville

Caitheann an ceoltóir aitheanta Aoife Granville as an Daingean súil chun cinn ar 2020

‘Tá fliúit nua ag teacht chugam san earrach’ – Aoife Granville

1. An bhfuil aon rún agat don bhliain 2020?

Ní raibh aon rún agam le blianta beaga anuas mar bhíos go hainnis chun iad a choimeád agus do bhraitheas chomh ciontach ansin. I mbliana – ní rud mór é – ach táim chun iarracht a dhéanamh píosa cniotála a dhéanamh na haon lá – tugann sé faoiseamh aigne dom, briseadh is ea é ón nguthán agus ón ríomhaire agus bíonn sé deas rudaí a dhéanamh do dhaoine eile nó dom féin.

2. Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Tá cúpla rud is dócha. Saoire a thógaint! Ní raibh ceann ceart agam le tamall. Tá feadóg mhór nua ag teacht chugham san earrach ó Solen LeSoeuf is táim ag súil go mór leis sin!  Chomh maith leis sin, tá pleananna deasa againn do thograí ealaíne éagsúla i nGaeltacht Mhúscraí agus táim ag súil go mór le hiadsan a thosnú is a fhorbairt.

3. Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Ní bhím ag cuimhneamh ar rudaí mar sin de gnáth ach bhí bliain go leith cruaidh againn nuair a chailleamar clann is cairde de bharr ailse agus breoiteachtaí eile agus tá súil agam nach dtarlóidh sin arís an bhliain seo chughainn.

4. Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?

Bím ag súil go mór le Scoil Samhraidh Willie Clancy na haon bhliain. Braithim ag baile i Sráid na Cathrach ó thaobh an cheoil de agus is breá liom bualadh lem’ chomrádaithe iontacha ceoil is tunes a sheinmt leo.

5. Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2020?

Daoine óga. Tá an t-ádh liom a bheidh ag deighleáil le daoine óga iontacha i nGaeltacht Mhúscraí agus ag baile i gCiarraí agus is mór an inspioráid iad féin agus a gcuid ceoil.

6. Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2020?

Ba bhreá liom albam nua a thaifeadadh dá bhféadfainn an t-am a chur i leataobh dó. 

7. Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2020, céard a d’athrófá?

Nach dtarlódh an Breatimeacht.

Fág freagra ar '‘Tá fliúit nua ag teacht chugam san earrach’ – Aoife Granville'

  • Agnes ni Chathain

    Go néirí go geal leat leis an bhFliúit nua sin agus go mbaine tú ceol Aoibhinn as. Is ceoltóir den scoth thú agus do Chlann sa Daingean . Gúim gach rath oraibh i 2020 .