Créamadh atá ar intinn ag an gCanónach , Sagart Pobail Charna i nGaeltacht Chonamara, ach a dtiocfaidh an lá a bhfágfaidh sé slán leis an saol seo. Ag labhairt dó ag sochraid i gCarna agus an corp créamtha, dúirt an tAthair Standún go raibh an t-am ann nuair a bhí cosc ag an Eaglais Chaitliceach ar chréamadh. “Tá an lá sin imithe anois agus tá cuid mhaith daoine ag cuimhneamh gurbh fhearr leo a bheith créamtha tar éis bháis dóibh – mé féin ina measc”, a deir an Canónach Standún. Tá an ráiteas sin ar cheann de na chéad ráitis phoiblí dá leithéid a rinne Sagart nó Canónach. Tá stair fhada ag baint leis an gcol a bhí ag an Eaglais Chaitliceach leis an gcrréamadh cé go bhfuil an cosc caite ar leataobh anois.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dheimhnigh an Canónach Standún gur créamadh atá ag teastáil uaidh féin ach a dtiocfaidh an t-am sin ach tá sé “dóchasach” go bhfuil “seal fada” aige fós.
Dúirt an Canónach Standún gur labhair sé faoin gcréamadh agus faoina mhianta féin le súil agus nach mbeadh imní ar dhaoine socrú a dhéanamh go gcréamófaí iad. “Shíl mé nár mhiste ugach a thabhairt do dhaoine a gcuid smaointe a dhéanamh faoin gcréamadh agus gan faitíos a bheith orthu an cinneadh sin a thógáil,” a deir sé
Cé go bhfuil an cosc daingean ar chréamadh caite amach ag an Eaglais Chaitliceach ó 1963 i leith, tá luí láidir ag an Eaglais fós leis an nósmhaireacht go n-adhlacfaí an corp ar an mbealach traidisiúnta. Sa Dlí Chanónach, moltar go láidir i gcónaí gurb é an t-adhlacadh traidisiúnta ar an gcorp an bealach is fearr leis an Eaglais Chaitliceach tar éis bháis don duine. Sa leagan Béarla den Dlí abraítear:
‘The Church earnestly recommends that the pious custom of burial be retained but it does not forbid cremation, unless this is chosen for reasons which are contrary to Christian teaching.’
Creideann údaráis na hEaglaise Caitlicí gurb é an t-adhlacadh traidisiúnta is fearr a thugann aitheantas dá dteagasc go n-éireoidh daoine arís ón mbás. Is í an dearcadh san Eaglais ná go dtugann an t-adhlacadh seo aitheantas agus aird ar stádas an choirp sa saol. Dá réir sin, coinníodh leis an gcosc ar an gcréamadh ar feadh cúpla míle bliain nó go ndearnadh an t-athrú i 1963. Ba ag an tráth sin a glacadh leis an gcréamadh mar rud dlistineach do Chaitlicigh. Deir polasai na hEaglaise Caitlicí freisin gur cheart ceisteanna sláinte poiblí, eacnamaíochta agus sóisialta a chur san áireamh mar chúiseanna breise le créamadh i gcásanna áiríthe.
Tharraing an Eaglais Chaitliceach aird ar an gcréamadh arís i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Tugadh treoir san am sin nár cheart luaithreach na marbh, i gcás a gcréamtha, a choinneáil i dtithe cónaíthe nó a scaipeadh. Ba cheart, a dúradh an luaithe a chur i gcré choisricthe nó in áit choisricthe eile a bheadh aitheanta mar áit adhlactha, columbarium, mar shampla.
Léirigh torthaí suirbhé le gairid go bhfuil ag bordáil ar leath mhuintir na Stát Aontaithe ag cuimhneamh, a bheag nó a mhór, ar chréamadh. Níl aon fhigiúirí mar sin ar fáil in Éirinn ach tá a fhios go bhfuil an líon daoine atá ag déanamh socruithe go gcréamófaí iad ag méadú. Tá an Canónach Pádraic Standún, Sagart Pobail i nGaeltacht Chonamara, údar sé cinn déag de leabhrair, ina measc siúd anois.
Fág freagra ar '‘Tá cuid mhaith daoine ag cuimhneamh ar chréamadh, mé féin ina measc’ – sagart Gaeltachta'