‘Cén fáth a bhfuil Leo Varadkar ag cur isteach ar cheiliúradh Rishi?’ Níor dúradh os ard é go poiblí ach is iomaí iriseoir abhus a fuair an teachtaireacht. Mheas lucht Sráid Downing go raibh an Taoiseach ag brú isteach ar chuairt ghaisce an Phríomh-Aire Sunak ar lá athbhunaithe an Fheidhmeannais in Stormont.
Ar bhealach chuirfeadh an doicheall na cait ag gáire, comhartha sóirt ar laige Phríomh Aire gur beag gaisce a bhíonn le maíomh aige. Mura mbeadh ann ach é sin bheadh sé truamhéalach ach ní údar mór imní a bheadh ann. Bhí níos mó i gceist áfach agus is creimeadh contúirteach é an t-iomlán ar Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Lá stairiúil in Stormont ab ea an 5 Feabhra. An chéad phoblachtánach, Michelle O’Neill, Sinn Féin, ina Céad-Aire i mbun cruinniú Feidhmeannais. Ba chúis cheiliúrtha é ag go leor náisiúnaithe; stad, más fada nó gearr a bheidh le ceannas aontachtach, an chéad chruinniú den bhFeidhmeannas tar éis baghcat an DUP a mhair dhá bhliain. Ní raibh gach aontachtach sásta le cinneadh Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP go bhfillfeadh an pairtí ar Stormont. Ba fhaoiseamh dósan é nár éirigh lena fhreasúra laistigh agus lasmuigh den DUP an margadh a rinne sé leis na Tóraithe a scrios.
Ba léir gur mhian le Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, buntáiste a bhaint as an margadh sin agus as athbhunú Stormont a d’eascair as. Is fíor nach raibh baint ná páirt ag rialtas na hÉireann ná páirtithe eile an Fheidhmeannais leis an margáil idir an DUP agus rialtas na Breataine. Ba mhór idir sin agus ceithre bliana ó shin nuair ba iad Státrúnaí an Tuaiscirt, Julian Smith agus Simon Coveney, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, údair an mhargaidh leis na páirtithe chun Stormont a athbhunú tar éis bhaghcat Shinn Féin.
Faoin am sin, Eanáir 2020, cé go raibh comhoibriú dearfach idir Smith agus Coveney bhí an caidreamh Angla-Éireannach pollta ag an mBreatimeacht. Thug Boris Johnson, Príomh-Aire na linne, a bhí cíocrach chun Breatimeacht crua, sciuird ar Stormont chun an athnuachan a aithint. Ba é Leo Varadkar an Taoiseach an uair sin chomh maith agus tháinig seisean aneas.
Briseadh an nós a cleachtadh le linn imeachtaí móra in Stormont roimhe sin. Níor bhuail an bheirt, comhpháirtnéirí i gComhaontú Aoine an Chéasta leis an gcomhaireacht in éineacht. Ní cheadódh Johnson é nó nuacht ócáid le chéile.
Chuir iompar Johnson fearg ar dhaoine ag an am, ach measadh gur bhain sé leis an neamh-fhreagracht ba dual dó agus leis an nimh a bhí sa chorcán de bharr an Bhreatimeachta.
Anois, áfach. is baolach gur patrún é. Ní hamháin nach dtugann an margadh leis an DUP, Safeguarding the Union, aitheantas ar bith do sheasamh dlisteanach aon dreama seachas aontachtaithe, tá claonadh ginearálta na cáipéise ag dul in aghaidh spiorad Chomhaontú Aoine an Chéasta.
I ndiaidh di anailís a dhéanamh ar Safeguarding the Union, chinn an tOllamh Katy Hayward as Ollscoil na Ríona gur sháraigh an Bhreatain a dhualgas chun ‘neamhchlaontacht chríochnúil’ a chleachtadh i riaradh Thuaisceart Éireann faoin gComhaontú.
Ina theannta sin, thug dearcadh Shráid Downing ar chuairt an Taoisigh ar Stormont le fios go bhfuil siad dall ar an bpáirtnéireacht le hÉirinn.
Tá goimh nua sa chaidreamh mar gheall ar Acht Oidhreacht na dTrioblóidí atá le theacht i bhfeidhm ar an 1 Bealtaine chun stop a chur le fiosruithe agus cosc ar ionchoisní is cásanna sibhialta faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí. Dhiúltaigh rialtas na Breataine an tAcht a mhaolú nó a chealú d’ainneoin páirtithe uile Thuaisceart Éireann, rialtas na hÉireann, íobartaigh agus iliomad eagraíochtaí cearta daonna a bheith ina choinne.
Tá an Bhreatain ar buile faoi chinneadh rialtas na hÉireann dúshlán an Achta a thabhairt sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Aighneas inseachanta is ea é seo. D’eascair an reacht as geallúint Boris Johnson do lucht feachtais thar ceann iarshaighdiúirí go mbeidís saor ó chúisimh agus theip ar a chomharba, Sunak, a dhul i ngleic leis an éagóir sin.
Más é an t-easaontas sin, easpa tuisceana ar chomhpháirt le hÉirinn nó neamhaird ar dhualgais faoin gComhaontú ar mhaithe leis an DUP a mhealladh chun Stormont a athbhunú is cúis leis tá an pháirtnéireacht íogair. Níor cháin rialtas na hÉireann Safeguarding the Union go poiblí ach tá oibleagáid air an Comhaontú a chosaint. Tá obair mhór le déanamh chun Feidhmeannas Stormont a chur ar bhonn rathúil ach níl ansin ach cuid den riachtanas.
Gnó don dá rialtas é an pháirtnéireacht eatarthu a chur ina ceart má tá leasuithe le haimsiú chun feabhas a chur ar an tionscnamh díláraithe agus chun beocht a chur sna forais thras-teorann.
Fág freagra ar 'Tá claontacht na dTóraithe ag cur Comhaontú Aoine an Chéasta as a riocht'