Tá cáil mhór ar Tom Crean anois, ach ní hamhlaidh a bhí i gcónaí

Beidh an ‘RV Tom Crean’ ag dul amach ar fharraigí doimhne agus na heolaithe ar bord i mbun taighde ar éisc, sliogéisc, mapáil ghrinneall na farraige agus nithe eile ar an domhain

Tá cáil mhór ar Tom Crean anois, ach ní hamhlaidh a bhí i gcónaí

I bhfad ó shin a léigh mé The Race for the Pole le Roland Huntford den chéad uair.

Ní raibh aon mhioneolas mórán ar éinne seachas Robert Falcon Scott maidir le taiscéalaíocht san Antartach go dtí sin – féach gur tugadh ‘Scott of the Antarctic’ air riamh anall. Ach, b’oscailt súl a bhí sa méid a scríobh Huntford, cé go mba Shasanach a bhí ann, faoi Roald Amundsen agus Nansen agus na taiscéalaithe as an Iorua agus an méid a bhaineadar sin amach.

Nuair a bhuaigh Amundsen an ‘rás’ go dtí an Mol Theas, bhí taiscéalaí cáiliúil Shasana, Robert Falcon Scott, ag teacht ina dhiaidh ach bhí drochbhail air. Fuair Scott bás leis an ocras agus an fuacht agus é i bhfoisceacht 12 míle den taisce bia a bhí curtha san oighear acu roimhe sin.

Rinne Huntford an-chur síos ar an réiteach a rinne an dá dhream, na hIoruaigh agus na Briotanaigh. Bhí sé thar a bheith suimiúil ó thaobh an chineál éadaí a roghnaigh an dá dhream, an cineál bia a d’itheadar ar an turas agus an taighde a rinneadh sular thugadar faoi thaisteal in áiteacha fuara uaigneacha i bhfad ó chúnamh agus ó chomhluadar.

Ba é scéal tragóideach na Sasanach a d’fhan i gcuimhne na ndaoine, toisc gur bhain sé le cineál miotais agus finscéalaíocht na seanaoise.  Fuair an bhuíon bheag a bhí ar an turas deireanach go dtí an Mol Theas bás go cróga misniúil agus Scott ag scríobh nótaí agus ag líonadh a dhialainne ina champa beag go dtí nach raibh sé in ann a thuilleadh.

I measc an chriú a thug Scott leis go dtí an tAntartach, bhí fear Abhainn a’Scáil, Tom Crean. Níor tugadh suntas do scéal Tom Crean go dtí gur músclaíodh suim sna scéalta ar fad faoin taiscéalaíocht seo, roinnt blianta ó shin.

Sílim féin go raibh dhá chúis leis sin. Ar an gcéad dul síos, ní oifigeach a bhí ann – duine de na gnáthmhairnéalaigh a bhí ar an turas ab ea é. Níor scríobh a leithéidí siúd aon dialann ná níor fhoilsigh siad leabhair faoina gcuid turais iontacha dhochreidte. Fágadh an cúram sin faoi na ceannairí agus na hoifigigh a bhí i gceannas – ba iad siúd a chuaigh ar na turais phoiblíochta agus a thug na léachtaí luachmhara ar fud an domhain nuair a tháinig na taiscéalaithe ar ais.

Agus an dara cúis nár chuala muid mórán faoi Tom Crean? Sílim go raibh baint aige le stair na tíre. Ba mhairnéalach de chuid chabhlach ríoga Shasana a bhí ann agus ní bheadh a leithéid ag fógairt faoina shaol sa gcabhlach nuair a d’fhill sé ar an tír seo tar éis a chuid gníomhartha gaisce thar lear. Bhí deartháir leis, Con san RIC agus i 1920 mharaigh an IRA é i luíochán gar do Gharraí Thancaird (Upton) i gCorcaigh.

Bhí Tom Crean ar thrí thuras mór le rá a mhairfeas go brách i gcuimhne na ndaoine – dhá thuras le Scott (1901-1904 agus 1910-1913), agus turas Shackleton ar an long ‘Endurance’ (1914-1916), turas a chríochnaigh le haistear dochreidte ón long bhriste chomh fada le Oileán Georgia, thar aigéan, sliabh is sneachta. Dúradh faoi Shackleton (Éireannach eile, as Baile Átha Í), nár chaill sé fear ariamh.

Tá meas ollmhór ar Tom Crean sa lá atá inniu ann.

Níl a fhios cé mhéad clár teilifíse, scannáin agus leabhair atá scríofa faoi. Ach ní raibh cuma ná caoi ar a uaigh an uair ar thug mise cuairt uirthi i dtús na n-ochtóidí, tar éis dom leabhar Huntford a léamh.

Tá an pub a cheannaigh sé – an ‘South Pole Inn’  — fós i mbun gnó in Abhainn a’ Scáil. Faraor, níor bhain Tom Crean mórán sásaimh as a shaol tar éis dó dul ar scor ón obair leis an gcabhlach. Bhásaigh sé i 1938, in aois 61 bliain, le haipindicíteas.   Tar éis an méid a d’fhulaing sé ar na turais chontúirteacha éagsúla, ba é an t-iontas gur mhair sé go dtí an aois sin féin

Phós sé agus bhí beirt iníonacha aige. Ach bhásaigh sé nuair a bhíodar óg go maith agus ba bheag an chuimhne a bhí acu air.

Ach beidh cuimhne ar Tom Crean anois mar gheall ar chasadh úrnua i scéal taiscéalaíochta na hÉireann.

Faoi lár na bliana seo chugainn, beidh long nua an ‘RV Tom Crean’ ag dul chun farraige agus í i mbun oibre d’Fhoras na Mara agus na dreamanna eile a dhéanann taighde mara, Suirbhé Geolaíochta Éireann ina measc.

Beidh an ‘RV Tom Crean’ ag dul amach ar fharraigí doimhne agus na heolaithe ar bord i mbun taighde ar éisc, sliogéisc, mapáil ghrinneall na farraige agus nithe eile amuigh ar an domhain.

I lár na bliana seo chugainn, nuair a ghabhfaidh sí i mbun oibre, tógfaidh sí áit an ‘RV Celtic Voyager’ a rinne obair mhór sna réimsí sin le blianta anuas. Beidh sí feicthe ag go leor agaibh, agus í le cé i nduga na Gaillimhe nó sa duga i mBaile Átha Cliath. Níl sé ráite fós ag Foras na Mara céard a tharlóidh don Celtic Voyager nuair a ghabhfaidh sí amach ar pinsean. Bheadh sé deacair í a choinneáil i mbun oibre toisc go dteastaíonn criú agus foireann taighde chun an obair a choinneáil sa tsiúl.

I gcathair Vigo na Spáinne atá an ‘RV Tom Crean’ á críochnú faoi láthair. Cuireadh an long féin ar uisce mí ó shin ach tógfaidh sé bliain nó mar sin, sula mbeidh an long feistithe agus an teicneolaíocht agus an t-innealra a mbeidh gá leo le haghaidh na hoibre i bhfearas.

Thug mé féin cuairt ar Vigo na Spáinne os cionn dhá bhliain ó shin. I gcuimhne ar thaiscéalaithe Éireannacha eile a rinne mé an turas. Cineál oilithreacht a bhí ann. Baile mór tábhachtach ó thaobh tógáil báid agus longa í Vigo. Agus is ann a tugadh an naomhóg cháiliúil, an Naomh Gobnait tar éis na tragóide a bhain di sa mbliain 2017, chun iarracht a dhéanamh í a atógáil.

Agus mé liom féin i Músaem na Mara ansin ag taispeáint ómóis do na mairnéalaigh chróga agus go háirithe Domhnall Mac a’ tSíthigh a cailleadh ag deireadh an turais, ní raibh a fhios agam go mbeadh Ciarraíoch eile luaite le bád Éireannach eile i longchlós ansin go gairid ina dhiaidh sin.

Gura fada buan í an ‘Tom Crean’ agus a criú.

Fág freagra ar 'Tá cáil mhór ar Tom Crean anois, ach ní hamhlaidh a bhí i gcónaí'

  • Gerry Gregg

    Scéal íontach ar fad.