Tá an Rialtas ag íoc anois as a straitéis lochtach i dtaobh an Bhreatimeachta

Tá sé thar am glacadh leis go dtarlóidh an Breatimeacht agus dul i mbun idirbheartaíochta dá réir

Tá an Rialtas ag íoc anois as a straitéis lochtach i dtaobh an Bhreatimeachta

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

D’éirigh le Theresa May teacht slán ón dúshlán a tugadh di sa bPáirtí Caomhach i Sasana, ach is ar éigean a dhéanfaidh sin aon difear maidir leis an mBreatimeacht nó an caolseans atá ann go nglacfar lena margadh leis an Aontas Eorpach.

Beidh sí ag súil ar ndóigh go n-éireoidh léi sa vóta faoin margadh nuair a bheidh sé soiléir do chách ag deireadh mhí Eanáir nach mbeidh aon rogha eile acu ach an Breatimeacht gan margadh ar bith má dhiúltaítear dá plean. Ach is beag comhartha atá ann go meallfaidh an tuiscint sin féin an tacaíocht a bheidh ag teastáil.

Mar sin, tar éis dhá bhliain idirbheartaíochta, agus é mar sprioc ag Rialtas na hÉireann gan teorainn chrua a thabhairt ar ais ar an oileán seo agus gan bacanna móra a bheith ann roimh thrádáil an stáit seo le Sasana, caithfidh muid glacadh leis go bhfuil teipthe ar an idirbheartaíocht sin.

Go deimhin creidim go bhfuil an toradh fabhtach seo againn toisc, cuid mhaith, go raibh straitéis fhabhtach idirbheartaíochta ann ón tús.

Ar ndóigh ní raibh aon idirbheartaíocht faoi leith ar siúl ag an stát seo ar chor ar bith.  Bhíomar sásta chuile rud a fhágáil faoin Aontas Eorpach, agus nuair a d’fhógair siadsan gur bhunprionsabal a bheadh ann nach mbeadh aon teorainn chrua ar oileán na hÉireann bhí muid sásta.

Anois, níl a fhios agam cén mhaith an prionsabal seo má tá teorainn chrua le bheith ann ag deireadh thiar, nó an faoiseamh é i ndáiríre gur chloígh Michael Barnier leis an bprionsabal sin?

Cinnte, is amhlaidh atá seasamh an Aontais Eorpaigh ag cur leis an dílseacht atá ag an gcuid is mó de mhuintir an stáit seo don Aontas, ag an bpointe seo.

Cuireann an chaint chiníoch fhrithÉireannach sin ón oiread stocairí Breatimeachta déistin orainn ar fad. Is cosúil go bhfuil an ciníochas agus an dímheas orainn beo i gcónaí, is cuma cé mhéad cuairt a thugann Banríon Shasana ar an tír seo ná cé mhéad poipín a chaitheann muid.

Ach níor ghá go dteipfeadh ar an idirbheartaíocht dá dtabharfaí fúithi i gceart ag an tús.  Is é sin, is léir nach féidir rialacha agus próisis a bhaineann le teorainn ar bith a shocrú go dtí go bhfuil a fhios againn cé na rialacha trádála a bheas ann.

Ach dhiúltaigh an tAontas Eorpach cúrsaí trádála a phlé go dtí go socrófaí siad trí cheist: an bille imeachta, cearta shaoránaigh na hEorpa sa mBreatain, agus ceist na teorann.

Faraor ní raibh réiteach ar bith i ndán dóibh maidir le ceist teorann gan réiteach trádála de shaghas éigin a bheith ann ar dtús.

Má bhí spriocanna ar leith againn, a bhain leis an teorainn agus le cúrsaí trádála, feictear domsa go raibh spriocanna eile ag an Aontas agus ag Michel Barnier, an príomh-idirbheartaí.

Ar dtús bhí sé tábhachtach don Choimisiún go léireofaí go soiléir go mbeadh aon bhallstát níos measa as dá n-imeoidís, agus go mbeadh praghas ard le n-íoc ag an aon bhallstát a leanfadh sampla na Breataine.

Agus uimhir a dó, bhí an tuairim ann go bhféadfaí an Breatimeacht a chur ar ceal mar gheall ar na deacrachtaí éagsúla, a praghas ard a bhainfeadh leis, mar shampla. Bhí an tuairim ann fiú go gcuirfí ó mhaith é le reifreann eile.  Bhí orainne vótáil arís nuair a vótáil muid in aghaidh phleananna an Aontais maidir le Nice is Liospóin. Tuige mar sin nach gcuirfí an t-iallach céanna ar an Sasanaigh?

Agus bhí polaiteoirí is tráchtairí na tíre seo céad faoin gcéad taobh thiar den iarracht an dara reifreann a bhrú ar mhuintir Shasana.

Seachmall a bhí sa straitéis sin.  Ba chóir, ina ionad sin, go mbeadh iarracht fhónta déanta againn féin ó thaobh na idirbheartaíochta de.

Ní dhearnadh iarracht ar bith den chineál sin.

Ach níl aon mhaith a bheith ag breathnú siar.  Céard atá le déanamh anois?

Creideann Sinn Féin gur chóir reifreann a iarraidh anois faoin teorainn mar atá leagtha síos i gComhaontú Aoine an Chéasta. Tá mé féin amhrasach an éireodh linn mórán Aontachtóirí a mhealladh ar son ‘Éire Aontaithe’, fiú más mian le cuid acu fanacht san Aontas Eorpach.

Agus b’fhiúntaí an moladh sin dá mba reifreann faoi neamhspleáchas a bheadh ann. Mar sin féin, is fiú a leithéid a dhéanamh, ach ná bímis ag súil leis an iomad uaidh.

I ndáiríre más é an Breatimeacht gan margadh atá romhainn, caithfidh muid tosú anois ar an idirbheartaíocht le Sasana faoi sin agus faoi cén córas agus cén rialacha trádála a bheidh eadrainn.

Ach ní féidir é sin a dhéanamh gan glacadh leis go dtarlóidh an Breatimeacht agus gan aitheantas a thabhairt, faoi dheireadh, don vóta ar a shon sa reifreann.

Fág freagra ar 'Tá an Rialtas ag íoc anois as a straitéis lochtach i dtaobh an Bhreatimeachta'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Caitheann Eoin a chuid ama ar fad ag iarraidh slí a fháil chun an cheangal idir Éire agus an Eoraip, ceangal dobhriste mar is cuid den Eoraip sinn ó roimh an am a chuaigh na manaigh chun na Mór Roinne agus iad ag leathnú an fhoghlaim is an léinn. Níl ach mionlach a chreideann gur cheart d’Éirinn an AE a fhagaint, mionlach ar mire. Is cinnte gur cheart go mbeadh fócas níos cinnte ar reifreann ar son Éire Aontaithe mar tá móramh ó thuaidh ar mhaith leo fánacht san Aontas Eorpach agus an sciar den phobal ar mhaith leo dícheangal ó long na Breataine atá ag dul faoi go cinnte sara mbáitear iad.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Mar gur mionlach iad, ní ionann san is nár cheart a gcuid tuairimí a mheas. An fhadhb le alt Eoin, níl sé bunaithe ar fíricí. Tá sé seafóideach do Eoin a rá nach raibh ‘aon idirbheartaíocht faoi leith ar siúl ag an stát seo ar chor ar bith’. Cá raibh sé. An bhfuil sé dall ar aon cheo ach a chuid mianta polaitiúla féin? An bhfuil sé faoi dhraíocht ag an mbollscaireacht frith Eorpach, a scríobhann sé chuile uair a chuireann sé peann le pár.

    Tá neart mícheart leis an AE, ach caithfear a admháil gur tugadh aird faoi leith ar éilimh na hÉireann, agus an AE i mbun na hidirbheartaíochta leis an AE. Is mar geall ar chomh éifeachtach is a bhí an idirbheartaíocht a rinne Éire le tíortha na hEorpa atá an AE ag seasamh go daingean le éilimh na hÉireann anois agus an Bhreatainn (Corbyn san áireamh) ag iarraidh a chur in iúl do gach tír, an cúlstad a chur ar leataobh.

    B’fhearr do Eoin a chuid talann scríbhneoireachta agus anailíse a usáid i réimse eile ar fad, más bollscaireacht aon taobhach amháin atá le cur ar fáil aige faoi cheist na Breatimeachta.