Tá an ‘Irishness’ go láidir in Washington arís…

Agus beirt Ghael-Mheiriceánach anois sna postanna is mó a bhfuil cumhacht ag baint leo i SAM, an féidir blianta Reagan agus O’Neill a thabhairt ar ais?

Tá an ‘Irishness’ go láidir in Washington arís…

An bhfuil seans ar bith ann go bhfuil muid ar ais chuig an gcaidreamh ‘Éireannach’ a bhí i réim in Washington sna 1980idí nuair a bhí Ronald Reagan ina Uachtarán Poblachtánach agus Tip O’ Neill ina cheannasaí ar Theach na nIonadaithe a bhí faoi smacht na nDaonlathach?   Deirtí sna blianta sin go raibh ‘córas’ neamhoifigiúil ann faoina mbéarfadh Reagan ar an teileafón sa Teach Bán agus go gcuirfeadh sé glaoch ar Tip O’Neill.  Ba iad na chéad fhocla as béal an Uachtaráin scaití ná seo:  “Tip, it’s after 5 o’clock, now.”    Bhí rud éicint nach raibh le dhul sa gcóras oifigiúil teagmhála le plé.

Bunaíodh an córas sin de bharr comhairle a chuir O’Neill ar  Reagan nuair a tháinig seisean go Washington mar Uachtarán.  “Mr President,” arsa O’ Neill “it’s business here during the day but it’s a different story after 5!”

Ar ndóigh, cé go raibh diabhlaíocht agus acmhainn grinn ag baint leis an mbeirt acu, bhíodar ábalta freisin, agus cé gur bhaineadar corrsclamh as a chéile, d’oibrigh siad go héifeachtach in éineacht.

Beidh le feiceáil an mbeidh an caidreamh ceanúil agus sásúil idir an bheirt Ghael-Mheiriceánach atá anois sna postanna is cumhachtaí sa tír is cumhachtaí ar domhan – fear acu, Joe Biden, ag uimhir a haon agus an fear eile, Kevin McCarthy, ag uimhir a trí.

Is díol suntais é go dtéann fréamhacha Éireannacha na beirte siar go dtí blianta an Ghorta Mhóir, tréimhse inar leagadh síos (ar chúiseanna fíorthragóideacha) bunchloch ginealais na tíre seo sna Stáit Aontaithe.   Leagann an tUachtarán Biden béim fós ar stair anróiteach a theaghlaigh féin.  Níl a fhios, go poiblí ar chuma ar bith, an bhfuil McCarthy chomh tuisceanach le Biden ar chúlra a theaghlaigh, ach tá a fhios go leagann sé béim ar a ghinealas aimsir na Féile Pádraig.

Is cinnte go dtiocfaidh an cúlra Éireannach i gceist scaití idir McCarthy agus Biden mura mbeadh ann ach le haghaidh an “chraic”.   Agus mar atá a fhios ag an saol tá an “chraic” tábhachtach scaití sa bpolaitíocht.

Ach ní  hiad seo na 1980idí arís againn i Meiriceá ná i bpolaitíocht Mheiriceá.  Agus go cinnte, níorbh ionann an bheirt Ghael-Mheiriceánach a bhí sna postanna cumhachtacha in Washington an uair sin agus an bheirt atá ann anois.

Bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag feidhmiú go mór ar na seanbhealaí traidisiúnta sna 1980idí. Bhí cuid de na bealaí sin go maith agus cuid acu lochtach.  Bhí an dá pháirtí mhóra a bheag nó a mhór ar an téad chéanna cé go raibh sé ráite i gcónaí go raibh claonadh i dtreo an tsaibhris ag baint leis na Poblachtánaigh agus cosaint an fhir bhig fite fuaite i bprionsabail na nDaonlathach.

Déanta na fírinne, ach an oiread le Fianna Fáil agus Fine Gael anseo in Éirinn, ba dheacair mórán difríochta a fheiceáil scaití idir na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh.

D’fhéadfadh taobh amháin ceart a bhaint as an taobh eile.

Rí-chorrdhuine atá ina Daonlathach chomh láidir leis an Ionadaí Stáit i bParlaimint Stát Maine, Margaret Creaven (Mairéad Mhattie Sheáinín) as Conamara ó dhúchas.  Tá sí feicthe agam ag tacú le cáil na nDaonlathach i gcineálacha go leor comhluadair sna Stáit Aontaithe. Tá sí neamhghéilliúil ar an gceist sin.

Ach tá cuimhne agam ar rud a dúirt sí nuair a tarraingíodh anuas ainm an Uachtaráin Ronald Reagan i gcomhluadar Daonlathach tráth.  Arsa Mairéad:  “Ah, well, you could take him.”

Ba mhór an moladh é sin ar Phoblachtánach ó Mhairéad agus bhí na milliúin Daonlathach ar fud Mheiriceá a bhí ar an bport céanna sna Stáit Aontaithe sna 1980idí.  Na ‘Reagan Democrats’ a baisteadh orthu. Vótáil siad do Reagan, cé go ndéarfainn nach ndeachaigh Mairéad Mhattie Sheáinín chomh fada sin ó bhaile sa bpolaitíocht.

Níl dabht ach go ndeachaigh an t-atmaisféar polaitíochta sin i gcion ar an “gcóras” in Washington sna blianta sin agus go raibh beirt ar an stiúir a bhí ábalta ar cheannaireacht – Reagan agus O’Neill.

Caithfear a chur sa gcomhaireamh freisin nach raibh an t-athrú ginealais i Meiriceá feiceálach leath chomh mór an uair sin agus atá sé anois.   Cé go raibh na milliúin tagtha chun na tíre an uair sin féin as na tíortha Laidineacha ó dheas agus as an Áise, de bharr an athraithe a cuireadh ar an gcóras inimirce i 1965.  Ach, ní raibh na daoine nua seo bunaithe chomh láidir sa tír agus atá anois agus iad socraithe síos agus ag vótáil.

Tá an t-athrú ginealais gaibhte i gcion ar fhealsúnacht agus ar struchtúr na nDaonlathach agus na bPoblachtánach.  Mar shampla, tá míshuaimhneas le tabhairt faoi deara i measc na nDaonlathach de bharr glórtha sóisialacha a bheith ag éirí láidir ina measc in áiteacha sa tír – go háirithe i measc na bpobal nuabhunaithe.   Ar an taobh eile den scéal, tá aicme sa tír a bhfuil imní orthu go bhfuil lagan an-mhór ag teacht ar an Meiriceá a chleacht siadsan. Tá siad scanraithe go bhfuil siad ag cailleadh a ngreim ina dtír féin.  Tá Donald Trump ag teacht i dtír orthusan.

Sa bpictiúr mór seo uilig tá beirt fhear, ar eascair a muintir as Éirinn i bhfad siar, sna postanna móra polaitíochta in Washington agus corraíl mhór shóisialta sna Stáit Aontaithe.

Teastaíonn ceannaireacht.  Teastaíonn Státairí agus teastaíonn an ‘chraic’ féin idir polaiteoirí scaití.

Scríobh Scott Farris, eolaí ar an Uachtaránacht leabhar dar teideal Kennedy and Reagan – Why their Legacies Endure.  Thug sé suas don bheirt é mar cheannairí ina bpáirtithe féin agus mar Uachtaráin a bhí in ann a dhul i gcion ar fhormhór an phobail.  An bua mór a bhí acu?   “Their Irishness” a deir Farris.

Tá “Irishness” go láidir i Washington anois.  An bhfuil an “Irishness” – idir cheannaireacht, chumarsáid agus ‘an chraic’- mar a bhfachtas do Scott Farris é – ag baint leo?  An mbeidh siad in ann múnla nua a chur ar pholaitíocht Washington mar a rinne  Ronald Reagan agus Tipp O’ Neill?

Fág freagra ar 'Tá an ‘Irishness’ go láidir in Washington arís…'