‘Tá an Ghaeilge á marú sa tobar agus ní bheadh in Údarás na Gaeltachta ach elastoplast’

Deir feachtasóir i gcúrsaí pleanála gur chóir líofacht sa Ghaeilge a bheith riachtanach chun cónaí sa Ghaeltacht ach nach ndéanfadh sé aon mhaitheas cúram na pleanála tithíochta a leagan ar Údarás na Gaeltachta

‘Tá an Ghaeilge á marú sa tobar agus ní bheadh in Údarás na Gaeltachta ach elastoplast’

Deir Breanndán Ó Beaglaoich, an ceoltóir agus feachtasóir faoi chúrsaí pleanála, go bhfuil an Ghaeltacht “á marú” ag an Rialtas agus ag an gcóras pleanála. 

Maidir le moladh Chonradh na Gaeilge go leagfaí cúram na pleanála sa Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta feasta níor aontaigh sé ar chor ar bith gurb é sin leigheas na faidhbe. 

“Ní bheadh ansin ach Elastoplast a chur ar an ngoin,” a deir sé.  

Dúirt sé go bhfuil “na milliúin euro á n-infheistiú ag an Rialtas sa nGaeilge leis an lámh dheis agus lena lámh chlé tá siad ag tachtadh na Gaeltachta”. 

“Ní hé an Rialtas a choimeád an Ghaeltacht beo, d’ainneoin na rialtas a mhaireann sí go fóill. Tá an teanga á marú acu sa tobar. Dá ligfidís di, mhairfeadh an traidisiún, ní bheadh aon bhaol air sa Ghaeltacht,” a deir Breanndán Ó Beaglaoich agus é faoi agallamh ag an Irish Examiner. 

Dúirt an Beaglaoch go ndéanann Comhairle Contae Chiarraí neamhaird ar an “tionchar socheolaíochta agus síceolaíochta a bhíonn ag an díshealbhú” ar phobal na tuaithe agus na bailte fearainn traidisiúnta á mbánú agus daoine á mbrú isteach in eastáit shaorga nach bhfuil “dáimh ná dúchas” acu leo. 

Ní ghlacann Comhairle Contae Chiarraí leis go ndiúltaítear cead pleanála go rialta do phobal na Gaeltachta. Deir siadsan gur ceadaíodh 43 iarratas as an 58 ceann ar fad a rinneadh i gCorca Dhuibhne ó mhí Márta 2015 g dtí mí na Nollag 2019.  

Dúirt fear Thodhchaí na Tuaithe go bhfuil sé féin i gcoinne na rófhorbartha fosta. 

“Níl mise ag iarraidh na dlíthe pleanála a chaitheamh i dtraipisí. Is mór idir forbairt neamhshrianta agus tithe do dhaoine ina bpobal féin.” 

Creideann sé gur chóir líofacht sa Ghaeilge a bheith riachtanach chun cónaí sa Ghaeltacht. “Mura mbeidh sin ann féadfaidh tú slán a rá lena bhfuil ann. Is féidir í a fhoghlaim. Níl ann ach dúshlán pearsanta ar fiú go mór é a shárú.”  

Measann sé gur chóir fuireach a chur ar na pleananna forbartha contae atá á n-ullmhú faoi láthair.   

“Faoin tráth seo tá mo hata caite agamsa le gach aon chomhairle contae. Ar Dháil Éireann agus ar an mBruiséil atá ár n-aghaidh anois. Ní fadhb í seo a bhaineann le Corca Dhuibhne ná leis an nGaeltacht amháin – fadhb Eorpach agus fadhb idirnáisiúnta í.”  

Tá clár faisnéise The Man with the Moving House, á dhéanamh ag Breanndán Ó Beaglaoich faoi stiúir Mark McLoughlin do RTÉ agus beidh sé ar an scáileán san athbhliain.  

Fuair Ó Beaglaoich cead pleanála anuraidh chun teach a thógáil i gCorca Dhuibhne. 

Bhí sé 15 bliain ag fanacht ar chead pleanála a fháil ó Chomhairle Contae Chiarraí chun teach a thógáil ar shuíomh leis féin i mBaile na bPoc i bParóiste Mórdhach agus thosaigh sé feachtas chun aird a tharraingt ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath. 

Fág freagra ar '‘Tá an Ghaeilge á marú sa tobar agus ní bheadh in Údarás na Gaeltachta ach elastoplast’'

  • Eimear

    Tá an cás amhlaidh sa Chóras Oideachais..is in aineoinn an Stáit go bhfuil sí againn go fóill….gach iarracht déanta í a chur i gCré na Cille sna ceantair Ghaeltachta & Quangos na Gaeilge lasmuigh ag tochras ar a gceirtlín féin!

  • Seán ÓM

    Bheadh sé conspóideach agus deacair go leor dlí a scrobh chun cosc láidir a chur i bhfeidhm ó thaobh cearta saoirse gluaiseachta srl. de – ach b’fhéidir go mbeifí in ann tosaíocht agus luasghéarú maidir le cead pleanála a thabhairt do theaghlaigh atá cónaí ar a dtuismitheoirí/gaolta sa gceantair cheana (le teorann 10KM, 15KM nó rud éicint mar shampla).

    Bheadh cúiseanna agus buntáistí sóisialta ag baint leis sin chomh maith (cúram do sheandaoine san áireamh) agus mar sin bheadh sé i bhfad níos éasca dlí nó rialacha a scríobh – agus i bhfad níos deacra don dream frith-Ghaelach gearán agus argóint in a aghaidh.

    Nílim ach ag smaoineamh ós ard anseo – cad a cheapann sibh?

  • An Teanga Bheo

    Briseadh is bás na Gaeilge is sea seo

  • Eoin Ó Fátharta

    Má tá réiteach uainn ar fhabhd mheath na teanga ní gá ach súil a chaitheamh ar bheartas Ghearóid Uí Chuinneagáin blianta siar – Déan an Béarla mídhleathach sa tír! Faigh réidh leis thar tréimhse 5-10 bhliain sa chóras oideachais, státseirbhís, na meáin, srl.