Tá an baol ann go rachaidh an cúiteamh Covid-19 seo ó smacht ar fad

Rinne muid ar fad íobairtí ach tugtar an luach saothair dóibh siúd is mó go bhfuil sé saothraithe acu

Tá an baol ann go rachaidh an cúiteamh Covid-19 seo ó smacht ar fad

Cé leis a gcúiteofar a saothar le linn na paindéime? Tá cur agus cúiteamh go leor faoin ábhar sin le seachtain agus de réir mar a théann na laethanta thart tá liosta na n-éileamh ag éirí níos faide.

De réir mar a théann sé i bhfad, is ea is lú seans go bhfaighidh na daoine atá ina theideal aon luach saothair sásúil as a gcuid íobairtí.

Rinne muid ar fad íobairtí. Cuibhriú, clutharú, uaigneas agus aonarú – b’éigean dúinn ar fad cuid éigin dár saol a chur ar leataobh ó mhí an Mhárta seo caite. Chaill daoine gaolta agus daoine muinteartha de bharr tinnis le linn na paindéime. Chaill daoine postanna, gnóthaí, tithe agus obair saoil. Chaill daoine deis a gcuid tuismitheoirí a fheiceáil ar feadh bliain go leith. Cé mhéad uair ar labhair muid ar fad ar chomh coimhthíoch strainséartha agus a bhí sochraidí nuair nár fhéad muid a mbris a chásamh le daoine? Bhain na scéalta seo linn ar fad, a bheag nó a mhór ach níl ach sciar áirithe den phobal a chuir a mbeatha i mbaol ar bhonn laethúil.

Smaoinímis siar go dtí tús an Covid-19. Ní raibh eolas cruinn faoi cé as ar tháinig an galar, cén chaoi ar scaip sé ná an raibh aon armlón leighis againn lena throid. D’ainneoin an méid sin chuaigh daoine áirithe ag obair lá i ndiaidh lae le seirbhísí a chur ar fáil. Foirne ospidéil – altraí, glantóirí doirseoirí is lucht cothabhála. Foirne siopaí, más é an siopa beag áitiúil sa sráidbhaile é nó na hollmhargaí idirnáisiúnta. Lucht seachadta earraí. Lean na daoine seo den obair agus fios acu go bhféadfadh a mbeatha a bheith i mbaol. Seo daoine a bhfuil buíochas agus luach saothair dlite dóibh.

Dúirt Ard-Rúnaí Chumann na nAltraí Phil Ní Shéaghdha i rith na seachtaine gur ionann agus deich lá breise oibre an méid dualgas breise, sosanna caillte agus uaireanta breise ar an láthair a rinne altraí anuraidh. Cén fáth nach n-éilíonn sibh deich lá? a fiafraíodh di.

Níor fhreagair sí an cheist go díreach ach freagróidh mise anseo í. Mar nach bhfuil aon bhealach go praiticiúil go bhféadfaí beart dá leithéid a chur i bhfeidhm. Chlisfeadh an córas atá faoi bhrú cheana féin. Agus níl ó na haltraí ar aon nós ach aitheantas go dtuigeann daoine an saothar a rinne siad. Aitheantas níos follasaí ná bualadh bos nó lasadh coinnle.

Tá an baol ann go rachaidh an scéal seo ar fad ó smacht agus go mbeidh rud éigin beag ar fáil dúinn ar fad ach nach mbeidh aitheantas dóibh siúd is mó a bhí ar aghaidh na ndaoine ó lá go lá. I ndeireadh an lae is beart siombalach atá anseo le tabhairt le fios go bhfuil muid tagtha slán ó Covid-19.

Tugtar an luach saothair dóibh siúd is mó go bhfuil sé saothraithe acu.

Ní hin le rá nach nglacfadh mé le lá saoire breise má bhíonn ceann ag imeacht!

Fág freagra ar 'Tá an baol ann go rachaidh an cúiteamh Covid-19 seo ó smacht ar fad'