Sunny Jacobs an bhean a bhásaigh i dtine i dteach i gConamara

Bhásaigh Sunny Jacobs, a chaith sé bliana déag sa phríosún in Florida, agus fear eile i dtine i dteach cónaithe i gConamara ar maidin

Sunny Jacobs an bhean a bhásaigh i dtine i dteach i gConamara

Is í an Meiriceánach Sonia ‘Sunny’ Jacobs an bhean a bhásaigh i dtine i dteach cónaithe i gConamara go moch maidin inniu. Níl an fear a bhí sna tríochaidí agus a bhásaigh sa tine freisin ainmnithe go fóill.

Bhí Jacobs ina cónaí sa teach scoite i nGleann Mhac Muirinn a chuaigh trí thine aréir. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ag thart ar fhiche tar éis a sé ar maidin agus thángthas ar a corp agus ar chorp an fhir sa teach.

Chaith Jacobs sé bliana déag sa phríosún in Florida nuair a ciontaíodh í as dúnmharú bheirt phóilíní sa stát sin sna 1970idí. Cuireadh a fear, Jess Tafero, chun báis i 1990. D’admhaigh fear eile, Walter Rhodes, gurbh é féin a dhúnmharaigh na póilíní tar éis bhás Tafero.

Casadh an tÉireannach Peter Pringle, a daoradh chun báis as dúnmharú bheirt Ghardaí, uirthi i 1998 agus í ar cuairt ar Éirinn mar chuid d’fheachtas in aghaidh phionós an bháis. Phós siad ceithre bliana ina dhiaidh sin agus d’aistrigh siad go Gleann Mhac Muirinn, baile fearainn ar Bhóthar Sheanadh Phéistín idir Crosbhóthar Ros an Mhíl agus Uachtar Ard.

Scríobh Jacobs leabhar Stolen Time faoin tréimhse a chaith sí sa phríosún agus insíodh a scéal sa scannán The Exonerated, scannán ina raibh an t-aisteoir Susan Sarandon i ról Sunny Jacobs.

Ní raibh sa teach scoite ach Jacobs agus an fear. D’fhreastail trí aonad de chuid Bhriogáid Dóiteáin na Ceathrún Rua agus chathair na Gaillimhe ar an tine agus thángthas ar an dá chorp sa teach. Tá an láthair á caomhnú ag an nGarda Síochána agus scrúdú teicniúil le déanamh ar an teach aon stóir le húdar na tine a aimsiú. Tugadh na coirp chuig an marbhlann in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe agus tá scrúduithe iarbháis le déanamh orthu ann.

Cuireadh an cróinéir áitiúil ar an eolas faoin eachtra agus tá na Gardaí ar an gClochán ag iarraidh ar fhinnéithe teacht chun tosaigh. Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu faoin tine mharfach teagmháil a dhéanamh le stáisiún an Chlocháin ar 095 225500, le Líne Rúnda an Gharda Síochána 1800 666 111, nó le haon stáisiún Gardaí.

Fág freagra ar 'Sunny Jacobs an bhean a bhásaigh i dtine i dteach i gConamara'