Suíomh nua oidhreachta faoi Loch Con Aortha i gConamara seolta

Tá eolas agus léarscáil idirghníomhach le fáil ar an suíomh nua mar aon le seanghrianghraif den bhaile beag Gaeltachta

Suíomh nua oidhreachta faoi Loch Con Aortha i gConamara seolta

Gasúir Scoil Loch Con Aortha sna 1950idí. Pictiúr: www.oidhreachtlca.ie

Tá suíomh nua idirlín seolta le Loch Con Aortha i nGaeltacht Chonamara a chur chun cinn. Is iad Coiste Scoil Loch Con Aortha a chuir an suíomh, www.oidhreachtlca.ie, le chéile le haird a tharraingt ar a bhfeachtas an tseanscoil ar an mbaile Gaeltachta a dheisiú agus a athchóiriú mar ionad pobail.

“Tá an t-eolas ar an suíomh seo fréamhaithe i ndúchas na háite. Níl muid ach ag iarraidh greim an dá mhéar a choinneáil ar mhuinchille an tseansaoil. Nuair a bhreathnaíonn muid thart timpeall ar an mbaile, tá sé le feiceáil againn an méid saibhreas oidhreachta agus cultúrtha a d’fhág ár sinsir againn leis na glúnta. Níl muid chun dearmad a dhéanamh orthu,” a scríobhtar ar an suíomh nua.

Tá eolas ar an suíomh faoin mbaile, atá 64km siar ó chathair na Gaillimhe agus nach bhfuil ach 51 duine ina gcónaí ann, mar atá sé sa lá atá inniu ann chomh maith le heolas faoi stair an bhaile ón 19ú agus ón 20ú haois.

Tá léarscáil idirghníomhach le fáil ar an suíomh freisin ar a bhfuil eolas faoin gcladach, faoi na cnoic, faoi na garrantaí, faoi na fothracha agus fiú, faoi stileanna poitín a bhíodh sa cheantar.

Tá gailearaithe seanphictiúr agus pictiúir nua ar an suíomh nua freisin, chomh maith le leaganacha digitithe de cháipéisí a bhaineann le ceant a bhí ann in 1869 nuair a díoladh earraí a bhain le heastát Marcus Lynch, duine de Loingsigh Bhaile na hInse, duine de na tiarnaí talún móra i gContae na Gaillimhe.

Tá súil ag an gCoiste airgead a bhailiú tríd an suíomh leis an tseanscoil a athchóiriú. Tá nasc PayPal ar an suíomh chomh maith a thugann eolas faoi na bealaí eile ar féidir airgead a dheonú.

Fág freagra ar 'Suíomh nua oidhreachta faoi Loch Con Aortha i gConamara seolta'