Stádas Oráiste báistí do Chorcaigh, Port Láirge agus Ciarraí agus Stoirm Agnes ag déanamh a bealaigh aniar

Tá fainic curtha ag Met Éireann ar an bpobal faoin lá inniu mar go bhféadfadh tuilte a bheith le cósta, an léargas a bheith go dona ar bhóithre agus an baol a bheith ann go leagfaí crainnte agus go réabfaí an chumhacht aibhléise in áiteanna

Stádas Oráiste báistí do Chorcaigh, Port Láirge agus Ciarraí agus Stoirm Agnes ag déanamh a bealaigh aniar

Tá Stádas Oráiste báistí i bhfeidhm do Chorcaigh, Port Láirge agus Ciarraí agus an Stoirm Agnes ag déanamh a bealaigh inár dtreo.

Tá an rabhadh oráiste báistí eisithe do na trí chontae ó dheas agus beidh sin i bhfeidhm óna 9.00 ar maidin go dtí a 3.00pm inniu agus tá ráigeanna troma fearthainne, a bheidh ina tuile ar uairibh, á tuar chomh maith le ropadh an-láidir gaoithe agus séideáin thréana.

Tá rabhadh stádas buí gaoithe agus báistí fógartha do Chúige Laighean agus Cúige Mumhan go léir. Tá fainic curtha ag Met Éireann ar an bpobal faoin lá inniu mar go bhféadfadh tuilte a bheith le cósta, go bhféadfadh an léargas a bheith go dona ar bhóithre agus go mbeadh dúshláin ag baint le bheith ag taisteal. Tá an baol an freisin go leagfaí crainnte agus go bhféadfadh an chumhacht aibhléise a bheith réabtha in áiteanna.

An Stoirm Agnes, réimse domhain lagbhrú os cionn thuaisceart na hEorpa, a bheidh ag déanamh a slí ó thuaidh os cionn na hÉireann ar an gCéadaoin is cionsiocair le drochaimsir an lae amárach.

Ní éalóidh na críocha ó thuaidh den teorainn ón tsíon seo ach an oiread agus tá rabhadh buí stoirme eisithe do na sé chontae sin – Aontroim, Ard Mhacha, An Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire. Tá an fhainic sin i bhfeidhm ón 12.00pm inniu go dtí a 7.00am amárach, an Déardaoin.

Agus é ag caint faoin bhfógra aimsire inné, dúirt Gerry Murphy, meitéareolaí sinsearach le Met Éireann, gur ‘buí láidir, oráiste íseal’ a bheadh an Stoirm Agnes seachas a bheith ollscriostach ar fad nó ina “stoirm apacailipteach”.

Beidh sé scaití tirim ach an-ghaofar inniu agus beidh báisteach throm ar fud na tíre uile ar feadh tréimhsí agus tá an baol ann go mbeidh fuarlaigh in áiteanna anseo is ansiúd.

Beidh sé ina stoirm nó an-ghaofar go deo ar feadh tamaill in oirthear agus i ndeisceart na tíre agus d’fhéadfadh cuid de na siotaí tréana gála sin díobháil a dhéanamh. Tá an chontúirt ann go mbeadh tuilte leis an gcósta thoir agus theas de bharr séideán láidir gaoithe i dtreo an chladaigh agus farraigí arda. Tá rabhadh tugtha ag lucht na haimsire go bhféadfadh fórsa stoirme a 10 a bheith leis an ngaoth sin ó Cheann an Chairn i Loch Garman go Rinn an Róistigh i gCorcaigh agus as sin go Ceann Léime an Chláir.  Idir 14 agus 17 céim Celsius is airde a bheidh an teocht agus gaoth láidir nó gála ag séideadh anoir aneas, agus í ag athrú léi aniar amach sa lá.

Is í Agnes an chéad stoirm a raibh ainm tugtha di a bhí againn an séasúr seo agus Oifig Aimsire na Ríochta Aontaithe a bhaist í. Táthar ag tuar go mbaileoidh Agnes soir ó thuaidh i dtreo na hAlban anocht ach athraitheach go maith a bheidh an aimsir an chuid eile den tseachtain seo.

Beidh an oíche anocht gaofar agus siotaí tréana gaoithe aniar chugainn ach lagfaidh sí le mar a bhailíonn Agnes léi i dtreo na hAlban. San oirthuaisceart, beidh ráigeanna troma báistí ach glanfaidh sin agus beidh corrthamall gile ann agus múraíl scaipthe. Idir 9 agus 12 céim Celsius is fuaire a bheidh an teocht ansin.

Corrthamall glan geal agus múraíl scaipthe atá á thuar anseo le tús an lae amárach, an Déardaoin. Leis an iarnóin, scaipfidh báisteach throm léi soir ó chósta an Atlantaigh agus gealfaidh sé san iarthar le teacht an tráthnóna.

Idir 14 agus 17 céim Celsius a bheidh an teocht agus séideáin ghaoithe ann.

Fág freagra ar 'Stádas Oráiste báistí do Chorcaigh, Port Láirge agus Ciarraí agus Stoirm Agnes ag déanamh a bealaigh aniar'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘buí láidir,oráiste íseal’!?
    Gan bheith ró-dhona ar fad…nó í bheith cuíosach dona nó sách láidir…babhtaí? Nó
    gan bheith ró-láidir ná ró-lag ach oiread…babhtaí? Idir eatorthu? ‘Measartha íseal’ idir na siotaí láidre (‘buí’) ach gan í bheith ina sánas ar fad? ‘Bhfuil sé bunoscionn acu óir is ‘buí íseal’ agus ‘oráiste láidir’ atá sé anseo, déanaim amach. An lobhálfaí dhúinn ‘aimsir sách garbh gaofar’ a thabhairt air, de sheans? Tá camfheothan ag teacht de dhroim an tsléibhe aniar chugainn anseo ach ní haon nuaíocht linn é sin. Anois díreach, ar feadh leathnóiméidín amháin, bhí “gealas i lár na léithe” siar uaim! Cothú na soininne sa doineann?