SRAITH PICTIÚR: Bua sa Seó Tallainne

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.
  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Gníomhaíocht 4 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 5 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 6 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 7 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr. Tá uirlis taifeadta le fáil ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 8 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

    • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte is féidir é a chuardach san uirlis foclóra. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Foclóirí’ atá ar bharr an leathanaigh ar chlé.

Gníomhaíocht 9 – céard fút féin?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna: déan cur síos ar an gcomórtas, cén chaoi ar mhothaigh tú roimh, i rith agus i ndiaidh an chomórtais, cad iad na tréithe de do chuid a chinntigh gur bhuaigh tú/sibh.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís, is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Bua sa Seó Tallainne

(Téacs an fhíseáin)

1) Chonaic Seán, Micheál, Pádraig agus Peadar fógra faoi sheó tallainne.
Chuir siad an-spéis ann.
Mheas siad go raibh an duais míle euro an-mhaith.
Dúirt Peadar gur ceoltóirí den chéad scoth iad agus gur cheart dóibh cur isteach ar an chomórtas.

2) Thosaigh siad ag cleachtadh go dian.
Rinne siad obair na gcapall ó mhí Feabhra go mí Aibreáin.
Bhaist siad ‘An Criú Craiceáilte’ ar an bhanna a bhí acu.
Bhí Peadar ar an ghiotár, Pádraig ar an veidhlín, Seán ar na drumaí agus Micheál ag canadh.

3) Thug an Máistir Ó Sé lámh chúnta dóibh.
Thug sé roinnt moltaí dóibh a chuidigh go mór leo.
Faoi dheireadh is faoi dheoidh tháinig oíche na cinniúna.
Bhí an comórtas ar siúl i Halla an Phobail ag a hocht a chlog.
Bhí an ceathrar acu an-neirbhíseach.

4) Ba é Príomhoide na scoile a bhí ina fhear an tí.
Bhí an saol agus a mháthair cruinnithe isteach sa halla.
Tháinig crith cos agus lámh ar an gceathrar nuair a chonaic siad an slua.
Thug siad taispeántas den chéad scoth uathu.
Thug an slua bualadh bos mór millteach dóibh.

5) Ag deireadh na hoíche ghabh an príomhoide buíochas le gach duine a ghlac páirt sa seó.
Dúirt sé go raibh na moltóirí an-tógtha le caighdeán na dtaispeántas.
D’fhógair sé ansin gurbh iad ‘An Criú Craiceáilte” a thug an bua leo.
Bhí áthas an domhain orthu.
Bronnadh seic luach míle euro orthu.

6) Bhí na buachaillí ar mhuin na muice.
Bheartaigh siad cuid den airgead a chaitheamh sa siopa ceoil mar go raibh sladmhargadh ar siúl ann.
Cheannaigh siad uirlisí ceoil agus dlúthcheirníní
Bhí siad an-chiallmhar agus chuir sé cuid den airgead i dtaisce sa bhanc

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Cén duais atá luaite i mbosca 1?
  • Cén t-ainm atá ar an ngrúpa ceoil?
  • Cad is ainm don siopa ceoil?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Bua sa Seó Tallainne'