Spriocanna teanga do mhúinteoirí na Breataine Bige á gcailliúint

Cé go bhfuil múinteoirí a bhfuil an Bhreatnais ar a dtoil acu á dtraenáil sna coláistí oiliúna, tá an oiread céanna daoine ag éirí as an ngairm

Spriocanna teanga do mhúinteoirí na Breataine Bige á gcailliúint

Níl ag éirí le hiarrachtaí Rialtas na Breataine Bige cur le líon na múinteoirí a bhfuil an Bhreatnais ar a dtoil acu, de réir na bhfigiúirí is deireanaí atá ar fáil.

Tá sé mar sprioc faoin bplean ‘Cymraeg 2050’ go mbeadh 5,200 múinteoir bunscoile sa Bhreatain Bheag atá in ann a bheith ag múineadh i mBreatnais faoin mbliain 2050. Tá sprioc eile sa phlean go mbeadh 4,200 múinteoir meánscoile ann a bheadh in ann ábhar seachas an Bhreatnais féin a mhúineadh sa teanga, agus is í an tríú sprioc ná go mbeadh 1,200 múinteoir Breatnaise ann faoin mbliain chéanna.

Bhí sé i gceist ag Rialtas na Breataine Bige os cionn 375 múinteoir nua sa bhliain a earcú mar chuid den mhórphlean náisiúnta 1,000,000 cainteoir Breatnaise a bheith sa tír faoin mbliain 2050.

Ach léiríonn na figiúirí a foilsíodh sa tuarascáil Welsh in Education workforce plan: data analysis (2024 update) le deireanas nach bhfuil ag éirí leis an rialtas na spriocanna sin a bhaint amach.

Cé go bhfuil múinteoirí a bhfuil an Bhreatnais ar a dtoil acu á dtraenáil sna coláistí oiliúna, tá an oiread céanna daoine ag éirí as an ngairm.

Bronnadh cáilíocht sa mhúinteoireacht ar 396 ábhar oide a raibh Breatnais líofa acu sna blianta 2022-2023 ach d’éirigh 395 múinteoir láncháilithe ar chainteoirí Breatnaise iad as an ngairm sa bhliain chéanna.

Fágann sé seo nár baineadh amach aon cheann de na trí sprioc a bhí leagtha síos agus gur titim seachas fás a bhí i gceist i gcás dhá chatagóir. Thit líon na múinteoirí bunscoile a bhíonn ag teagasc i mBreatnais ó 2,900 in 2016 go 2,871 in 2021 – 229 duine faoin sprioc; agus thit líon na múinteoirí meánscoile Breatnaise ó 500 in 2016 go 391 in 2021 – 209 duine faoin sprioc sin.

Cé gur tháinig fás ar líon na múinteoirí meánscoile a bhíonn ag múineadh ábhar seachas an Bhreatnais i mBreatnais – ó 1,800 in 2016 go 2,004 in 2021 – níor baineadh an sprioc 2,200 a leagadh síos don bhliain 2021 amach.

Tá ardú tagtha ar líon na bpríomhoidí a bhfuil scileanna réasúnta Breatnaise acu, de réir na tuarascála. Ó bhí an bhliain 2020 ann, tá 60 príomhoide breise ann i scoileanna na Breataine Bige a bhfuil scileanna meánleibhéil nó níos airde sa teanga acu. San áireamh leis an bhfigiúr sin tá príomhoidí i scoileanna lán-Bhreatnaise, scoileanna dátheangacha, agus scoileanna lán-Bhéarla.

Bhí an Bhreatnais ag beagnach gach príomhoide sna scoileanna lán-Bhreatnaise agus scoileanna dátheangacha agus tá 30 príomhoide breise i scoileanna lán-Bhéarla a bhfuil an Bhreatnais acu anois, i gcomparáid leis an mbliain 2020.

Fág freagra ar 'Spriocanna teanga do mhúinteoirí na Breataine Bige á gcailliúint'