Údar misnigh ag teastáil ó Ghaillimh i ndiaidh theip na seachtaine seo caite

Tugadh stánáil do pheileadóirí na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo caite agus tá cluiche crua eile rompu i gcoinne Mhuineacháin tráthnóna

Údar misnigh ag teastáil ó Ghaillimh i ndiaidh theip na seachtaine seo caite

Bainisteoir na Gaillimhe, Kevin Walsh. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Muineachán v Gaillimh – Inis Caoin, 2.00pm (Beo ar TG4)

Ba cheart go mbeadh cluiche crua idir Gaillimh agus Muineachán in Inis Caoin tráthnóna agus an dá fhoireann ag iarraidh rudaí a chur ina gceart tar éis dóibh a gcuid cluichí a chailleadh an deireadh seachtaine seo caite.

Cé go bhfuair siad an ceann is fearr ar Áth Cliath sa gcéad bhabhta, chlis ar Mhuineachán in aghaidh Ros Comáin an deireadh seachtaine seo caite. Bhí siad chun tosaigh leath bealaigh tríd an dara leath ach tháinig Ros Comáin ar ais go láidir.

Bhí Stephen O’Hanlon ar dhuine de laochra na foirne in aghaidh Átha Cliath sa gcéad bhabhta ach cuireadh den pháirc é i bPáirc de hÍde Dé Domhnaigh seo caite, rud a fhágann nach mbeidh sé ar fáil tráthnóna.

Tá Muineachán fós ag brath go mór ar Conor McManus. Níor thosaigh sé i gceachtar den dá chluiche atá imeartha ag Muineachán ach tháinig sé isteach mar fhear ionaid agus d’éirigh leis ceithre phointe a scóráil sa bpéire.

Fuair Gaillimh an ceann is fearr ar Mhuineachán sa tsraith anuraidh ach tá cluiche crua i ndán dóibh tráthnóna.

Tá scata mór imreoirí ar iarraidh ar Kevin Walsh cheana féin, idir imreoirí Chora Finne agus leithéidí Damien Comer, Paul Conroy agus Michael Daly atá gortaithe. Buaileadh buille eile ar Ghaillimh i rith na seachtaine nuair a fógraíodh nach mbeadh Cillian McDaid acu an chuid eile den tsraith. Chaith fear Mhuine Mheá an bhliain seo caite le Carlton san AFL ach tá sé ar ais le Gaillimh i mbliana. D’aimsigh sé dhá phointe sa gcéad leath in aghaidh Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh ach gortaíodh é ina dhiaidh sin agus ní fheicfear arís ag imirt é roimh thús na craoibhe.

Is údar imní do Kevin Walsh an taispeántas a thug a fhoireann sa gcluiche sin Dé Sathairn seo caite. Bhí an chuma ar Ghaillimh go raibh siad tugtha traochta go luath sa dara leath agus ní leigheasfar é sin taobh istigh d’aon seachtain amháin.

Thuigfeá do leithéidí Peter Cooke agus Céin D’Arcy dá mbeidís tuirseach mar tá cúig chluiche imeartha acu le coicís anuas, idir chluichí na Gaillimhe agus chluichí OÉ Gaillimh i gCorn Mhic Shigiúir, ach mura mbíonn Gaillimh in ann ag an luas atá ag na foirne eile i Roinn 1, beidh siad i dtrioblóid.

Ba cheart gur spreagadh mór do Mhuineachán é a bheith ag imirt sa mbaile agus má bhíonn tuirse  ar na Gaillimhigh arís, tabharfaidh Muineachán an ceann seo leo.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Fág freagra ar 'Údar misnigh ag teastáil ó Ghaillimh i ndiaidh theip na seachtaine seo caite'