Spórt na mban fós in áit na leathphingine agus scéalta eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra CLG a imríodh an deireadh seachtaine seo

Spórt na mban fós in áit na leathphingine agus scéalta eile

Ereena Fryday (Tiobraid Árann) agus Dervla Higgins (Gaillimh). Pictiúr: INPHO/Brian Reilly-Troy

Spórt na mban fós in áit na leathphingine

Bhí dea-scéal ag foireann chamógaíochta Thiobraid Árann inné nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghaillimh ach, agus Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh ar fud an domhain inné, ba léir arís eile go bhfuil spórt na mban fós in áit na leathphingine go leor den am.

Bhain Tiobraid Árainn áit amach i gcluiche ceannais na sraithe den chéad uair le 11 bliain tar éis dóibh Gaillimh a shárú i mBéal Átha na Sluaighe inné ach ní raibh maoir líne oifigiúla ar fáil don chluiche agus b’amhlaidh a bhí an scéal sa gcluiche a bhuaigh Corcaigh ar Chill Chainnigh i bPáirc Uí Rinn.

D’admhaigh an Cumann Camógaíochta ar maidin gur imríodh roinnt cluichí an deireadh seachtaine gan dóthain maor líne a bheith ann agus dúirt gur tharla an ganntanas mór maor de bharr an méid cluichí a bhí le n-imirt ag an deireadh seachtaine – cluichí idirchontae, cluichí clubanna agus cluichí a bhí curtha siar le roinnt seachtainí de bharr na drochaimsire.

Cluichí tábhachtacha a bhí sna cinn a bhí á n-imirt sa tsraith chamógaíochta an deireadh seachtaine seo agus na foirne is fearr sa tír ag imirt. Bhuaigh Gaillimh an tsraith agus Craobh na hÉireann anuraidh agus is iad Corcaigh agus Cill Chainnigh an dá fhoireann is mó rath sa tír.

Chuaigh fir na Gaillimhe agus Thiobraid Árann chun páirce inné freisin i gcluiche a bhí curtha siar de bharr na drochaimsire ach ní smaoineodh aon duine riamh go mbeadh orthu an cluiche a imirt gan maoir líne mar ní tharlódh a leithéid.

Cruinneas curtha le dúrúch na nGaillimheach

Cathal Mannion ag ceiliúradh tar éis dó cúl a scóráil. Pictiúr: INPHO/Tom O’Hanlon

Bhí iománaithe na Gaillimhe ag treabhadh leo sa tsraith i mbliana roimh chluiche an lae inné ach tabharfaidh a mbua in aghaidh Thiobraid Árann spreagadh iontach d’imreoirí agus lucht leanúna an chontae.

Ní raibh Gaillimh iontach sa chéad leath i mBóthar na Trá ach le cóir na gaoithe sa dara leath rinne foireann Shane O’Neill scrios.

Go dtí seo sa tsraith, bhí na Gaillimhigh díograiseach ach an míchruinneas ag cur as dóibh. Chaill Gaillimh géarchoimhlint in aghaidh Phort Láirge le aon phointe amháin nuair a chuir siad 18 deis scórála a chur amú. D’éirigh le Gaillimh sa chéad chluiche eile in aghaidh Chorcaí ach chuir siad 16 iarracht ar fóraoil an lá céanna.

D’éirigh leo an laige sin a leigheas inné..Cé go raibh gaoth láidir ann, níor chuir Gaillimh ach ocht n-iarracht amú sa chluiche in aghaidh Thiobraid Árann. Ba mhór an cúnamh é cruinneas Evan Niland ó na pocanna saora agus d’aimsigh fear Dhroichead an Chláirín 14 pointe i Staid an Phiarsaigh inné.

Bhí an dúrúch oibre céanna ar Ghaillimh ar fud na páirce agus rinne siad scrios ar Thiobraid Árann i lár na páirce. As an 25 poc amach fada a bhuail cúl báire Thiobraid Árann Brian Hogan sa chluiche, bhuaigh Gaillimh 19 acu, sin 76%. Rinne Gaillimh beagnach a dhá oiread húcála agus blocála le Tiobraid Árann.

Beidh Shane O’Neill agus a chuid imreoirí ag súil go gcoinneoidh siad leis an imirt stuama seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar Loch Garman i mbabhta ceathrú ceannais na sraithe Dé Sathairn seo chugainn.

Bliain eile sa bhfásach ag Uíbh Fhailí

Bainisteoir Uíbh Fhailí, Michael Fennelly. Pictiúr: INPHO/Tom O’Hanlon

Tar éis dóibh drochbhliain cheart a bheith acu anuraidh, bhí dea-scéal ag teastáil go géar ó iománaithe Uíbh Fhailí an t-earrach seo agus fuair siad deis air sin ag an deireadh seachtaine. Agus iad ag tabhairt aghaidh ar Aontroim sa Tulach Mhór, bhí áit ann i gcluiche ceannais Roinn 2A le fáil ag Uíbh Fhailí ach fir Uladh a chloí. 

Ó tharla áit bainte amach ag Aontroim sa chluiche ceannais cheana féin, thapaigh an bainisteoir Darren Gleeson an deis scíth a thabhairt do roinnt imreoirí. Bhí cuma na maitheasa ar Uíbh Fhailí agus iad sé phointe chun tosaigh agus an cluiche beagnach thart.

Fógraíodh sé nóiméad d’am cúitimh agus bhí na sé nóiméad caite nuair a scóráil Neil McManus cúl d’Aontroim. Bhí Uíbh Fhailí fós trí phointe chun tosaigh ach bhuaigh Aontroim seilbh ar an sliotar i ndiaidh an phoic amach, chruthaigh siad deis amháin eile agus d’éirigh le Conor McCann cúl eile a aimsiú d’Aontroim chun na foirne a fhágáil ar comhscór agus dóchas Uíbh Fhailí a scrios.

Ciarraí a thabharfaidh aghaidh ar Aontroim sa chluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo.

Buille mór a bhí ann d’Uíbh Fhailí agus caithfidh siad déanamh d’uireasa an teacht isteach níos fearr a bhíonn ag foirne i bpríomhroinn na sraithe. Beidh Uíbh Fhailí ag imirt i gCorn Christy Ring, an tríú grád sa chraobh, an samhradh seo agus cé go bhfuil gach deis ann go n-éireoidh leo ardú céime a bhaint amach, beidh siad fós sa dara grád sa tsraith agus sa chraobh in 2021.

Cúig fhoireann fós san iomaíocht i Roinn 1 Pheil na mBan

Tosach Dhún na nGall Geraldine McLaughlin. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Gan ach dhá bhabhta fágtha i Roinn 1 na sraithe i bpeil na mban, tá deis fós ag cúig chontae áit a bhaint amach i gcluiche ceannais 2020. Is iad Gaillimh agus Corcaigh is mó a bhfuil seans acu an cluiche ceannais a bhaint ach d’fhág cúpla toradh gan choinne an deireadh seachtaine seo nach bhfuil tada cinnte go fóill.

Bhí deis ag Corcaigh inné áit a bhaint amach sa chluiche ceannais ach tháinig Dún na nGall aniar aduaidh orthu i mBéal Átha Seanaidh. Ní raibh cluiche ar bith caillte ag mná Chorcaí go dtí seo sa tsraith ach d’aimsigh Amy Boyle Carr agus Geraldine McLaughlin cúl sa chluiche agus ag Dún na nGall a bhí an bua.

Tá seans beag ag Dún na nGall áit a bhaint amach sa chluiche ceannais ach bheadh orthu an dá chluiche atá fágtha acu a bhuachan agus fós, bheidís ag brath ar thorthaí i gcluichí eile.

Tá an méid céanna fíor i gcás Átha Cliath chomh maith. Bhí seaimpíní na hÉireann i mbaol ísliú céime go dtí go bhfuair siad an ceann is fearr ar Phort Láirge an deireadh seachtaine seo. Thug na Déisigh neart le déanamh dá gcéilí comhraic ach cé go raibh Áth Cliath seacht bpointe chun deiridh ag tráth amháin, d’éirigh leo teacht aniar a dhéanamh agus an cluiche a bhaint.

D’fhág bua Mhaigh Eo ar an Iarmhí go bhfuil siad fós san iomaíocht mar atá Gaillimh, atá ar bharr na sraithe tar éis dóibh Tiobraid Árann a bhualadh. D’aimsigh Róisín Leonard 1-2 do Ghaillimh agus fágann sin go bhfuil 6-11 aimsithe ag bean Chora Finne sna cúig chluiche atá imeartha go dtí seo.

Fág freagra ar 'Spórt na mban fós in áit na leathphingine agus scéalta eile'