Sléacht réinfhianna: léargas ar chruachás na Sámach 

Tá cleachtadh na gcéadta bliain ag pobal bundúchasach thuaisceart Chríoch Lochlann ar an saol nua-aimseartha a bheith ag teacht salach ar a saol traidisiúnta féin

Sléacht réinfhianna: léargas ar chruachás na Sámach 

Tharla sléacht i dtuaisceart na hIorua ag an deireadh seachtaine.

Maraíodh 106 réinfhia thar thréimhse thrí lá nuair a réab traenacha trí thréada réinfhia a bhí ar a n-imirce bhliantúil chuig féaraigh an gheimhridh.

Thuairiscigh craoltóir stáit na hIorua, NRK, gur fágadh cuid mhór de na hainmhithe le taobh an iarnróid ar feadh uaireanta fada an chloig agus iad ag fáil bháis, agus nár baineadh corpáin réinfhianna a bhí imithe i bhfostú in inneall traenach amháin den traein sin go dtí gur bhain sí stáisiún bhaile mór Mosjøen amach, 25 ciliméadar ón láthair ar bhuail sí faoi na hainmhithe.

Tá grianghraif láidre den timpiste le feiceáil ar shuíomh NRK. Ainmhithe leathfhiáine iad na réinfhianna a bhfuil dlúthcheangal idir iad agus na Sámaigh, pobal bundúchasach thuaisceart Chríoch Lochlann. San am a caitheadh, bhíodh formhór mór na Sámach ag brath ar na réinfhianna. Sa lá atá inniu ann ní oibríonn ach duine as gach deichniúr Sámach in earnáil na réinfhianna, ach tá cultúr an phobail fós fite fuaite leis na hainmhithe.

Ní haon ionadh mar sin gur ghoill sléacht an deireadh seachtaine seo caite go mór ar phobal na Sámach ar fad. 

’Tá mearbhall orm le fearg,’ a dúirt úinéir cheann amháin de na tréada a maraíodh, Ole Henrik Kapfjell, le craoltóir stáit na hIorua, NRK. 

Níorbh é an chéad uair é gur maraíodh na scórtha réinfhianna d’aon iarraidh amháin nuair a bhuail traein, nó carr, fúthu. Tá cleachtadh na gcéadta bliain ag na Sámaigh ar an saol nua-aimseartha a bheith ag teacht salach ar a saol traidisiúnta féin, agus cé gur tháinig feabhas mór le scór bliain anuas ar an gcaoi a gcaitear leis na Sámaigh san Iorua, sa tSualainn agus san Fhionlainn tá an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh deireadh go fóill le hionraí an nua-shaoil ar chríocha na Sámach.

Tá tús curtha san Fhionlainn le staidéar féidearthachta faoi líne nua thraenach a nascfadh gréasán iarnróid na tíre sin le calafort Kirkenes in oirthuaisceart na hIorua. Ghearrfadh an líne thraenach nua tailte réinfhianna na scórtha teaghlach Sámach ina dhá leath dá dtógfaí í.

Tá tús curtha, leis, le staidéar féidearthachta chun scéim ollmhór muilte gaoithe a thógáil ar theorainn na Fionlainne agus na hIorua.

Tá an fheirm ghaoithe ar tír is mó san Eoraip á tógáil faoi láthair sa chuid is faide ó dheas de chríocha na Sámach, ar leathinis Fosen, gar do chathair Trondheim na hIorua. 

Ní bheidh réinfhianna in ann innilt feasta in aon áit a dtógfar feirmeacha gaoithe, agus ach oiread le bóithre iarainn cuireann línte leictreachais bac ar shaorghluaiseacht na dtréada go minic.

Baineann buntáistí timpeallachta, ar ndóigh, le línte traenach (seachas bóithre) agus le fuinneamh gaoithe, ach is leasc leis na Sámaigh géilleadh d’argóintí timpeallachta nuair a bhíonn tailte na réinfhianna i gceist. 

‘Coilíneachas glas’ a bhaist uachtarán Pharlaimint na Sámach san Iorua, Aili Keskitalo, le gairid ar an bhfuadar atá faoi rialtais agus comhlachtaí príobháideacha éagsúla mórthograí a bhfuil buntáistí timpeallachta ag baint leo a thógáil i gcríocha na Sámach.

Bréag a bheadh ann a mhaíomh, áfach, go bhfuil slite maireachtála traidisiúnta na Sámach chomh traidisiúnta agus chomh neamhurchóideach ó thaobh na timpeallachta de agus a bhí go dtí scór nó scór go leith bliain ó shin. Sa lá atá inniu ann, tá an scútar sneachta – feithicil challánach atá trom ar pheitreal – chomh lárnach in eacnamaíocht agus go deimhin i gcultúr na Sámach leis an réinfhia féin.

Íorónta go leor, san fhadtréimhse, seans gur mó an chontúirt an t-athrú aeráide d’earnáil na réinfhianna agus don chultúr ársa a bhaineann léi ná na muilte gaoithe agus samplaí eile den ‘choilíneachas glas’ atá á dtógáil d’fhonn srian a chur leis an athrú aeráide céanna. Dá airde a éireos teocht na cruinne, is ea is lú a bheidh an limistéar a mbeidh na réinfhianna in ann innilt ann.

Fág freagra ar 'Sléacht réinfhianna: léargas ar chruachás na Sámach '