Síneadh ceithre bliana á chur ag TG4 lena n-urraíocht ar Chraobhchomórtais Pheil na mBan

Leanfaidh TG4 lena n-urraíocht ar Chraobhchomórtais Pheil na mBan go dtí 2022 ar a laghad agus iad i mbun urraíochta anois ar an gcomórtas ó thús na mílaoise

Síneadh ceithre bliana á chur ag TG4 lena n-urraíocht ar Chraobhchomórtais Pheil na mBan

Tá síneadh ceithre bliana fógartha ag TG4 ar urraíocht an stáisiúin ar Chraobhchomórtais Idirchontae Pheil na mBan. 

Mairfidh an socrú nua go dtí deireadh shéasúr 2022. Faoin tráth sin, beidh an chomhpháirtíocht idir TG4 agus Cumann Pheil na mBan ar bun le breis agus scór bliain. Is sa bhliain 2000 a thosaigh TG4 ag déanamh urraíochta ar Chraobh Pheil na mBan.

Ag seoladh Chraobhchomórtais Pheil na mBan tráthnóna dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go raibh ríméad air faoin gcomhaontú nua. Craolfar seacht gcluiche dhéag ó chraobhchomórtais 2018 ar TG4 i rith an tsamhraidh.

Beidh cluichí ceannais na gcraobhacha Sóisir, Idirmheánacha agus Sinsir á gcraoladh beo ar TG4 agus ar an gcainéal sin amháin, ar an 16 Meán Fómhair.

“Fáiltíonn TG4 roimh an deis seo an mórtas atá againn sa gceangal seo atá againn leis an spórt breá Éireannach seo a athdhearbhú,” a dúirt Esslemont.

“Ní inniu ná inné a thosaigh an chomhpháirtíocht seo idir TG4 agus an LGFA. Léiríonn an clúdach cuimsitheach a dhéanann TG4 ar na cluichí ag gach leibhéal an tábhacht a leagaimid ar an spórt iontach seo atá ag forbairt agus a bhfuil borradh faoi bliain i ndiaidh bliana. Is sampla iontach eile é de chultúr saibhir agus oidhreacht na tíre agus tá mórtas orainn baint a bheith againn leis agus as an gceangal idir an Ghaeilge agus Peil na mBan atá ag dul ó neart go neart.”

Dúirt Marie Hickey, Uachtarán Chumann Pheil na mBan, go bhfuil siad “thar a bheith sásta” a dheimhniú go bhfuil síneadh le cur leis an gcomhpháirtíocht fhada le TG4.

“Tá ceangal ag TG4 le Peil na mBan ón mbliain 2000 agus chuidigh siad linn an spórt a chur chun cinn go mór. Tá daonra mór thar lear a gcaithfimid freastal orthu agus suim mhór sa spórt ar fud an domhain mhóir. Tá an cumas atá i TG4 clúdach a chur ar fáil do dhaoine lasmuigh d’Éirinn thar a bheith tábhachtach dúinn,” a dúirt sí.

Mar atá déanta i gcomórtas na bhfear, tá leagan amach nua ar Chraobhchomórtas Shinsir Pheil na mBan don séasúr seo. Chun áit a bhaint sa bhabhta ceathrú ceannais, beidh ar na foirne teacht slán ó ghrúpaí cáilithe.

Beidh ceithre ghrúpa ann agus trí fhoireann i ngach ghrúpa. Is iad an chéad dá fhoireann i ngach grúpa a bhainfidh áit amach sa bhabhta ceathrú ceannais.

Fág freagra ar 'Síneadh ceithre bliana á chur ag TG4 lena n-urraíocht ar Chraobhchomórtais Pheil na mBan'