Is aisteach an bhliain a bhí inti. Bhí géarchéim tithíochta, fadhbanna sa gcóras sláinte, costais arda fuinnnimh agus earraí grósaera ag cur as dúinn ar fad. Mar sin féin, bhí farasbarr sna cistí Stát agus ar acmhainn an rialtais a bheith flaithiúil, rud a d’fhág gur beag gearán oscailte a chuala muid. Bliain den scoth a bhí inti má thaitníonn an pholaitíocht leat – toghcháin Eorpacha, áitiúla, olltoghchán, reifrinn, toghchán sa Breatain, i dTuaisceart Éireann agus sa bhFrainc. Sin gan trácht ar an capo di tutti capi – uachtaránacht na Stát Aontaithe. Fuair muid Taoiseach nua, ceannaire nua ar Fhine Gael agus ceannaire nua ar na Glasaigh. A leithéíd de spraoi!
Ní hin le rá nach raibh daoine mífhoighdeach agus feargach. Thosaigh muid an bhliain faoi scáth chíréibeacha gránna i mBaile Átha Cliath agus tacaíocht bhreise do ghrúpaí frithimirce. Bhí agóidí ar na sráideanna, fearg léirithe le polaiteoirí agus foirgnimh dá lasadh. Tar éis an teannais ar fad nuair a fuair an pobal deis a mbreithiúnas a thabhairt ar na polaiteoirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mí an Mheithimh is beag tacaíocht a fuair grúpaí ar an eite dheis.
Leathbhliain dár gcionn is cúrsaí eacnamaíochta is mó a bhí ag déanamh imní do dhaoine, mar a bhíonn de ghnáth le bheith fírinneach. Cé gur chuir na páirtithe ar fad rogha leathan caiteachais os comhair an phobail is cosúil gur beag tionchar a bhí ag na féiríní ar fad a bhí geallta ar mheon na ndaoine. Más tada é, b’éigean do na polaiteoirí a thabhairt le fios gur thuig siad an chorraíl atá i réim sa domhan agus an baol atá ann don tír seo ó na Stáit Aontaithe má chuirtear polasaithe géara eacnamaíochta i bhfeidhm.
Ghlac muid go fonnmhar leis an liúntas leanaí breise agus na liúntais aibhléise ach cuireadh an cheist níos minice – cén fhad eile a mhairfidh an fhlúirse seo? Léiríonn na tuairiscí airgeadais nach baol dúinn faoi láthair ach léiríonn toradh an olltoghcháin freisin go raibh níos mó imní ar dhaoine faoi sheasmhacht agus críonnacht ná mar a cheapfá.
Tharraing an feachtas don olltoghchán céanna aird ar cheisteanna a bhaineann le seirbhísí míchumais agus cúraim na tíre. Gheall na páirtithe go mbeadh costas cúram leanaí níos ísle agus go gcuirfí deireadh leis an scrúdú maoine ar chúramóirí. Gheall na Daonlathaithe Sóisialta go mbeadh Aire Stát freagrach as ceisteanna a bhaineann le míchumas. Dúirt iarrthóir amháin liom féin go raibh cúrsaí cúraim agus seirbhísí d’easláin ar cheann de na ceisteanna is mó a cuireadh ag na doirse. Ní thuigeann daoine cén fáth go bhfuil na seirbhísí seo chomh gann agus muid ag déanamh gaisce as chomh flúirseach agus atá na pingineacha.
Is dóigh gurb é sin an dúshlán mór a bheidh roimh an rialtas nua. Ní mór cothromaíocht a aimsiú idir dáileadh airgid ar gach duine agus seirbhísí dóibh siúd is mó go dteastaíonn siad uathu. Beidh an pobal níos feargaí arís eile faoi chur amú airgid nuair a chuimhneoidh siad ar an gcaiteachas gan srian a cuireadh ar a súile dúinn le bliain anuas i gcás Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, díon an bhotháin slándála agus seid na rothar ag Teach Laighean.
Níl an teannas a tháinig chun cinn i rith na bliana faoin inimircigh agus iarrthóirí tearmainn leigheasta go fóill ach an oiread. Cé nach ndearna páirtithe frithimirce chomh maith agus a ceapadh a dhéanfadh sna toghcháin i rith na bliana, tá an ghráin agus an ciníochas fós inár measc, mar sin féin. An mbeidh an rialtas nua in ann díriú ar na ceisteanna sin? Ní mór dóibh ceachtanna na bliana atá beagnach caite a fhoghlaim agus clár nua rialtais á chur le chéile acu.
Fág freagra ar 'Seirbhísí gann agus gaisce á dhéanamh faoi chomh flúirseach is atá na pingineacha'