Seirbhís sláinte ar an dé deiridh ach an ndéanfadh Feidhmeannas in Stormont aon difear?

Mura ndéanfar an obair gan mhoill is baolach nach mbeidh seirbhís sláinte ann le tarrtháil

Seirbhís sláinte ar an dé deiridh ach an ndéanfadh Feidhmeannas in Stormont aon difear?

Otharcharranna ina scuainí lasmuigh d’ospidéil is othair ar bord ar feadh uaireanta fada, daoine eile ag fanacht ar sheirbhís is gan otharcharr le fáil. Obráidí pleanáilte á gcur ar ceal. Ionaid éigeandála plódaithe. Dochtúir ag eisiúint teachtaireachta ar fhíseán ag achainí ar dhaoine fanacht glan ar rannóga timpistí agus éigeandála in ospidéal mura bhfuil siad i mbaol tubaisteach.

Scéal coitianta faoin tseirbhís sláinte i dTuaisceart Éireann atá ar an dé deiridh agus gnáthdhúshláin an gheimhridh fós le theacht.

“Tá daoine ag fáil bháis mar gheall ar an mbrú atá ar an tseirbhís.” Ní feachtasóir ar an tsráid a dúirt ach ionadaí ó chumann na lianna, an Coláiste Ríoga Míochaine Éigeandála, a dúirt go raibh beatha i mbaol agus othair ar thralaithe ar feadh laethanta as a chéile. Dúirt leas-uachtarán an chumainn, an Dr Paul Kerr, ar an raidió go raibh othair i scuainí ag feitheamh ar leapacha, ag fanacht i bpasáistí i bhfad rófhada. Bhain a fholáireamh geit as daoine ach bhí sé ag teacht leis an gcaint i measc an phobail.

Tá amanna feithimh le cúpla mí anuas chomh holc is a bhíodh ag buaicphointe an gheimhridh. Is minic a chítear na hotharcharranna ina suí taobh amuigh d’ionaid éigeandála na n-ospidéal, foirne ag iarraidh aire a thabhairt d’othair iontu mar nach bhfuil spás dóibh istigh. Dá thoradh sin ní bhíonn otharcharranna ar fáil do dhaoine eile in am an ghátair. Bheadh sé scanrúil dá dtarlódh a leithéid uair amháin ag ospidéal amháin. Tá sé coitianta áfach agus forleathan. Ní hiontas an Dr Kerr a bheith ag caint faoi dhaoine a bheith ag fáil bháis d’uireasa cúraim; bhí conspóid ann cheana faoi dhaoine a cailleadh nuair nach raibh cabhair ar fáil in am.

Ní féidir othair áirithe a scaoileadh amach as ospidéal toisc go bhfuil easnaimh mhóra sa tseirbhís cúram sóisialta. É sin ar fad sa mhullach ar ghanntanas foirne sna hospidéil, ganntanas dochtúirí teaghlaigh agus go leor de na foirne atá ag obair traochta spíonta. Dúirt ceardchumann na n-oibrithe sláinte nach féidir leanúint ar aghaidh mar atá. Ta oibrithe faoi bhrú gan staonadh i ngach roinn, go leor nach bhfuair briseadh nó faoiseamh le dhá bhliain go leith nó tri bliana. Ní brú geimhridh atá i gceist a thuilleadh, ní bhíonn aon sos uaidh, a dúirt ionadaí an cheardchumainn Unison.

Tá an lucht leighis ag éileamh gnímh ó na polaiteoirí. Fearacht na bpáirtithe eile in Stormont táthar ag iarraidh brú a chur ar an DUP éirí as an baghcat ar Stormont atá ar siúl ó mhí Feabhra mar agóid in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta. Teastaíonn Feidhmeannas uathu a rithfeadh buiséad agus a thabharfadh faoin uasghrádú ar an tseirbhís sláinte atá geallta le fada.

Tá a fhios go maith gur theip ar Stormont go dtí seo an obair athchóirithe ar an tseirbhís sláinte a dhéanamh d’ainneoin liosta fada d’athbhreithnithe agus moltaí ó shaineolaithe faoi conas é a dhéanamh. D’aontaigh an Feidhmeannas plean athchóirithe breis is cúig bliana ó shin. Tháinig folús polaitiúil trí bliana salach ar an obair agus ansin tháinig an phaindéim Covid-19. Rinne Robin Swann, mar Aire Sláinte le dhá bhliain go leith, iarracht tabhairt faoi ach d’uireasa buiséid ba bheag ab fhéidir a dhéanamh fiú dá mbeadh na páirtithe ullamh chun pleananna conspóideacha a chur i gcrích.

Ní raibh buiséad aontaithe nuair a shiúil an DUP amach i mí Feabhra agus bhí údarás na n-airí eatramhacha ó shin teoranta. Beidh deireadh ar fad lena ré faoi cheann trí seachtaine, an 28 Deireadh Fómhair, mura bhfillfidh an DUP roimhe sin.

Go dtí seo, ní hamháin gur dhiúltaigh an DUP as éadan géilleadh don mbrú ach mhaígh urlabhraithe ón bpáirtí nach ndéanfadh athbhunú an Fheidhmeannais blas difríochta. Sin é a bport freisin faoi chabhrú le daoine atá ar an ngannchuid de bharr an mhéadaithe ar phraghas ola nó gáis agus an t-ardú mór ar an gcostas maireachtála. Ni hé go bhfuil an chluas bhodhar á tabhairt acu d’achainíocha an phobail, a deir siad, ach gur ag Westminster atá ceannas ar an sparán.

Argóint shuaithinseach í seo ó pháirtí a chaith blianta ag moladh na déabhlóide agus ag fógairt gurb iad na polaiteoirí logánta a thuig riachtanais logánta. Tá a bhfealsúnacht á cur as a riocht ag na hiarrachtaí chun a mbaghcat ar Stormont a chosaint. Is minic a deir siad go bhfuair siad sainordú don bhaghcat óna gcuid vótóirí. Níorbh é an prótacal an t-aon ábhar ar a gclár toghchánaíochta áfach; bhí neartú agus cóiriú an NHS ann freisin. An airíonn siad freagracht do na vótóirí atá  á éileamh sin go práinneach?

Ní orthusan amháin atá an dualgas ach is é a neamhfhreastal a chinntíonn nach dtabharfaidh aon pháirtí aghaidh ar an riachtanas. Mura ndéanfar an obair gan mhoill is baolach nach mbeidh seirbhís sláinte ann le tarrtháil.

Fág freagra ar 'Seirbhís sláinte ar an dé deiridh ach an ndéanfadh Feidhmeannas in Stormont aon difear?'