Seanóirí Chiarraí, éacht Jim Gavin agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó chluichí ceannais na sraithe

Agus deireadh tagtha leis an tSraith Náisiúnta Peile , breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar a bhí le foghlaim ó chluichí ceannais an Domhnaigh

An bata tugtha d'Aodhán Ó Mathúna
Bata agus bóthar tugtha d’Aidan O’ Mahony. Pictiúr Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Níl na himreoirí is sine ag Ciarraí in ann é a fhéachaint le Baile Átha Cliath ‘duine ar dhuine’

Roimh chluiche an Domhnaigh, cuireadh taispeántais shraithe triúir de na himreoirí is sine ag Ciarraí, Marc Ó Sé, Aidan O’Mahony agus Kieran Donaghy, chun cinn mar fhianaise ar an díocas i measc na gCiarraíoch i mbliana. Faraor, nuair a tháinig an crú ar an tairne in aghaidh Bhaile Átha Cliath, b’iad na seanóirí a bhí ag streachailt, Ó Sé agus O’Mahony go háirithe.

Thóg sé tamall ar Bernard Brogan du li bhfeidhm ar an imirt ach nuair a d’éirigh leis é sin a dhéanamh fuair sé an ceann is fearr ar Ó Sé arís agus arís eile. D’aimisgh sé trí phointe taobh istigh de chúig nóiméad ag deireadh an chéad leath agus léirigh an dara cúl a fuair Baile Átha Cliath an athuair na deacrachtaí a bhí ag Ó Sé. Nuair a tháinig iarracht Paul Flynn ar ais ón bposta, shílfeá go raibh Ó Sé san áit cheart chun an pheil a smachtú ach lig sé do Brogan an liathróid a bhaint de. Thug Brogan do Eric Lowndes í agus bhí cúl eile ag fir na hardchathrach.

Ba é an scéal céanna é i gcás O’Mahony agus níor éirigh leis stop a chur le hionsaithe Bhaile Átha Cliath ó lár na páirce. Mar bharr ar an donais, iompar seafóideach ba chúis le himeacht O’Mahony den pháirc nuair a bronnadh cárta dearg air as Jonny Cooper a leagan.

Ní hin le rá go bhfuil deireadh le seal na beirte i ngeansaí Chiarraí ach caithfidh gur fhoghlaim Fitzmaurice inné nach bhfuil a chuid cosantóirí ar fad in ann é a fhéachaint le le himreoirí Bhaile Átha Cliath ‘duine ar dhuine’.

Stephen Cluxton agus Jim Gavin. INPHO/Ryan Byrne
Stephen Cluxton agus Jim Gavin. INPHO/Ryan Byrne

Éacht ar leith á dhéanamh ag Jim Gavin

Idir a thréimhsí bainistíochta le Barcelona agus Bayern Munich, tá an tsraith buaite ag Pep Guardiola cúig huaire (tá an séú ceann ar an mbealach) agus Sraith na gCuradh buaite aige faoi dhó. San iomlán, tá 20 corn buaite aige mar bhainisteoir. É sin ráite, tá iad siúd ann atá fós in amhras faoi agus a gceapann gurb iad na himreoirí a bhí ar fáil aige ba mhó ba chúis le gaiscí Guardiola.

Tá beagán den rud céanna i gceist le cás Jim Gavin. Níl an cion céanna ag daoine air agus atá acu ar bhainisteoirí eile, go háirithe mar gheall ar an gcuma fhuarchúiseach a bhíonn ar Gavin aon uair a bhuann Baile Átha Cliath. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de ghaiscí Gavin áfach.

Agus é mar bhainisteoir na sinsear, tá 12 corn (ceithre shraith, ceithre chraobh Laighean, dhá Chraobh na hÉireann agus dhá chomórtas Chorn Uí Bhroin) buaite aige as 15 comórtas ar fad. Nuair a bhí sé i gceannas ar fhoireann Faoi-21 an chontae, bhuaigh sé Craobh Laighean trí huaire agus Craobh na hÉireann faoi dhó in imeacht ceithre bliana. Éacht ar leith.

An liathród ag Diarmuid Ó Conghaile
An liathród ag Diarmuid Connolly. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Drochthuar don chraobh atá le teacht

B’iad Ciarraí an fhoireann is giorra do Bhaile Átha Cliath an earrach seo ach fós bhí 11 pointe eatarthu i bPáirc an Chrócaigh inné. Fiú mura raibh Ciarraí chomh dona céanna agus a tugadh le fios ar chlár na scór, fós ní comhartha maith é don chraobh atá le teacht bearna chomh mór sin a bheith ann idir curaidh na hÉireann agus na foirne eile.

Níl tada feicthe againn ó na contaetha eile i gCúige Laighean a thabharfadh le fios nach mbuafaidh Baile Átha Cliath an chraobh sin gan mórán stró don séú bliain as a chéile. Tá an scéal amhalaidh i gCúige Mumhan, agus cé go gcuirfidh Corcaigh tástáil ar Chiarraí, beidh muid ag fanacht cúpla mí ar a laghad do chluiche d’ard chaighdeán. Fiú i gcúige Uladh, áit ina mbíonn coimhlintí géire ann beagnach chuile bhliain, ní bheidh aon chluiche ann idir na foirne a bheidh i Roinn 1 an bhliain seo chugainn go dtí lár mhí Mheithimh ar a luaithe.

Údar díoma a bhí i gcluiche an Domhnaigh mar choimhlint agus beidh muid ag fanacht tamall eile do chluiche idir dhá fhoireann a bhfuil mórán an caighdeán céanna bainte amach acu.

Imreoir Thír Eoghain, Seán Cavanagh.INPHO/Lorraine O'Sullivan
Seán Cavanagh. INPHO/Lorraine O’Sullivan

Níl rás Seán Cavanagh rite go fóill

D’adhmhaigh Seán Cavanagh an tseachtain seo caite go bhfuil gach seans ann gurb é seo an samhradh deireanach a bheidh aige i ngeansaí Thír Eoghain. Dá n-éireodh le foireann Mickey Harte Corn Mhig Uidhir a thabhairt leo, is cinnte, a deir Cavanagh, go dtiocfaidh deireadh lena sheal imeartha leis an gcontae.

Cé nach bhfuil sé ach 33 bliain d’aois, ualach cluichí imeartha aige ó thosaigh sé le foireann na sinsear ó 2002. Ba é cluiche an Domhnaigh an 220ú cluiche a d’imir sé dá chontae, 100 acu sa tsraith, ach thaispeáin sé ar an Domhnach go bhfuil speach go fóill ann.

Trí phointe a scóráil sé ón imirt in aghaidh an Chabháin, ceann breá ón gcliathán ina measc. Níl a rás rite go fóill, ná baol air, agus más féidir le h-imreoirí óga Thír Eoghain coinneáil leis an ndul chun cinn atá á dhéanamh, ní bheidh ar Cavanagh a bheith ag smaoineamh ar éirí as go ceann tamaill eile.

Fág freagra ar 'Seanóirí Chiarraí, éacht Jim Gavin agus na ceachtanna eile a bhí le foghlaim ó chluichí ceannais na sraithe'

  • Jamie Ó Tuama

    Níl aon chaint ar Mhaigh Eo i mbliana. Tá siad i bhfolach sa bhféar fada. Ní bheidh siad i bhfad uaidh ar thrí chúis. 1. Rochford 2. McEntee 3. EirGridU21