Seachain an mana ‘Is féidir linn’ sa Ghaeilge, mura ‘We can, yeah’ atá i gceist agat…

Is deacair aon mheabhair a bhaint as an nath ‘Is féidir linn’ in éagmais ceiste nó comhthéacs – agus níl sé gan locht sa chás sin féin...

Seachain an mana ‘Is féidir linn’ sa Ghaeilge, mura ‘We can, yeah’ atá i gceist agat…

Is minic sinn bodhraithe ag leaganacha mar ‘Sin é MO mhála’ sa Ghaeilge, seachas ‘Sin é mo mhálasa’ (seanlitriú: mo mhála-sa).

Nuair a chuirtear cúpla litir le deireadh focail sa Ghaeilge le béim nó treisiú a chur in iúl, ‘an iarmhír threise’ a thugtar air sin i ngramadach na teanga.

Faoi anáil an Bhéarla atá leas á bhaint as an nglór chun béim a chur in iúl sa leagan lochtach ‘Sin é MO mhála’, ach is féidir an glór a úsáid sa Ghaeilge chun béim a chur in iúl de réir an dúchais, beag beann ar an iarmhír threise.

Is minic gur le habairtí copaileacha a dhéantar amhlaidh, cé nach le habairtí den chineál sin amháin a tharlaíonn sé. Seo sampla den dá mhúnla – an chopail (faoi cheilt) agus an briathar – in éineacht: 

‘BÉARLA a chuala mé iad sin a labhairt’. ‘Ach níl aon Ghaeilge ACU’.

Ar an dara siolla a leagfar béim sa bhfocal ‘acu’ i gCúige Mumhan, ar an gcéad cheann sna cúigí eile – ach is ar an bhfocal ina iomláine a leagfar béim sna canúintí ar fad, agus is leis an nglór a dhéanfar amhlaidh.

‘Éist’ leis seo: ‘Bítear ag tabhairt amach nach raibh dóthain ionchuir ag muintir na Gaeltachta sa togra sin, ach go leor den dream a bhí ag plé leis, b’as an nGaeltacht IAD’.

Freagraíonn sé sin don Bhéarla ‘They were (actually) from the Gaeltacht’.

Sampla eile a chuala mé idir iníon agus máthair cúpla bliain ó shin in Iorras Aithneach – agus fágfaidh mé an comhrá díreach mar a bhí sé acu féin:

Iníon (fhásta): ‘Tá mé díreach a’ gabháil amach ag an line, a Mham, le éadaí a chrochadh air – ní bheidh mé i bhfad’.

Máthair (a bhfuil aire á tabhairt di): ‘Féadfaidh TÚ’. 

Leis an nglór a chuirtear béim in iúl anseo, agus freagra na máthar ag freagairt don Bhéarla ‘You can indeed’ nó ‘Work away’. 

Fágfaidh mé faoi shaineolaithe a rá cé acu an athrú chun feabhais nó a mhalairt é ‘Is féidir LEAT’ a bheith le cloisteáil ag aos óg na Gaeltachta sa lá inniu san áit a mbeadh ‘Féadfaidh TÚ’ ar a mbéal ag an seandream.

Ní chuige sin atáim ach é seo: ní nós leis an nGaeilge focal mar ‘leat’ a thabhairt slán sa bhfreagra ach amháin nuair a bhíonn béim á cur in iúl leis an nglór de réir an dúchais.

Mar seo a leanas a bhíonn dul na teanga i ngach cás eile, de ghnáth:

Cainteoir A: ‘An féidir leat é sin a dhéanamh anois, le do thoil?’

Cainteoir B: ‘Is féidir.’

Ní gá an forainm réamhfhoclach ‘liom’ a rá mar chuid den fhreagra ansin.

Uaireanta, imítear ón nós sin, ach sa chás sin féin, is ar an bhfocal féidir a chuirtear béim, agus ní ar an bhforainm réamhfhoclach. Mar seo a chuala mé ag beirt aneas:

Cainteoir 1: ‘Ach an féidir libh oibriú ar an dtalamh san i gcónaí?’

Cainteoir 2: ‘Ó is FÉIDIR linn!’

Cé go mbíonn correisceacht ann, más ea, is é dul na teanga gan an forainm réamhfhoclach – focal mar ‘liom’, ‘linn’ etc – a rá agus ceist á freagairt ag duine. 

Anois, an múinteoir scoile a bheadh ag iarraidh beagán spraoi a bheith aige agus a chuid daltaí a spreagadh lena gcuid buanna a thabhairt chun barra, b’fhéidir go ndéarfadh sé le teann diabhlaíochta leo: ‘Ní féidir libhse é sin a dhéanamh!’

An freagra? ‘Is féidir LINN!’, áit a leagtar béim ar an bhfocal ‘linn’ leis an nglór – de réir an dúchais. Tá sé seo ag freagairt, a bheag nó a mhór, don Bhéarla ‘We can!’, nó ‘Oh yes we can!’ – ní hionann é agus an comhrá a tharla idir cainteoir A agus cainteoir B thuas. 

Cé nach baileach mar a chéile iad, dá bhféadfá daoine a shamhlú ag tiomáint thart agus na focail ‘We can, yeah’ greamaithe d’fhuinneog an chairr acu, bheadh blaiseadh agat ar an méid atá i gceist leis an ráiteas uilíoch ‘Is féidir linn’, agus é ar sliobarna leis féin, beag beann ar cheist, ar chomhthéacs ná ar chóras béime an chainteora dúchais Gaeltachta.

Is dócha, ó tharla sinn a bheith faoi shrathair na hainnise faoi láthair, go mb’fhearr dom críoch dhearfach a chur ar an scéal agus gan seanfhear cantalach a dhéanamh díom féin.

Mar seo a leanas a thug file Corcaíoch Seán Ó Riada chun cuimhne sular sciob an bás uainn é i bhfad róluath:

‘‘Mairfimídne’ an focal deireanach a chuala uait’.

‘Mairfimid’ nó ‘tiocfaimid as’ a dhéanfaidh cúis, cé gur maith liom ceann Thuismitheoirí na Gaeltachta freisin: ‘Tiocfaimid slán’.

Agus tiocfaidh, le cúnamh Dé.

Fág freagra ar 'Seachain an mana ‘Is féidir linn’ sa Ghaeilge, mura ‘We can, yeah’ atá i gceist agat…'

  • Pat Butler

    Séard is brí le ‘You can, yeah’, i gCorcaigh ná ‘Ní féidir leat!’
    Ceann eile díobhsan a bhíodh forleathan fadó ná ‘I will, John!’, cuma céard is ainm duit.
    Déagóir – ‘An dtabharfaidh tú an carr dom anocht, a Dhaidí?’
    Athair – ‘I will, John!’