Scoláireacht nua le bronnadh ag ollscoil ar ealaíontóirí le Gaeilge

Tá sé fógartha ag Oireachtas na Gaeilge go bhfuil scoláireacht nua i dtaibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta á tairiscint acu don MA Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad

Scoláireacht nua le bronnadh ag ollscoil ar ealaíontóirí le Gaeilge

Tá scoláireacht i dtaibhealaíona na Gaeilge le bronnadh ag ollscoil den chéad uair agus súil ann glúin nua ceoltóirí, damhsóirí agus ealaíontóirí a spreagadh.

Tá sé fógartha ag Oireachtas na Gaeilge go bhfuil an scoláireacht nua i dtaibhealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta á tairiscint acu don MA Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad don bhliain acadúil seo chugainn 2022/23.

Bronnfar scoláireacht luach €3,000 ar mhac léinn a thugann faoin sruth nua MA Nua-Ghaeilge, Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge.

Deirtear gur clár é atá oiriúnach do réimsí éagsúla amhail an amhránaíocht, an ceol, an damhsa, an amharclannaíocht agus an scríbhneoireacht chruthaitheach,. 

Agus í ag trácht ar an tionscnamh nua seo, dúirt Tríona Ní Shíocháin, an tOllamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, go dtabharfaidh an tacaíocht nua seo deis do chleachtóirí Gaeilge atá ag teacht chun cinn “an t-am agus an spás a bheith acu iad féin a thumadh sa chleachtas ealaíonta agus sa chleachtas teanga araon”.

Dúirt Ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha, go gcuirfeadh an cúrsa leis an gcomhpháirtíocht atá ar bun cheana féin idir An tOireachtas agus Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

Le bheith incháilithe don scoláireacht seo, ní mór d’iarrthóirí cur isteach ar dtús ar an MA Nua-Ghaeilge (go lánaimseartha nó go páirt-aimseartha) faoin 15 Lúnasa 2022 agus ansin foirm iarratais na scoláireachta a líonadh as Gaeilge ar líne faoin 17 Lúnasa. 

Iarrtar ar iarrthóirí sampla dá gcleachtas cruthaitheach a chur isteach mar chuid den iarratas – i bhfoirm thaifeadta, físe nó scríofa,  de réir mar is fearr a oireann. Ceann de dhualgais na scoláireachta, go mbeadh an té ar a mbronnfar scoláireacht an Oireachtais ina (h)ambasadóir don sruth MA Nua-Ghaeilge Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Scoláireacht nua le bronnadh ag ollscoil ar ealaíontóirí le Gaeilge'