Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an iarbhunscoil ‘is mó feabhas’ sa stát

Tá dhá scoil lán-Ghaeilge i measc na ndeich scoil is mó a sholáthraíonn mic léinn don tríú leibhéal sa stát, de réir eolais atá foilsithe san Irish Times

Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an iarbhunscoil ‘is mó feabhas’ sa stát

Tá Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an iarbhunscoil is mó feabhas sa stát maidir le soláthar mac léinn d’institiúidí tríú leibhéal, de réir eolais atá foilsithe ar maidin san Irish Times.

De réir na bhfigiúirí a foilsíodh inniu, 97% de dhaltaí Ardteiste na scoile Gaeltachta a chuaigh ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal in 2018, i gcomparáid le 60% in 2012.

Nuair a chuirtear scoileanna príobháideacha as an áireamh tá dhá scoil lán-Ghaeilge i measc na ndeich scoil is mó a sholáthraíonn mic léinn don tríú leibhéal sa stát – Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath atá sa seachtú háit agus Coláiste na Coiribe sa Ghaillimh atá san ochtú háit. Tá Coláiste Eoin i mBaile Átha Cliath sa 11ú háit. Tá Coláiste Íosagáin sa dara háit sa stát maidir le líon na ndaltaí ar éirigh leo áit a bhaint amach ar chúrsaí a bhfuil ‘pointí’ arda ag baint 

Maidir leis na scoileanna is mó feabhas, tá Coláiste Daibhéid i Sráid an Mhuilinn i gCorcaigh sa cheathrú háit sa stát, tá Meánscoil Nua an Leith Triúigh san 1oú háit agus Coláiste Pobail Osraí i gCill Chainnigh sa 11ú háit sa Stát.

Cé nach bhfuil Colásite Íde sa Daingean áirithe ar phríomhliostaí náisiúnta an Irish Times, tá sé ar bharr an liosta do Chiarraí agus é i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn don tríú leibhéal sa stát.

Níor chuir an Irish Times san áireamh ar a liostaí náisiúnta scoileanna inar dhein níos lú ná 20 duine an Ardteist i mbliana nó scoileanna inar tháinig laghdú 15% nó níos mó ar líon na ndaltaí a dhein an Ardteist in 2018 i gcomparáid le 2017.

Ar na scoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil ar na liostaí náisiúnta ach a bheadh i measc na scoileanna is mó sa stát a sholáthraíonn mic léinn don tríú leibhéal, Laurel Hill Coláiste FCJ atá ar an gcéad áit ar liosta Luimnigh.

Bíonn roinnt conspóide i gcónaí faoi liostaí seo na scoileanna ‘feeder’ nó freastail. Maíonn go leor saineolaithe nach dtugann na liostaí léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir agus an dearcadh a léirítear iontu ar cad is oideachas ann.

Fág freagra ar 'Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an iarbhunscoil ‘is mó feabhas’ sa stát'

  • An Maisín Murdair

    Is gné an-diúltach de chultúir meánaicmeach na 26 condae atá sna táblaí seo.
    Cad mar gheall ar Smaointeoireacht Chruthaitheach a chothú seachas freagraí réamhullmhaithe a fhoghlaim de ghlanmheabhair agus iad a atchúrsáil le linn scrúduithe?
    Cé go bhfuil ardmheas ar torthaí scrúduithe is beag meas atá ar fíor-oideachas ag an meán-aicme sna 26 condae.